Tá dhá phríomhaidhm leis an mBille: sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar ról agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.Is í seo an chéim is déanaí atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus beidh impleachtaí móra ann do mhuintir na Gaeltachta agus ar an tuiscint atá againn go léir ar cheantair Ghaeltachta.Thug an tAire Stáit Dinny McGinley TD le fios inné go mbeidh an sainmhíniú bunaithe ar chritéir theangeolaíochta seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo. Níor tháinig aon athrú suntasach ar an sainmhíniú ar na ceantair Ghaeltachta ó na 1950í agus sa bhliain 2002 mhol Coimisiún na Gaeltachta gur cheart limistéir na Gaeltachta a athstruchtúrú.Ina dhiaidh sin, mhol an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007) gur cheart trí limistéir a leagadh amach bunaithe ar chritéir theangeolaíoch. Tugadh le fios sa staidéar sin go raibh trí chineál pobal teanga faoi leith laistigh de na limistéir reachtúla Ghaeltachta: Limistéir Ghaeltachta Chatagóir A a chuimsíonn na toghranna a bhfuil breis is 67% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge; Limistéir Ghaeltachta Chatagóir B a chuimsíonn na toghranna a bhfuil idir 44%–66% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus limistéir Ghaeltachta Chatagóir C a chuimsíonn na toghranna a bhfuil faoi bhun 44% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.Tiocfaidh athrú ar an tuiscint atá againn ar an nGaeltacht lasmuigh de na ceantair thraidisiúnta chomh maith. Leagtar amach sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge go mbeidh deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair thraidisiúnta Ghaeltachta aitheantas Gaeltachta a bhaint amach faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu chomh maith. Déanfar foráil reachtúil do ‘Gaeltacht gréasáin’, a bheidh lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann faoi láthair. Is ceantair iad seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh cnap bunúsach criticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge; agus déanfar foráil reachtúil do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, i.e. bailte ina gcuirfear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta.Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Dinny McGinley TD gur chuir sé fáilte roimh chinneadh an Rialtais. “Is reachtaíocht thábhachtach í seo a chuirfidh ar chumas mo Roinne na céimeanna cuí a thógáil chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus a thabharfaidh feidhm reachtúil d'Údarás na Gaeltachta maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht”, a dúirt sé.Tá athruithe móra i ndán do Údarás na Gaeltachta chomh maith. Déanfar leasuithe ar fheidhmeanna áirithe de chuid Údarás na Gaeltachta ach is cinnte go mbeidh próiseas ceapacháin bhord an Údaráis go mór ina chnámh spairne mar tiocfaidh deireadh le toghcháin do bhord an Údaráis agus ar an líon comhalta atá tofa ar bhord an Údaráis. © Foilsithe ar Gaelport.com 08 Feabhra 2012.
↧