Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Roghnaigh an Ghaeilge mar dhea-rún na hAthbhliana 2012

$
0
0

Idir chiorcail chomhrá agus ranganna Gaeilge,  tá rogha leathan ar fáil ar fud na tíre do dhaoine idir óg agus aosta,  agus dóibh siúd le cúpla focal nó iad siúd atá líofa ach ar mhaith leo cleachtadh a fháil.  Arís i mbliana beidh ranganna á dtairiscint atá oiriúnach do Theastas Eorpach na Gaeilge, is é sin gur féidir cáilíocht a bhaint amach sa Ghaeilge gan freastal ar Ollscoil nó ar institiúid tríú leibhéal is cuma cén áit sa tír ina bhfuil tú. Cuireann Gaelchultúr ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta ag sé leibhéal, trí huaire sa bhliain in ionaid éagsúla timpeall na tíre -  ina measc tá Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Corcaigh, Luimneach, Sligeach agus An Muileann gCearr i gCo. na hIarmhí. Anuas air seo, cuireann Gaelchultúr Dianchúrsa ullmhúcháin ar fáil d’agallaimh do Dhioplóma Iarchéime san Oideachas agus Dianchúrsa ullmhúcháin i gcruinneas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Cuireann Gael Linn rogha de ranganna ar fáil freisin d’fhoghlaimeoirí fásta, ó bhunranganna go hardranganna i mBaile Átha Cliath mar aon le cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta i nGaeltacht Ghaoth Dobhair agus cúrsa deireadh seachtaine i Ráth Chairn.  Cuireann Gael Linn neart cúrsaí éagsúla ar siúl do dhaoine óga idir chúrsaí do dhaltaí scoile a bheidh ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht mar aon le gearrchúrsaí cumarsáide agus Coláistí Samhraidh. Tá rogha úr ranganna Gaeilge ag gach leibhéal ar fáil ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh agus iad ag tosú ar an Luan 23 Eanáir 2012.  Beidh neart ranganna á reáchtáil i gCeannáras an Chonartha i Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath 2 ar an Máirt, 24 Eanáir 2012. Rang dhá uair an chloig oíche amháin in aghaidh na seachtaine atá i gceist agus tá rogha idir 9 leibhéal éagsúla ar fáil. Bíonn neart ranganna eile á reáchtáil ag craobhacha Chonradh na Gaeilge ó cheann ceann na tíre ina measc bíonn cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Craobh Chaiseal Mumhan i gCo. Thiobraid Árann agus eagraíonn An Clár as Gaeilge ranganna agus Ciorcal Comhrá go rialta. Beidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí ag reáchtáil réimse iontach de chúrsaí Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i rith na bliana idir Chúrsaí Cruinnis, Ghearrchúrsaí sa Ghaeilge Labhartha, agus ag nascadh na Gaeilge le filíocht agus ealaín. Cuirfear tús leis na ranganna i mí Feabhra 2012. Ag fanacht i gcúige Mumhan cuirfidh Gael Taca atá lonnaithe i bPort Uí Shúilleabháin i gCathair Chorcaí tús lena gcuid ranganna ar 23 Eanáir. Ag bogadh ó thuaidh chomh fada le cúige Uladh beidh ranganna Gaeilge ar siúl i gceantar na hÓmaí faoi láthair. Tá neart eolais maidir leis na himeachtaí ar an Ómaigh ar fáil ó Kevin Goodwin ag 0044 (0)28 8225 6220. I gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire cuireadh tús le cúrsa Gaeilge d’fhoghlaimeoirí  tráthnóna inné agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí mí an Mheithimh agus i gCultúrlann McAdam Ó Fiach i mBéal Feirste cuirfear tús le ranganna Gaeilge, idir chomhrá is bhunranganna, an tseachtain seo chugainn.  Ag fanacht i mBéal Feirste beidh ranganna á reáchtáil sa Droichead i mBéal Feirste arís an tEarrach seo. Dóibh siúd ar mhian leo aghaidh a thabhairt ar Dhún na nGall cuireann Oideas Gael oiliúint ar fáil i nGleann Cholm Cille trí réimsí leathan de chúrsaí a bhíonn ceangailte leis an timpeallacht agus le cultúr na háite -  siúlóidí sléibhe, ceol agus siamsaíocht.  Ní hé amháin go mbíonn fáil ar na céadta ranganna Gaeilge sa tír seo ach bíonn fáil orthu thar lear chomh maith. Tá an-tóir ar an nGaeilge i gcathracha amhail Londain áit a mbíonn an The London Irish Centre i gCearnóg Camden ag reáchtáil ranganna Gaeilge i rith na bliana. Anuas air sin bíonn an-deis ag daoine bualadh le chéile agus a gcuid Gaeilge a labhairt ag ócáidí san Irish Centre i Hammersmith agus thall i Manchain agus ní aon eisceacht é Sasana, tá ionaid agus clubanna Éireannacha a chuireann ranganna ar fáil ar fud na Stát Aontaithe, Cheanada agus ar fud na hEorpa chomh maith. Ag cur leis seo, tá feachtas á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge le cúpla bliain anuas dar teideal ‘Is leor Beirt’ agus tugann sé seo deis do dhaoine bualadh le chéile i gcaife nó in ionaid éagsúla timpeall na tíre agus thar lear. Tá tuilleadh cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí ar ábhar eile ach a mhúintear trí mheán na Gaeilge ar fáil ar http://www.gaelport.com/cursai. ©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Eanáir 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>