An uair seo beifear ag triall ar Thír Chonaill, Tír Eoghain, Doire, Aontroim, Ard Mhaca, Muineachán, Baile Shláine, Rath Tó agus ar Ghaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí, ar Bhaile Átha Cliath, Co. Chill Dara, Co. Cheatharlach, Co. Laoise, Co. Thiobraid Árainn, Co. Luimnigh, Co. an Chláir, Co. na Gaillimhe agus ar na hOileáin Árainn. Mairfidh ollrith na bliana seo ar feadh tréimhse deich lá agus beidh na mílte ag glacadh páirte sna himeachtaí i ngach Cúige den tír ón 8-17 Márta 2012.Ar an mbealach beidh peileadóirí contae agus imreoirí ó na clubanna áitiúla ag teacht amach chun rith ar son na Gaeilge agus anuas air seo beidh pearsa Sheachtain na Gaeilge, Eoghan Mac Diarmada amuigh ar na sráideanna agus ag spreagadh na rannpháirtithe i mBéal Feirste agus in Ard Mhacha.Beidh an Cabaret Craiceáilte, oíche mhór ceoil thraidisiúnta, rac-ceoil agus neart ceoil eile á reáchtáil i mbaile Mhuineacháin mar chuid d’imeacht Rith na bliana seo agus ar an Luan, 12 Márta beidh Rith i gCo. Átha Cliath áit a mbeidh deis iontach ag daoine fásta rith ó Coláiste Íosagáin/Coláiste Eoin chomh fada le Dún Laoghaire agus is féidir le daoine páirt a ghlacadh i rith éasca nó beagán níos faide le rogha idir aon, cúig nó ocht chiliméadar a rith.Arís i mbliana tá Rith ag nascadh leis na scoileanna i ngach contae agus thug foireann Rith cuairt ar scoileanna timpeall na tíre le cúpla mí anuas agus dá bharr seo beidh deis bhreá ag scoileanna mórthimpeall na tíre páirt a ghlacadh sna himeachtaí ina gceantar áitiúil. Tá pacáistí eolais ar fáil do gach scoil mar aon le hacmhainní agus comórtais ar shuíomh Rith 2012.Ar ndóigh beidh teachtaireacht an-tábhachtach ó Uachtarán na tíre Micheál D. Ó hUigín laistigh den bhaitín i mbliana ach caithimid fanacht go dtí Lá Fhéile Pádraig chun a fháil amach céard atá sé chun a rá aige le muintir na tíre nuair a dhéanfar an teachtaireacht a léamh amach i gCill Ronáin, Inis mór, Oileán Árann áit a gcuirfear clabhsúr spleodrach le Rith 2012Tá gach eolas maidir leis na ceantair a mbeidh Rith ag triall orthu ar fáil ar: www.rith.ie©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Márta 2012.Lean an scéal seo agus @Gaelort ar Twitter:#gaeilge #rith #snag
↧