D'fhógair Foilsiú Éireann – Publishing Ireland inniu go mbeidh an chéad Lá Leabhar Náisiúnta do leabhair Ghaeilge ar siúl Dé Máirt, 15 Márta 2011.
↧
Lá Leabhar-15 Márta
↧
Comhdháil ar Oideachas Gaeltachta
Reáchtálfaidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta TEO (ESG) a gComhdháil Oideachais agus an Cruinniú Cinn Bhliana ar an Aoine 20 Bealtaine 2011 in Óstán an Connemara Coast sna Forbacha sa Ghaillimh.
↧
↧
Fíbín ag cuartú Aisteoirí Óga
Tá Fíbín ag cuartú aisteoirí óga ó cheann ceann na tíre chun páirt a ghlacadh i SárScoil Dhrámaíochta Fíbín.
↧
Leabhar le Ciarán Ó Con Cheanainn le seoladh ag Comhdháil lae
Seolfar tionscnamh taighde luachmhar leis an scoláire agus amhránaí clúiteach, Ciarán Ó Con Cheanainn ag comhdháil lae a bheidh ar siúl sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar 20 Bealtaine.
↧
Feidhmchlár nua ag Raidió Rí-Rá
Anois go bhfuil nuashonrú déanta ar fheidhmchlár Raidió Rí-Rá ag www.rrr.ie/iphone/ tá an cairtstáisiún Gaeilge ag iarraidh leagan úr an app a chur go barr chairteacha iTunes!
↧
↧
Buaiteoirí náisiúnta Chomórtas Clár Raidió Gael Linn fógartha!
Is iad Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall buaiteoirí náisiúnta Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2011. Fógraíodh na torthaí i Stiuideó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Na Doirí Beaga le linn an chláir ‘Rónán Beo’ Dé hAoine seo caite, 6 Bealtaine.
↧
"Trasna an Ghaoith" - Leabhar úr á sheoladh i nGaoth Dobhair
Trasna an Ghaoith: Scríbhinní Johnny Sheáin is teideal do leabhar úr le Seán Ó Gallchóir atá curtha in eagar ag Noel Ó Gallchóir. Beidh an leabhar á sheoladh in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, ar an Satharn, 14 Bealtaine 2011, ar an 8:00 i.n. mar chuid de Éigse Uladh 2011. Tá fáilte roimh achan duine.
↧
Gaeil óga Ghlaschú ag seinm i nGaoth Dobhair
Tá grúpa déagóirí as Gaelsgoil Ghlaschú ag déanamh a mbealach go Gaoth Dobhair inniu chun páirt a ghlacadh i malartú óige leis An Crann Óg. Beidh siad ag foghlaim ceol agus damhsaí óna chéile agus ag glacadh páirt i dturasanna agus imeachtaí lena chéile thar an deireadh seachtaine. Is é seo an chéad chuid den malartú, ag deireadh na míosa beidh an grúpa ceoil áitiúl ag taisteal go Glaschú chun níos mó cleachta a dhéanamh leis an dream thal agus chun coirmceoil mór a dhéanamh le chéile sa chathair.
↧
Maoiniú Ceadaithe d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nDoirí Beaga inniu d’fháiltigh an Bord roimh an chinneadh a rinne An Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil don Chomhlacht Ealaín (na Gaeltachta) Teo. dá chlár gníomhaíochtaí don bhliain 2011. Is é maoiniú €410,000 atá a chur ar fáil ag an Chomhairle Ealaíon d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo agus tá comhaoiniú ag teacht ón Údarás.
↧
↧
Scéim na dTionscadal Litríochta 2012
Tá iarratais á lorg ag Foras na Gaeilge faoi láthair maidir le Scéim na dTionscadal Litríochta 2012.
↧
Scéim na Foilsitheoireachta
Tá iarratais á lorg ag Foras na Gaeilge faoi láthair maidir le Scéim na Foilsitheoireachta 2012.
↧
Ceardlann Scríobhneoireachta
Cuirfear fáilte roimh scríbhneoirí úra páirt a ghlacadh sa cheardlann scríbhneoireachta a bheidh á reáchtáil ag Cló Iar Chonnacht i mBéal Feirste ar 19 Samhain.
↧
Buaiteoirí Chomórtais an Oireachtais
D'éirigh go h-iontach le hOireachtas na Samhna arís i mbliana agus tá moladh mór ag dul d'fhoireann an Oireachtais agus na rannpháirtithe go léir a ghlac páirt sna comórtais. Gan amhras tá cuid de na rannpháirithe ag ullmhú don chéad Oireachtas eile a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn in 2012. Seo a leanas liosta iomlán de bhuaiteoirí na gcomórtas i mbliana.
↧
↧
Seisiún eolais ar naíonraí
Beidh foireann Fhorbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag tabhairt aghaidhe ar Thuaim, Co. na Gaillimhe ar 17 Samhain, áit a bheidh siad ag buaileadh le tuismitheoirí agus le fostaithe ó naíonraí sa cheantar.
↧
Acmhainn nua do scríbhneoirí na Gaeilge
Cad é an difear idir ‘éascaitheoir’ agus ‘áisitheoir’ agus an litrítear Nua-Eabhrac le fleiscín nó gan é? Tá freagraí na gceisteanna sin agus na ceisteanna is coitianta a
ritheann le scríbhneoirí na Gaeilge ar fáil ar acmhainn nua ar líne Aistear.ie.
↧
An Cuimhin leat?-Dráma raidió nua ar Raidió na Life
Ag buaileadh leis an mbulaí. Téann fear ar aistear pearsanta agus é iarraidh díoltais a imirt ar bhulaí sa dráma raidió nua, ‘An Cuimhin leat?’ a chraolfar ar Raidió na Life ar 2 Meán Fómhair.
↧
Comhrá IMEALL le John Spillane
Beidh an fhéile litríochta ‘Mountains to Sea’ ar siúl i nDún Laoghaire ag tús Mhí Mheán Fómhair. Agus beidh clár ealaíona TG4 ‘Imeall’ ag reáchtáil sraith d’imeachtaí le scríbhneoirí Gaeilge le linn na féile
↧
↧
Gaeil Feis Ard Eoin
Beidh éabhlóid agus athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste a plé le linn na féile cultúrtha, Gaeil Feis Ard Eoin i dtuaisceart na cathrach Déardaoin 1 Meán Fómhair.
↧
Heathers ag casadh ag Tóstal na bhFiann
Beidh an gabhar á róstadh ag Coláiste na bhFiann san RDS i mBaile Átha Cliath amárach 27 Lúnasa, áit a bhuailfidh 2000 duine óg lena chéile arís tar éis dóibh freastal ar chúrsaí Gaeilge Choláiste na bhFiann níos túisce sa samhradh.
↧
Suirbhé ar staid na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe
Tá tuairimí mhuintir na Gaillimhe i leith na Gaeilge á lorg ag an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge faoi láthair.
↧