Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Lítir ón bhFóram chuig Airí na CATT

$
0
0

A Aire, a chara,   Scríobh mé chugat i mí na Samhna, ag cur bhuíochas eagraíochtaí an Fhóraim in iúl duit, as ucht an gcinneadh a ghlac an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas faoi thréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain maidir le maoiniú na hearnála deonaí Gaeilge.   Tá céimeanna glactha ag Foras na Gaeilge idir an dá linn, áfach, atá tar éis an phróisis chomhairliúcháin úr a chur ó mhaith:   -          Leagtar amach sa doiciméad comhairliúcháin gur faoi “ábhar na ndréachtscéimeanna” amháin atá an comhairliúchán, rud a dí-spreagann ionchur dáiríre ón bpobal faoi roghanna eile ó thaobh mhaoiniú na hearnála.  Sa doiciméad comhairliúcháin ní thugtar deis don lucht freagartha aon tuairim a léiriú ach tuairim a thacaíonn leis an tsamhail iomaíoch ar bhonn 8 scéimeanna, ar feadh tréimhsí de thrí bliana.   -          Bíodh is gur thug an CATT treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i gcomhairle “go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe”, níl leorbhéim sa phróiseas comhairliúcháin ar thuairimí na n-eagras, agus níl aon struchtúr leagtha síos ag an bhForas chun comhphlé a éascú idir iad agus na heagraíochtaí bunmhaoinithe.   -          Tá doiciméad comhairliúcháin dátheangach eisithe ag Foras na Gaeilge, de 108 leathanach.  Cuireann dlús an doiciméid seo dúshlán nach beag roimh an bpobal tabhairt faoin gceistneoir a fhreagairt. Cé go bhfuil cruinnithe poiblí agus grúpaí fócais le bheith ann, fós féin, is ar aighneachtaí is mó a bhíonn próiseas mar seo ag brath agus níl an ceistneoir áisiúil don ghnáthdhuine, i gceachtar den dá theanga.   -          Tá béim á leagan ag Foras na Gaeilge ar thuairimí an phobail a bhailiú i bhfoirm ceistneoirí líonta amháin.  Ba mhaith linn go soiléireofaí don phobal go bhfáilteofar roimh aighneachtaí scríofa mar chuid lárnach den phróiseas.   -          Lorg na heagrais go bhfostófaí comhairleoir neamhspleách sa Bhainistíocht um Athruithe, chun plé leis an 15 eagraíocht bhunmhaoinithe atá faoi scáth an Fhóraim d’fhonn teacht ar shamhail nua mhaoinithe a bheadh chun leasa na Gaeilge, ach dhiúltaigh Foras na Gaeilge don iarratas sin.     De bharr na gceisteanna  a leagtar amach thuas, tá oiread éiginnteachta i measc na n-eagras agus i measc an phobail i gcoitinne maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin reatha agus go bhfuil fiúntas an phróisis go mór i mbaol.    Mar a mhínigh muid le déanaí, tá eagraíochtaí an Fhóraim céad faoin gcéad tiomnaithe do bheith ag saothrú ar mhaithe le struchtúir a mbeidh breis éifeachta agus éifeachtúlachta ag baint leo.    Iarraimid ort a chinntiú go nglacfar gach céim chuí le go mbeidh an próiseas comhairliúcháin reatha ar mhaoiniú na hearnála deonaí Gaeilge iomlán inrochtana don phobal, agus go gcuirfear struchtúr comhphlé ar bun idir Foras na Gaeilge agus na heagrais bhunmhaoinithe ionas go dtabharfaí saineolas na hearnála féin san áireamh sa phróiseas.     Is mise le meas, Kevin De Barra Rúnaí an Fhóraim Is féidir na litreacha iomlána chuig na hAirí a íoslódáil thíos. 10.02.12 Litir ón bhFóram chuig an Aire Carál Ní Chuilín MLA.pdf 10.02.12 Litir ón bhFóram chuig an Aire Jimmy Deenihan TD.pdf 10.02.12 Litir ón bhFóram chuig an Aire Stáit Dinny McGinley TD.pdf Foilsithe ar Gaelport.com 10.02.12

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>