Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Bille Gaeltachta á rith go tapa tríd an Seanad

$
0
0

Ba léir go bhfuil deifir ar an Rialtas Bille na Gaeltachta 2012 a foilsíodh Dé Máirt 20 Meitheamh a chur trí Thithe an Oireachtais. 

Léirigh Seanadóirí ó gach taobh den Teach a míshástacht nach raibh dóthain ama á thabhairt chun an chéad  Bhille Gaeltachta ó 1956 a phlé sa Seanad.

“Bille tábhachtach é seo a bhaineann le todhchaí na Gaeltachta atá ag teacht os comhair an Tí,” a deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin. Dúirt nach raibh sé ‘inghlactha’ go mbeidh gach rud socraithe i dtaobh an Bhille sa Seanad an tseachtain seo chugainn.  Thacaigh an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ó Fhianna Fáil leis an Seanadóir Ó Clochartaigh nuair a dúirt sé go raibh eagrais Ghaeilge agus eagrais Ghaeltachta ag easaontú leis an tréimhse ama atá an Rialtas ag tabhairt don Bhille chun dul trí na céimeanna cuí i dTithe an Oireachtais

Údarás na Gaeltachta

Tá sé i gceist ag an mBille Gaeltachta nua deireadh a chur le Toghchán Bhoird an Údaráis agus tiocfaidh laghdú ar líon na gcomhaltaí ar an mBord ón scór comhaltaí atá ann faoi láthair go dtí dáréag.  Ainmneoidh an tAire Cathaoirleach an Bhoird mar aon le seisear comhalta eile. 

Tabharfar deis do Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Chiarraí comhalta a cheapadh nó ionadaí eile a cheapadh sa chás nach bhfuil comhalta oiriúnach ar fáil. Roinnfear ainmniúcháin amháin idir Gaeltacht na Mí, Chorcaí agus Phort Láirge ar bhonn timthriallach gach dhá bhliain. 

Dúirt an Seanadóir Ó Domhnaill go raibh an bille ag dul in ‘éadan an daonlathais’ agus go mbeidh ‘guth mhuintir na Gaeltachta caillte’ gan toghchán. Léirigh an Seanadóir Ó Domhnaill agus an Seanadóir Ó Clochartaigh imní faoin tionchar a bheidh ag cibé Rialtas atá i gcumhacht agus iad ag ainmniú seachtar ar Bhord an Údaráis. 

Mhol an Seanadóir Cáit Keane, Fine Gael, go mbunófaí córas cosúil leis an gcóras atá leagtha amach do cheapadh Bhord TG4  le go bhféadfadh Comhchoiste Oireachtais comhairle a chur ar an Aire maidir le baill oiriúnach don Bhord.

Ag freagairt don Seanad Déardaoin, chuir an tAire Gaeltachta, Dinny McGinley, T.D.,  in iúl faoin mbille úr go mbeadh ar ghnáthchomhalta a cheapfadh an tAire ar Bhord  Údaráis na Gaeltachta iarratas a dhéanamh trí www.publicjobs.ie.

Pleanáil Teanga

D’fháiltigh an Seanadóir Fiach Mac Conghaíl roimh ‘spiorad an Bhille’ toisc é a bheith bunaithe ar choincheap na pleanála teanga. Thug an tAire Stáit Dinny McGinley, T.D., le fios go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo.

Dúirt an tAire Stáit go dtabharfadh an Bille deis do mhuintir na Gaeltachta a bplean teanga féin a ullmhú dá gceantar féin agus sin a chur i bhfeidhm. Faoin mBille, iarrfar ar eagraíochtaí atá lonnaithe i Limistéar Pleanála Gaeltachta iarratas a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta chun páirt a ghlacadh sa phróiseas agus plean teanga a ullmhú. 

Sa phlean sin déanfar cur síos ar na socruithe a bheidh ann maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, agus tráchtála de réir critéir pleanála teanga.  Tabharfaidh an tÚdarás cúnamh d’eagraíochtaí atá ag cur pleananna le chéile ach is é an tAire a cheadóidh na pleananna le hordú. 

Ina dhiaidh sin, beidh sé de dhualgas ar an Roinn athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá bainte amach faoin bplean teanga. Dúirt an Seanadóir Brian Ó Domhnaill go mbeidh ‘dúshlán’ ar choistí áitiúla pleananna teanga a ullmhú gan tacaíocht airgeadais chuí a bheith ar fáil dóibh.

Léirigh Seanadóirí éagsúla imní nach raibh aird shuntasach á tabhairt ar an gcatagóiriú A, B agus C  a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus na Limistéir Pleanála Gaeltachta á mbeartú ag an Rialtas agus moladh mionscagadh a dhéanamh ar an Staidéar sin sula léifear an Bille Gaeltachta.

Freagraí an Aire Stáit

I ndiaidh dó éisteacht leis na Seanadóirí thug an tAire McGinley, T.D., freagraí paiseanta ar cheisteanna na Seanadóirí.  Dúirt sé go bhfuil an Stát tar éis 10 mbliana a chaitheamh ag plé an Bhille Gaeltachta – idir fhoilsiú an Staidéir Chuimsithigh Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge chomh maith le plé leathan ar chúrsaí Gaeltachta i dTithe an Oireachtais.

Rinne sé tagairt dá chúlra Gaeltachta féin agus dúirt go bhfuil sé ag moladh an Bhille le go mbeidh todhchaí dhearfach ann do na ceantair Ghaeltachta fud fad na tíre. Dúirt se go bhfuil an Bille seo ag bronnadh ról ceannasaíochta ar mhuintir na Gaeltachta agus ag tabhairt deise dóibh ról a imirt i dtodhchaí a gceantar féin.

Is léir go mbeidh jab deacair ag an Rialtas tacaíocht an fhreasúra a fháil ar an mBille Gaeltachta 2012. Tá soiléiriú fós de dhíth orthu maidir leis an gcineál tacaíochta a bheidh á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chomh maith leis na hacmhainní fisiceacha agus airgeadais a bheidh ar fáil do mhuintir na Gaeltachta chun a gcuid pleananna teanga a riar.

Pléifear an Bille Gaeltachta sa Seanad Déardaoin 28 Meitheamh sula dtéann sé ar aghaidh chuig céim na Tuarascála roimh an bplé deiridh sa Seanad agus sula dtosófar á phlé i nDáil Éireann.

Foilsithe ar Gaelport.com - 26 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ar Athló: Plé ag Leibhéal an Choiste ar an mBille Gaeltachta

As na Nuachtáin - Ó Domhnaill slams ‘anti-democratic’ Gaeltacht Bill

As na Nuachtáin - Gaeltacht Bill to trigger status change

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>