Tá Seanadóirí áirithe míshásta leis an mBille Gaeltachta agus dar leis an Seanadóir Seán Barrett, tá sé ar an mBille ‘is neamh-ullmhaithe agus is fabhtaí a tháinig os comhair an tSeanaid le fada an lá’.
Pléadh Bille na Gaeltachta 2012 ag leibhéal an chomhchoiste sa Seanad 4 Iúil agus 5 Iúil agus léirigh Seanadóirí ó gach taobh den Teach imní do thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht dá n-achtófaí an Bille mar atá sé.
Níor glacadh le hoiread agus leasú amháin a mhol an Seanad tar éis beagnach ocht huaire an chloig de phlé.
Pléadh deich faoin gcéad de na 160 leasú a moladh a bhain le réimse leathan leasuithe tábhachtacha lena n-áirítear
• toghcháin Bhord an Údaráis,
• foráil lena chinntiú go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre na gcomhlachtaí atá ag ullmhú pleananna teanga,
• foráil lena chinntiú go gcuirfidh an tAire ailt áirithe de chuid an Bhille i bhfeidhm seachas é a fhágáil mar rogha aige,
• idirdhealú níos mó a dhéanamh idir na ceantair dhifriúla theangeolaíocha mar atá leagtha amach sa staidéar teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Údarás na Gaeltachta
Baineadh geit as na Seanadóirí nuair a dúirt an tAire leo go bhfuil i gceist aige fógra poiblí a dhéanamh go han-luath trí www.publicjobs.ie ag lorg iarratais ó dhaoine a bhfuil suim acu i gceapachán do Bhord an Údaráis.
Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin: “Cuireann sé iontas orm go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh a leithéid de ráiteas nuair nach bhfuil an Bille bailithe tríd an Teach seo nó tríd an Dáil agus nuair nach bhfuil sé sínithe ag an Uachtarán.”
Tá sé i gceist ag an Aire Gaeltachta Dinny Mc Ginley TD tríd an mBille seo deireadh an chur le toghcháin do Bhord an Údaráis agus Bord nua de dháréag a cheapadh, seachtar a bheidh ainmnithe ag an Aire agus cúigear a bheidh ainmnithe ag Comhairlí Contae a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram.
Dúirt an Seanadóir Sean Barrett go dtéann an cinneadh seo chun deireadh a chur le toghcháin an Údaráis glan i gcoinne ráiteas an Aire sa Dáil dhá bhliain ó shin agus é ag suí ar bhinse an fhreasúra nuair a dúirt sé ‘An buntáiste mór atá ag Údarás na Gaeltachta ná go bhfuil bunús daonlathach leis an Údarás.
"Tháinig Údarás na Gaeltachta agus thug sé deis do mhuintir na Gaeltachta a gcuid ball a thoghadh go daonlathach. Toghadh baill as an tuaisceart, an iarthar, an deisceart agus fiú as Contae na Mí agus bhíodar go léir san Údarás go daonlathach. Bhí tuiscint acu ar a gceantair féin agus ar na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachta agus ar na féidearthachtaí atá sna Gaeltachtaí. Tá jab an-mhaith déanta acu ó cuireadh ar bun iad."
Dúirt an Seanadóir Barrett go suíonn cearta daonlathais mhuintir na Gaeltachta do thoghcháin Bhoird an Údaráis le dualgas an Stáit cloí le cearta faoin gCoinbhinsiún um Chearta Daonna chomh maith le cearta teanga idirnáisiúnta a bhfuil dualgais ar an Stáit cloí leo.
Ach ba léir go bhfuil sé i gceist ag an Aire an próiseas daonlathais a bhaint ó mhuintir na Gaeltachta trí dheireadh a chur leis na toghcháin don Bhord.
Agus é ag caint faoi chur chuige an Bhoird nua, deir sé go bhfuil foráil sa Bhille ‘nach gceapfar duine chuig an Údarás gan an taithí agus an cumas cuí aige nó aici, agus cumas chun feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge. Ciallaíonn sin go mbeidh an modh ceapacháin don Bhord oscailte, trédhearcach agus ag teacht leis an tslí a ndéanann an Rialtas ceapacháin do bhoird Stáit.’
Pleanáil Teanga
Moladh don Aire freisin go dtabharfaí aird chuí ar an gcatagóiriú A, B agus C a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus Limistéar Pleanála Gaeltachta á bheartú.
Faoin mBille nua beidh an Ghaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo.
Mar sin iarrfar ar eagraíochtaí atá lonnaithe sna 19 limistéar Ghaeltachta mar atá beartaithe faoin bpróiseas pleanála teanga a foilsíodh níos túisce sa bhliain iarratas a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta chun páirt a ghlacadh sa phróiseas agus plean teanga a ullmhú.
Mhol na Seanadóirí Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin agus Brian Ó Domhnaill ó Fhianna Fáil nach n-ainmneodh an tAire limistéar ar a bhfuil plean teanga a ullmhú ina bhfuil pobail ina gcónaí atá neamhchosúil ó thaobh na teangeolaíochta de.
Ach ba léir nach bhfuil an tAire ag tabhairt aird chuí ar mholtaí na saineolaithe pleanála teanga a thionscain an staidéir teangeolaíoch nuair a dhiúltaigh sé glacadh leis an leasú a cuireadh os a gcomhair.
Is beag an tacaíocht atá ann don Bhille Gaeltachta de réir an tSeanadóra Ó Clochartaigh. Cuireadh in iúl don Seanad gur ritheadh rún i gComhairle Contae na Gaillimhe ag rá gur cheart leanúint ar aghaidh le toghcháin Údarás na Gaeltachta.
Chomh maith leis sin, labhair comhaltaí de chuid pháirtí Fhine Gael dála John Deasy TD i gcoinne an chinnidh nach mbeidh ionadaithe buana ag na ceantair Ghaeltachta beaga amhail Gaeltacht na Déise, Gaeltacht Ráth Chairn agus Gealtacht Chorcaí.
Is cosúil go mbeidh an plé faoin mBille críochnaithe sa Seanad Déardaoin seo chugainn nuair a phléifear é ag Céim na Tuarascála’. Fágann sé sin seachtain don Rialtas an Bille a phlé sa Dáil sula mbeidh téarma reatha na Dála críochnaithe ar 19 Iúil.
Blágáil Bheo: Beidh tuairisc bheo ar Gaelport.com gach lá nuair a bheidh an Bille á phlé sa Seanad agus sa Dáil. Lean an scéal go rialta ar Gaelport.com agus seol teachtaireachtaí chuig eolas@gaelport.com.
© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
An nuacht is déanaí: Bille Gaeltachta á phle faoi dheifir
Blagáil bheo: Bille Gaeltachta 2012
As na nuachtáin: Gaeltacht Bill is woefully deficient
As na nuachtáin Flawed Gaeltacht Bill in need of brave revision
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Gaeltacht