Ar an 10 Deireadh Fómhair ag ócáid mhór i Músaem Frank McCourt i gcathair Luimnigh rinne An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Deenihan, T.D. an leagan Gaeilge don leabhar seo a sheoladh go hoifigiúil agus i lár na míosa seo caite bhí plé agus cur síos ar an leabhar ag ócáid mhór i Lárionad Éireannach Nua-Eabhrac.
Ba iad Ionad na Scríbhneoirí i gcathair Luimnigh a d’fhoilsigh an leabhar seo i Luimneach agus cé go bhfuil an leabhar seo ar fáil i bhfiche cúig teanga ar fud na cruinne faoi dheireadh tá lúcháir orthu agus iad ag ceiliúradh an leagain nua-fhoilsithe Luaithreach Angela, Angela’s Ashes leis an scríbhneoir clúiteach Frank McCourt atá aistrithe go Gaeilge anois ag an scríbhneoir cumasach Pádraic Breathnach.
Seoladh an leabhar Angela’s Ashes ar dtús sa bhliain 1996. Seo leabhar iontach a bhfuil ardmholadh faighte aige ó na léirmheastóirí agus bhain an leabhar gradam domhanda amach agus cúpla bliain ina dhiaidh sin rinneadh scannán as.
Rugadh Frank McCourt i Brooklyn i Nua-Eabhrac sa bhliain 1930, Is scéal gruama, dorcha, tragóideach, fuar é seo a chuireann síos ar a shaol agus an bochtaineacht agus é ina stócach óg ag fás anois i gcathair Luimnigh. Leis an leagan Gaeilge den leabhar áirithe seo déanann Pádraic Breathneach aistriúchán iontach chun nach gcaileann an léitheoir amach ar aon ní den scéal mar a bhí sé sa Bhéarla.
Ceist na seachtaine seo:
Cá rugadh Frank McCourt?
• San Francisco
• Londain
• Luimneach
• Nua-Eabhrac
Seol freagraí agus ainm chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae Déardaoin, 19 Eanáir 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Mary Finn as Co. Chorcaí a bhuaigh duais mhór na Nollag, deireadh seachtaine soar in aisce in Óstán an Seven Oaks le linn Féile Phan Cheilteach i gCeatharlach i mí Aibreáin 2012.
©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Eanáir 2012.
↧