Tá an fhéile idirnáisiúnta seo ar an fhód ó 1971 agus tá sé ar ceann de na príomh fhéilte litríochta sa tíre agus é ag dul ó neart go neart le blianta anuas.
Ar an Aoine 1 Meitheamh beidh oíche mhór Gaeilge ar siúl le ‘Blas na Gaeilge’ sa Plaza Centrear an mbaile áit a ndeanfar ceiliúradh ar an nGaeilge le scríbhneoir áitiúil ar nós Seamus Barra Ó Súilleabháin, Gabriel Fitzmaurice agus ina gcuideachta beidh an file agus an scríbhneoir iomráiteach Rody Gorman a rugadh i mBaile Átha Cliath ach tá sé ag cur faoi le tamall anuas ar an Eilean Sgìtheanach.
I dteannta Rody beidh an file, scríbhneoir agus ealaíontóir Catríona Lexy Campbell as Albain agus beidh sise ag léamh as a bailiúchán Gàidhlig ar an oíche, beidh neart ceoil le cloisteáil ina measc.
Beidh an file aitheanta Áine Ní Ghlinn i mbun ceardlainne i nGaelscoil Lios Tuathail thar an deireadh seachtaine agus beidh an fear grinn Des Bishop faoi agallamh ag Billy Keane, mac le John B Keane.
Mar chuid d’imeachtaí na féile beidh seoladh leabhair, taispeántas ealaíona, scanann, sárthaispeántas, comórtais scéalaíocht chomh maith le léamh filíochta.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna himeachtaí seo a leanas:
Féile Scríbhneoiri Átha Cliath 2012
Ceardlann Scríbhneoireachta agus Tionól na Mumhan
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #feile