D'eisigh Liam Ó Maolmhichíl Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge ráiteas tráthnóna ag soiléiriú meon an Fhorais i leith phosasaí Fhine Gael maidir leis an nGaeilge. Tá athbhreithniú ar an churaclam ag teastáil dar leis ach os a choinne sin, mholfadh an Foras go tréan nach ndéanfaí aon bheart bonnathraitheach ar nós an Ghaeilge a bhaint de liosta na n-ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht.
↧