Chothaigh feachtas an chláir nua de chuid an dornálaithe chlúitigh Bernard Dunne, ‘Bród Club’, neart cainte le déanaí agus cuireadh tús leis aréir, 5 Márta. Is í an aidhm atá ag Bernard Dunne leis an gclár seo a leanfaidh ar feadh sé seachtaine ná réabhlóid a thosú le 100,000 duine breise a chur ag labhairt Gaeilge. Cinnte beidh dúshlán mór roimh Dunne sna seachtainí romhainn agus é ag triail modhanna éagsúla le daoine a spreagadh agus dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chur chun cinn.Beidh Bernard Dunne mar aoichainteoir ar an gclár Eleve8 do dhaoine óga ar 6 Márta agus beidh an phearsa teilifíse Eoghan Mac Diarmada ar an gclár céanna ar 8 Márta ag caint ar imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Beidh an Ghaeilge mar ábhar cainte ar cláir theilifíse eile do dhaoine óga ar nós TwoTube, Juice, Hubble agus RTÉjr.Fiú gan trácht ar Raidió na Gaeltachta, beidh idir léamh filíochta agus léirmheasanna ar litríocht na Gaeilge le cloisteáil ar chláir éagsúla ar Radio 1, ‘The Book on One’ agus ‘Sunday Miscellany’ ina measc.Beidh Aifreann Lá ‘Le Pádraig á chraoladh beo ar RTÉ One agus le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta ó 11.02 – 11.45am ar 17 Márta 2012.©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Márta 2012.Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #snag
↧