Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tús Curtha le Próiseas Comhairliúcháin don tSamhail Nua Mhaoinithe

$
0
0

Mairfidh an próiseas comhairliúcháin poiblí dhá sheachtain déag, agus tabharfar deis don phobal agus d’eagrais Ghaeilge a dtuairimí a nochtadh i dtaobh na samhla maoinithe iomaíoch nua atá beartaithe le teacht i bhfeidhm in ionad na samhla bunmhaoinithe reatha.  Thug an Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) treoir d’Fhoras na Gaeilge chun tabhairt faoin gcomhairliúcháin poiblí 12 seachtain seo tar éis gur chuir An Fóram (grúpa atá ionadaíoch ar 80% de na heagrais Ghaeilge atá a mbunmhaoiniú faoi láthair ag Foras na Gaeilge) in iúl don CATT nach moltaí chun feabhais iad na moltaí atá á gcur chun cinn, agus go mbeidh mar thoradh orthu, go ndéanfar dochar suntasach, doleasaithe do ghluaiseacht na Gaeilge agus go laghdófar go mór ar a cumas freastal ar riachtanais chur chun cinn na Gaeilge thuaidh agus theas sna blianta atá le teacht. Is punann scéimeanna atá i gceist leis an tsamhail nua mhaoinithe. Mar chuid den tSamhail, bheadh iarratasóirí á maoiniú, bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal luaite sa scéim, is é sin na costais incháilithe agus cheadaithe, seachas bunaithe ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil mar a bhí go dtí seo.  De réir ionadaithe an Fhóraim, bhí an próiseas a bhain le forbairt an pholasaí seo fabhtach amach is amach toisc gur sháraigh sé gach prionsabal dea-chleachtais agus próiseas cuí maidir le forbairt polasaí.  Ní hamháin go ndeir siad nach raibh trédhearcacht ar bith ann ach go deimhin gur coinníodh cáipéisíocht ábhartha faoi cheilt gan aon chúis mhaith. Tá curtha in iúl ag na heagraíochtaí bunmhaoinithe gó rímhinic roimhe seo nach moladh chun feabhais é punann scéimeanna iomaíoch, agus go bhfuil an baol ann go scriosfadh a leithéid de shamhail an t-infreastruchtúr tacúil don teanga atá tógtha thar blianta fada, agus go gcaillfí leis sin na sainscileanna agus an saintaithí atá cheana féin ar fáil laistigh d’earnáil na Gaeilge.  I ráiteas ó Airí na CATT a eisíodh inné, moladh do gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge breithniú ar conas ar féidir leo cur go dearfach leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí, chun a chinntiú go gcuirtear riachtanais agus tuairimí an phobail agus, go háirithe, iad siúd a mbeidh tionchar ag an maoiniú orthu, san áireamh agus polasaithe rialtais á gceapadh. Deir Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, go bhfuil an Chomhdháil “ag éileamh ó thús an phróisis, chomh fada siar le 2008, go dtabharfaidh Foras na Gaeilge faoi ráiteas tionchair a ullmhú a bheidh bunaithe ar anailís riosca a bheith curtha i gcrích.”  Dar le Mac Criostail “nach fios cén drochthionchar ar fhorfheidhmiú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas, maraon le cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne sa dá dhlinse thuaidh agus theas, a bheadh mar thoradh an mhórmheasúnaithe gan anailís riosca den chineál sin.”   Tá go dtí 02 Aibreán 2012 ag an bpobal a dtuairimí a nochtadh faoin tSamhail Nua Mhaoinithe. Tionólfar sraith d’imeachtaí timpeall na tíre leis an gcomhairliúchán a éascú, ar a laghad imeacht amháin i ngach cúige.  Is féidir an doiciméad comhairliúcháin a íoslódáil ón nasc seo: Doicimead Comhairliuchain Eanair 2012.doc © Gaelport.com 10 Eanáir 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>