Oíche stairiúil don Ghaeilge a bhí san oíche aréir, agus aird na tíre dírithe ar TG4 do dhíospóireacht na gCeannairí agus é á chraoladh i nGaeilge. Ba é seo an chead uair a tharla a leithéid de dhíospóireacht trí Ghaeilge roimh Olltoghchán ó bunaíodh an Stát. Thaisteal ceannairí Fhine Gael, an Lucht Oibre agus Fhianna Fáil, Enda Kenny, Éamon Gilmore agus Micheál Martiin chuig ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe inné chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht.
↧