I dteannta leis na céadta imeachtaí a bheidh ag titim amach in Éirinn, beidh Seachtain na Gaeilge 2012 á cheiliúradh ar fud an domhain.Tá deireadh seachtaine den chéad scoth eagraithe ag The London Irish Centre do dheireadh seachtaine Fhéile Pádraig. I dteannta leis an bparáid bhliantúil beidh céilithe, seisiúin scéalaíochta, béilí gaelacha agus Féile Ghlór na nGael, ceiliúradh na dteangacha gaelacha i gceol an domhain. Beidh ceardlann amhránaíochta á reáchtáil ag Gráinne Holland ag an bhféile agus beidh Feilimí O’ Connor i láthair freisin. Tá gach eolas ar na himeachtaí i Londain ar fáil ag: www.londonirishcentre.org.Seolfar Seachtain na Gaeilge Beilge sa Bhruiséil ar 6 Márta áit a mbeidh Amhráin, Rince agus Ceol do Leanaí ar siúl. Leanfaidh na himeachtaí ar feadh na seachtaine le hAifrinn, Ciorcail Chomhrá agus ceolchoirm le Liam Ó Maonlaí. Titfidh Mórshiúl Là ‘le Pádraig na Bruiséile 2012 amach ar 11 Márta ag a mbeidh ceiliúradh agus cuimhneacháin á dhéanamh ar an gcaidreamh idir Éirinn agus An Bheilg.Beidh Lá Gaelach ar siúl in Ollscoil Brest sa Bhriotáin ar 14 Márta agus leanfaidh An Ghaeilge ag an gcéilí ar an 16 Márta.Beidh imeachtaí ar siúl ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn na Féile le hAifrinn Gaelacha agus feiseanna scannánaíochta ar siúl in California, San Francisco agus New Jersey.Agus leanfaidh an ceiliúradh níos faide fós le scoth an amchláir i gCeanada. Beidh Ontario mar lár-ionad na Féile ina mbeidh cúrsaí Gaeilge, dinnéir, tráth na gceist, rince agus Aifrinn ar siúl i measc go leor leor imeachtaí eile. Beidh Mórshiúil Lá Fhéile Pádraig, buaicphointe na féile atá eagraithe ag Cumann na Gaeltachta, ar siúl ar 17 Márta. Tá gach eolas maidir leis na himeachtaí seo agus an t-uafás eile ar fáil ag www.snag.ie© Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #Gaeilge #SnaG
↧