Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Cóip den leabhar 'Ailfí agus an Vaimpír' le buachan

$
0
0
Seoladh an leabhar Ailfí agus an Vaimpír’ leis an t-údar Orna Ní Choileáin agus a d’fhoilsigh an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life i mí na Mhárta na bliana seo. Bhí an-ráchairt ar an gcnuasach gearrscéalta Canary Wharf le Orna Ní Choileáin a d’fhoilsigh Cois Life in 2009 agus ní aon ionadh go bhfuil leabhar eile draíochtiúil dá cuid i gcló. Tá bua na scéalaíochta go nádúrtha inti agus tá roinnt mhaith gradam liteartha bronnta uirthi. Is údar don aos óg freisin í. Is ábhar spéise di domhan na vaimpírí agus sa saothar seo is mian léi vaimpír an 21ú haois a chur os comhair páistí an lae inniu.

An bhfuil vaimpír ina chónaí ag bun an ghairdín agatsa? Vaimpír faoi leith is ea Marius a chónaíonn i ngairdín Ailfí, garsún óg. B’fhearr leis rollaí fige agus cáca milis ná fuil agus feoil. Agus buaireamh an tsaoil – idir lampaí ultraivialait agus muincí gairleoige – ag bagairt ar an gcréatúr neamh-mharbh, ní nach ionadh go n-éiríonn sé spadhrúil nuair nach dtiteann rudaí amach mar ba chóir, dar leis!
Tá an leabhar seo atá foilsithe ag Cois Life feiliúnach do dhaoine óga fásta agus do dhaoine fásta óga de gach aois!

An tseachtain seo tugann muid deis iontach do dhuine amháin cóip a bhuachan -níl le déanamh agat ach an cheist shimplí thíos a fhreagairt.

Ceist na seachtaine seo: Ainmnigh údar an leabhar Ailfí agus an Vaimpír’.  
•    Anna Heussaff       
•    Mícheál Ó Ruairc          
•    Orna Ní Choileáin          
•    Pádraig Ó Siadhail

Seol freagraí chuig  duais@comhdhail.ie roimh meán lae, 19 Iúil 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Máiréad Uí Dhomhnaill as Co. Átha Cliath a bhuaigh leabhair leis An Gúm san  eagráin seo caite.

Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An nuacht is déanaí: An Bille is neamh-ullmhaithe á bhrú tríd an Seanad

An nuacht is déanaí: Deiseanna fostaíochta le Gaeilge san Aontas Eorpach


Féilte: Scoil Samhraidh i nDeisceart Thiobraid Árann






Raidió Rí-Rá ar fáil ar an gcóras DAB

$
0
0
Fuarthas dea-scéala do na meáin tri Ghaeilge le déanaí nuair a fógraíodh go mbeidh an stáisiún raidió Gaeilge, Raidió RíRá ar fáil ar
chóras Craoladh Fuaime Digití (Digital Audio Braodcasting, DAB) ó 1 Iúil ar aghaidh. Teicneolaíocht chraoltóireachta ar ardchaighdeán is ea an córas DAB, a úsáidtear i 40 tír ar fud an domhain agus a thugann ardán do stáisiúin agus craoltóirí úra. Aistrítear tonnta analógacha go formáidí digiteacha agus cruthaítear caighdeán fuaime níos soiléire ná FM dá bharr.

Is é Raidió RíRá an chéad chairtstáisiún Gaeilge do dhaoine óga inar féidir teacht ar an bpopcheol is rathúla, iarratais a chur isteach ar amhráin, vótáil ar na hamhráin is fearr agus éisteacht le ‘Top 40’ Oifigiúil na hÉireann.

Thosaigh Raidió RíRá ag craoladh an phopcheoil ar líne sa bhliain 2008 agus bhí an stáisiún le cloisteáil ar an gcóras FM ó 2009 – 2001 agus é ag dul ó neart go neart ó shin le breis agus 4,000 éisteoir ar fud na cruinne. Bhain an stáisiún éachtaí móra amach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2009, 2011 agus tugadh aitheantas don stáisiún ar Pháipéar 1 an Teastais Shóisearaigh i mbliana.

Cuirtear réimse breá clár ar fáil i rith na seachtaine – Maidin Mhaith le Cillian de Búrca, An Lón Mór le hÁine Ní Ghráda, Na Singlí Scaoilte le Síne Nic an Ailí, TRL ar Éileamh le hIlly Ó Ceallaigh, Fuaim Eile le Traic Ó Braonáin agus Top 40 Oifigiúil na hÉireann le Daithí ina gcloistear leithéidí Nicky Minaj, Kanye West, Na Coronas, Na Dirty 9s, Jessie J, Cheryl Cole agus tuilleadh. Chomh maith leis sin, cuirtear cláir sa bhreis ar fáil ag an deireadh seachtaine ‘Dioscó Dána’ agus ‘Clár na n-Ochtóídí’ ina measc.

Is féidir éisteacht le Raidió RíRá ar líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár speisialta ar iPhone, tríd an bhfeidhmchlár TuneIn ar ghuthán Android agus ar an gcóras DAB ar fáil le raidió ar leith agus ar ghutháin Nokia.

©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012


Samhail Mhaoinithe #2: Comhairleoir á lorg

$
0
0
Glacadh an chéad chéim i dtreo struchtúr maoinithe nua a thógáil  d’earnáil dheonach na Gaeilge Dé Luain nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge go bhfuil comhairleoir le ceapadh acu.
Fógraíodh ar an suíomh gréasáin tairisceana etenders.gov.ie  go bhfuil an áisíneacht tras-teorainn ag lorg tairiscintí  ó shaineolaithe le cás gnó cuimsitheach a chur le chéile de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).

Beidh an té a cheapfar freagrach as múnla úr a mholadh  as liosta de roghanna féideartha chomh maith le hanailís a dhéanamh ar na rioscaí, na costais , na buntáistí agus éifeachtúlacht gach rogha atá molta aige/aici.

Iarrfar ar an gcomhairleoir na haidhmeanna atá leis an athrú ó bhunmhaoiniú go múnla maoinithe nua a soiléiriú agus molfaidh siad an bealach is fearr chun cinn don  earnáil dheonach.

I mí an Mheithimh d’fhógair Bord Fhoras na Gaeilge nach leanfar ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe mar a bhí molta. 

D’fhoilsigh Comhchoiste Oireachtais tuarascáil cúpla seachtain roimhe sin inar leagadh an bhéim ar thábhacht an bhunmhaoinithe do na heagrais Ghaeilge agus moladh go ngabhfaí i mbun taighde agus go bhforbrófaí ollstraitéis d’Fhoras na Gaeilge.  

Mhol an Comhchoiste go mbeadh sé sonraithe san ollstraitéis sin conas a thacódh sin leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Straitéis Ghaeilge Thuaisceart Éireann.

Tugtar le fios sa bhfógra go bhfuiltear ag lorg tairiscintí ó iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar chásanna gnó ar ardchaighdeáin a dhéanamh agus a bhfuil tuiscint acu ar earnáil na Gaeilge agus ar chur chun na Gaeilge thuaidh agus theas. Is é an spriocdháta atá luaite do na tairiscintí ná 27 Iúil 2012.

Tá ráite ag Foras na Gaeilge go mbeidh cinneadh le glacadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Samhna maidir le múnla nua maoinithe don earnáil, ó Meitheamh 2013 ar aghaidh.

Fágann sé sin go bhfuil níos lú ná cúig mhí fágtha ag an bhForas múnla nua maoinithe a dhréachtadh agus a chur os comhair na nAirí.
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Iúil 2012

 

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Is gá tosú le taighde dar leis na hEagrais Ghaeilge

Deiseanna fostaíochta le Gaeilge san Aontas Eorpach

Bille Gaeltachta á phlé faoi dheifir

Lean an scéal seo agus @Gaelport.com: #gaeilge #samhail2


Blagáil Bheo: Bille Gaeltachta 2012

$
0
0
Tá Bille na Gaeltachta 2012 a á phlé sa Dáil inniu tar éis gur glacadh leis sa Seanad aréir. Lean an plé sa bhlag beo ar Gaelport.com thíos..

17:30 Sin é. Tá clabhsúr leis an díospóireacht ar an mBille Gaeltachta don lá inniu. Luaitear go mbeidh sé le plé arís sa Dáil maidin amárach, 13 Iúil. Cén tuairim atá agatsa? Seol ríomhphost chugainn nó fág teachtaireacht ar Facebook.com/Gaelportcom.

17:25 Tá an Teachta Joe O'Reilly  tar éis fáilte a chur roimh Bhille na Gaeltachta.

17:20 "There is no distinction between preserving Irish rather than promoting the language in this Bill" a deir sí. "A fundemental flaw is that the Gaeltacht boundaries dont reflect the research that has been done".

17:16 Anois tá Clare Daly TD ag cur a tuairimí in iúl don Dáil. Deir sí go bhfuil ionadh uirthi go raibh an oiread sin cainteoirí Gaeilge sa Dáil.   "The State needs to serve the language communities in their native languages in order for them to survive"

Tá amhras uirthi nach bhfuil na sainmhínithe sa Bhille láidir go leor "There is a belief that definitions in the bill aren't binding, and that the Bill is based too much on Ministerial discretion rather than actual data".

17:06 Tá Séamus Healy TD ag caint anois. Is as Tiobraid Árann dó agus tá a chol seisir Donncha Ó hÉallaithe tar éis tráchtaireacht bhisiúil a dhéanamh ar an mBille ó tioscnaíodh é. Cuireann sé fáilte roimh an foráil maidir le bailte seirbhíse Gaeltachta a bhunú faoin mbille chomh maith le gréasáin Ghaeilge. Tá imní air go mbeidh deireadh le toghcháin an Údaráis agus deir sé go bhfuil imní ag daoine atá ina gcónaí sna Gaeltachtaí beaga nach mbeidh ioadaíocht ann dóibh.

17:00  Tá an córas oideachais á phlé aige anois, agus an fuath atá ag a iníon don teanga. "Something seriously has to be done with the way it is thought in school". Creideann sé gur cheart go mbeadh scrúdú ann ina bheadh céad faoin gcéad do na marcanna ag dul don bhéaltriail ann.

Beidh lucht TG4 sásta leis an moladh atá aige don tráchtaireacht leadóige a craoladh an tseachtain seo caite. "I never knew what freastal was until I watched Wimbledon Beo on TG4",  a deir sé.

16:52 Tá  Luke Ó Flanagáin TD ag caint anois. " I'm going to spoil the party and talk in English" a deir sé. Ag tagairt dó don phlé a bhí ann i nGaeilge sa Dail go dtí seo deir sé, "Maybe the people in here were better in Irish at school"  "The main thing I have picked up from the debate that there seems to be an argument that we should focus more on Irish where is standard, more than 2/3 population speak it".

"There is a part of me that sees a lot of sense in protecting these areas, from my experience living in Germany and Spain. If those areas disappear, we will never have that opportunity to go to the only places we could learn the language"

16:50 Táimid ag tabhairt isteach reachtaíocht a bhfuil feidhm uile-Éireannach leis, dar le Piaras Ó Dochartaigh ach ní raibh aon phlé leis an Aire ó Thuiadh maidir leis na cúraimí a bheidh á chur ar Fhoras na Gaeilge tacaíocht a thabhairt do choistí pobail sna bailte seirbhíse Gaeltachta, dar leis.

16:45 Tá na ceantair phleanála teanga á bplé ag Piaras Ó Dochartaigh anois. Ní aithníonn an Bille an ghéarchéim ata ann sa Ghaeltacht. Is í an cheist maidir leis na ciorruithe sna scoileanna tuaithe atá á phlé aige anois. Chomh maith leis sin tá sé ag ceistiú na gcritéir a bheidh á leagan amach mar chuid den mBille.

 

16:36 Tá aitheasc á thabhairt ag Piaras Ó Dochartaigh TD anois. Deir sé nach dtuigeann sé an moill leis an Bille a chur i láthair. Tá ceist an daonlathais an tábhachtach ach is í an fhadhb is mó atá ann ná go bhfuil an teanga ag fáil báis, dar leis. Bhí moltaí sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nach bhfuil le fáil sa reachtaíocht atá á phé inniu.

16:33 "Creimeadh an daonlathais atá ann sa Bhille", dar le Aengus Ó Snodaigh TD. Am cinniniúnach dúinn é sa Dáil ach am cinniúnach do theaghlaigh atá tar éis páistí a thógáil le Gaeilge", dar leis.

16.27 "Níl trí uair a chloig Déardaoin seo chugainn fada go leor le gach foráil sa Bhillle seo a phlé", dar le Aengus Ó Snodaigh. Ceist aige maidir leis na hacmhainní a bheidh curtha ar fáil don Údarás agus do na coistí pobail a bheidh freagrach as pleananna teanga a chur le chéile sna ceantair Ghaeltachta.

16:25 Tá Aengus Ó Snodaigh ag labhairt anois. Tháinig cóip d'aitheasc an Aire díreach ansin óna oifigeach preasa ansin agus tá sé léamh thíos. Tá staitisticí spéisiúla ann maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

De réir Dhaonáireamh 2011, níl ach 24% de dhaonra na Gaeltachta, nó 23,175 duine, ag úsáid na Gaeilge go laethúil.

16:20 "Mar gheall go raibh leasuithe ann, léiríonn sé sin go bhfuil an-bhuairt ann. Ní aontaíonn sé le Michael Kitt agus an tuairim atá aige nach raibh an Bille á phlé ag an bpobal.

16.15 Dara Calleary TD fós i mbun cainte. Tá ceisteanna aige maidir leis an gcóras a bheidh ann do na pleananna teanga agus an ról a bheidh ag an Roinn.  Rinne Peig dochar uafásach don Ghaeilge dar leis. Anois tá seans againn an Ghaeilge a cheiliúradh. Tá sin soiléir ó na gaelscoileanna dar leis. Ach táimid ag dul sa treo mícheart leis an mBille seo dar leis.

16:13 Go dtí seo níl an fhearg chéanna le feiceáil sa Dáil mar a bhí soiléir sa Seanad an tseachtain seo caite.

16:08 Dara Calleary TD ag labhairt anois. Tá díomá air nár tugadh níos mó ama don Bhille sa Dáil. Cuireann sé fáilte roimh an Acht ach ní aontaíonn sé leis an mBille toisc go gcuirfear deireadh le toghcháin an údaráis.  "Tá seans caillte againn" a deir sé mar nár beidh an deis againn plé a dhéanamh ar thodhcaí na Gaeltachta mar a tharla nuair a bhí toghcháin an Údaráis ann.

16:00 Deir Kitt nach raibh go leor plé ar an mBille Gaeltachta sna meáin chumarsáide in ainneoin an phlé a bhí sa Seanad an tseachtain seo caite. "You are getting away with it in Irish," a deir sé.

15:59 Léiríonn Michael Kitt TD imní go bhfuil air go mbeidh an-iomarca cumhachta ag an Aire. Buairt an Choimisinéara Teanga agus Chonradh na Gaeilge luaite aige faoi bheartas an rialtais an Bille a Achtú roimh shos an tsamhraidh.

15:30 Tá oráid an Aire Stáit Dinny McGinley TD le léamh thíos

 

"A Cheann Comhairle,
Cuireann sé áthas mór ormsa, mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta, agus mar ionadaí poiblí de bhunadh na Gaeltachta, tús a chur leis an díospóireacht ar Bhille na Gaeltachta 2012 i nDáil Éireann tráthnóna inniu.  Mar is eol daoibh, tionscnaíodh an Bille seo i Seanad Éireann agus chríochnaigh sé gach céim sa Teach sin tráthnóna inné.

Is Bille gairid é Bille na Gaeltachta 2012, le 25 alt i gceithre chuid, agus Sceideal.  Mar sin féin, creidimse gur Bille thar a bheith tábhachtach é a mbeidh dea-thionchar aige ar chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre ar feadh na mblianta amach romhainn.  Ní mór dúinn cuimhneamh gurb í seo an chéad uair ó 1956 go bhfuil aird á tabhairt, trí reachtaíocht, ar an ghá atá le brí nua a thabhairt don Ghaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do phobail eile sa Stát a thugann tacaíocht don Ghaeilge.

Tuigeann muid ar fad na hathruithe móra sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus déimeagrafacha atá tagtha ar an Ghaeltacht sa tréimhse sé bliana agus leathchéad atá caite ón phíosa reachtaíochta deireanach sin.  An uair sin, bhí daonra iomlán de 86,000 duine sa Ghaeltacht.  Inniu, tá an figiúr sin méadaithe go dtí 97,000 duine ach, ar an drochuair, níl líon na gcainteoirí a úsáideann an Ghaeilge go laethúil ag méadú dá réir.  De réir Dhaonáireamh 2011, níl ach 24% de dhaonra na Gaeltachta, nó 23,175 duine, ag úsáid na Gaeilge go laethúil. Tugann an figiúr seo léargas iontach soiléir dúinn ar staid leochaileach na Gaeilge sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann agus ar a riachtanaí agus atá sé bearta nua samhlaíocha a thógáil chun na dúshláin a shárú agus tacaíocht a thabhairt do na pobail sin atá tiomanta don oidhreacht shainiúil speisialta atá acu a chaomhnú do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.

Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt fosta don líon mór teaghlach agus pobal atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.  Is comhartha dóchais é go bhfuil 1.77 milliún duine sa Stát seo anois a deir go bhfuil eolas acu ar an Ghaeilge.  Úsáideann 77,000 duine an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais agus níl amhras ar bith ach go bhfuil dea-thoil fhorleathan don Ghaeilge i measc an phobail i gcoitinne.  Tugann sé seo ar fad dúshraith mhaith dúinn le tógáil uirthi agus muid ar ár ndícheall ag iarraidh na spriocanna dúshlánacha atá leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.

An Bille
Ba mhaith liom anois léargas gairid a thabhairt daoibh ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhfhorálacha an Bhille.  

Tá dhá phríomhchuspóir ag an Bhille seo, is iad sin, foráil a dhéanamh maidir le próiseas reachtúil pleanála teanga chun tacú leis an Ghaeilge agus foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhord agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

An Phleanáil Teanga
Maidir leis an phróiseas reachtúil pleanála teanga, déantar foráil leis an Bhille maidir le hainmniú na Gaeltachta reatha mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.  Chun na críche sin, bainfear úsáid as critéir pleanála teanga a bheidh leagtha síos i Rialacháin.  Tá gá leis an chur chuige seo chun aghaidh a thabhairt ar an athrú suntasach teanga atá ag tarlú sa Ghaeltacht.  Léiríonn an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, i bhfianaise phátrún labhartha teanga an aosa óig, ach go háirithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh ach saolré 15 go 20 bliain fágtha ag an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht, mura ndéanfar gníomh práinneach ina leith seo.

Is mar gheall ar an tuar sin go bhfuil forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ina ghné lárnach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Dá bhrí sin, tabharfaidh an Bille seo feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do 19 limistéar pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht, faoi réir rialacháin a shaineoidh na critéir pleanála teanga.  

Tá na ceantair a bheidh á roghnú le bheith mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta bunaithe cuid mhaith ar na limistéir pleanála atá ag Údarás na Gaeltachta cheana féin, ach ag tógáil san áireamh nithe ar nós cúrsaí teanga, cúrsaí tíreolaíochta, struchtúir pobail agus dlús daonra.  Ós rud é go bhfuil baint lárnach ag an Údarás leis an fhorbairt phobail sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla, ar nós comharchumainn agus comhlachtaí forbartha, beidh ról ag an Údarás maidir le cúnamh a thabhairt do phobail i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir seo.  

Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh gach ceantar atá sa Ghaeltacht faoi láthair ag fáil an deis páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála teanga.  Chomh maith leis sin, tá forálacha sa Bhille chun gur féidir leis an Aire ceantair a scor de bheith ina limistéir Ghaeltachta ar an bhunús go dtograíonn siad gan a bheith páirteach sa phróiseas nó nach bhfuil pleananna teanga á gcur i bhfeidhm ar bhonn sásúil.
Déantar foráil leis an Bhille fosta maidir le Bailte Seirbhíse Gaeltachta a ainmniú.  Is é atá i gceist leo sin ná bailte atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, nó taobh leo, agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do na limistéir sin.  Chun go ndéanfar ainmniúchán mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, beidh ar eagraíocht i mbaile den sórt sin plean teanga a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú.  Déanfaidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, ag brath ar cibé acu atá an baile suite laistigh de Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó lasmuigh díobh, cúnamh a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte sin.

Mar atá ráite agam, is tuar dóchais é an méid atá ar siúl i bpobail éagsúla lasmuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach nach mbeidh an próiseas pleanála teanga teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair.  Baineann alt 11 den Bhille le pobail teanga, atá lasmuigh de Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, a ainmniú mar Líonraí Gaeilge.  Is é atá sna Líonraí Gaeilge sin ná limistéir a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu i dtaca le tacaíocht phobail agus tacaíocht Stáit don Ghaeilge agus a bhfuil pleananna teanga ullmhaithe ina leith.  Beidh ról ag Foras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt d’eagraíochtaí i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga i Líonraí Gaeilge.
Na Rialacháin
Foráiltear le halt 12 den Bhille go ndéanfaidh an tAire, le Rialachán, na critéir pleanála teanga a úsáidfear i leith pleananna teanga i leith Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge a fhorordú.  Tá réamhullmhúchán déanta cheana ag mo Roinn chun critéir shamplacha, a chuimseoidh gach gné de shaol an phobail, a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.  Tá na critéir seo foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag www.ahg.gov.ie.

Údarás na Gaeltachta
Tá aitheantas poiblí tugtha agamsa go minic cheana don obair cheannródaíoch atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ag forbairt na Gaeltachta le breis agus 30 bliain.  Cuirfidh na hathruithe atá beartaithe sa Bhille seo dlús leis an obair sin agus ginfidh na feidhmeanna breise Gaeilge-lárnaithe atáthar ag tabhairt don Údarás misneach agus fuinneamh nua san eagraíocht.

Déantar na forálacha seo a leanas leis an Bhille:
(i)    deireadh a chur leis an gceanglas i ndáil le toghcháin dhíreacha chun bord Údarás na Gaeltachta;
(ii)    laghdú a dhéanamh ar an líon comhaltaí ar an bhord ó 20 go 12; foráil a dhéanamh maidir le comhairlí contae, a bhfuil limistéir Ghaeltachta laistigh díobh, d’ainmniú cúig chomhalta den bhord lena gceapadh ag an Aire, agus foráil a dhéanamh maidir leis an Aire do cheapadh na 7 gcomhalta eile;  
(iii)    feidhmeanna breise a thabhairt don Údarás maidir le pleanáil teanga agus cur chun cinn teanga sa Ghaeltacht;
(iv)    deireadh a chur le coistí reachtúla réigiúnacha an Údaráis;
(v)    laghdú a dhéanamh ar mhéid a choiste meastóireachta reachtúil;
(vi)    a chumasú don Aire a ordú don Údarás infheistíocht a dhéanamh in earnálacha áirithe fiontraíochta; agus
(vii)    foráil a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara eile.

De bharr na leasuithe atáthar ag déanamh ar alt 8 d'Acht Údarás na Gaeltachta 1979, soiléireofar go bhfuil cúram reachtúil ar an Údarás maidir le forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn.  

Mar is eol daoibh, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas deireadh a chur le toghcháin do bhord an Údaráis.  Mar aitheantas don traidisiún láidir daonlathais atá ag baint leis an bhord áfach, tá gné dhaonlathach de cheapadh na gcomhaltaí á coinneáil.  Déanfaidh comhairlí contae, a bhfuil limistéar Gaeltachta nó Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta suite ina ndlínse, cúig chomhalta den bhord a ainmniú as measc na gcomhaltaí tofa.  Déanfar ceathrar comhalta den chúigear sin a ainmniú as measc chomhaltaí tofa chomhairlí contae chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí agus beidh siad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige.  Déanfar an t-ainmniúchán eile a líonadh ar bhonn sealaíochta uair amháin gach dhá bhliain trí chomhalta tofa a bheith ainmnithe ag ceann amháin de na comhairlí contae ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta (is iad sin Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí).

I gcás nach féidir le comhairle contae duine dá comhaltaí tofa a ainmniú ar chúiseanna nach bhfuil an duine ar fáil nó go bhfuil sé nó sí mí-oiriúnach, féadfaidh an chomhairle sin duine seachas ionadaí tofa a ainmniú.  Is é an tAire a cheapfaidh na seacht gcomhalta eile, lena n-áirítear an Cathaoirleach.  

Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh ar gach duine a cheapfar a dheimhniú don Aire go bhfuil taithí acu, nó go bhfuil cumas léirithe acu, i ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis, lena n-áirítear an cumas chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach i nGaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach.  

Impleachtaí Airgeadais

Beidh sábháiltí airgid ag eascairt ón Bhille seo.  Meastar gurb é a bheidh sa tsábháil a leanfaidh as Cuid 3 den Bhille a bhaineann le bord Údarás na Gaeltachta ná tuairim is €100,000 sa bhliain agus sábháil suas go €500,000 gach cúig bliana Ní shamhlaítear go leanfaidh aon chostais bhreise don Státchiste as na codanna eile den Bhille mar go mbeidh siad á gcur i gcrích laistigh den soláthar a bheidh ceadaithe ón Státchiste, trí phróiseas na Meastachán.

Díospóireacht ar an Bhille go dtí seo
Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir le nithe atá tagtha chun cinn ón uair gur foilsíodh an Bille an mhí seo caite.

Easpa comhairliúcháin phoiblí
Tá cáineadh déanta ar an Bhille mar gheall ar easpa comhairliúcháin phoiblí agus easpa ama a líomhnaítear a bheith tugtha don díospóireacht i dTithe an Oireachtais.  Ní ghlacaim leis na líomhaintí seo ar chor ar bith.  Is mar gheall ar thréimhse fhada comhairliúcháin phoiblí ag dul siar blianta atá an Bille seo tagtha ar an fhód. D'eascair na comhairliúcháin phoiblí seo as tionscnaimh agus próisis éagsúla ar a n-áirítear Coimisiún na Gaeltachta, an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Anuas air sin, bhí comhairliúcháin phoiblí ann maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus Acht na dTeangacha Oifigiúla.  Creidimse go láidir gur gníomh atá ag teastáil anois seachas tuilleadh cainte.

Tugadh thart ar dheich n-uaire an chloig don díospóireacht ar an Bhille seo sa Seanad le coicís anuas.  Faoin am a mbeidh sé imithe trí gach chéim sa Dáil, beidh tuairim is fiche uair a chloig díospóireachta déanta air idir an dá Theach.  Dá bhrí sin, ní thuigim conas gur féidir a rá nár tugadh deis do Thithe an Oireachtais forálacha an Bhille a chíoradh go mion.

Cuireadh thart ar chéad seasca (160) leasú síos ar an Bhille agus é ag dul trí na céimeanna éagsúla sa Seanad.  Bhí téamaí comónta ag rith trí go leor de na leasuithe sin agus déanfaidh mé iarracht anois blas de na téamaí sin a thabhairt don Teach seo.

Moladh, mar shampla, gurb é Údarás na Gaeltachta a dhéanfadh na pleananna teanga a ullmhú i gcomhar le heagraíochtaí pobail sna Limsitéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.  Téann an smaointeoireacht seo i gcoinne an choincheapa gurb iad na pobail atá lárnach don phróiseas pleanála teanga ina gceantair féin agus gur chóir go mbeadh siad i gceannas ar an phróiseas dá réir.  Mar atá an Bille leagtha amach, tá an Stát ag tabhairt tacaíochta do na pobail trí Údarás na Gaeltachta, a bheidh ag tabhairt cúnaimh do na heagraíochtaí pobail pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.

Moladh freisin gan aon ról a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge maidir le cuidiú a thabhairt d'eagraíochtaí aitheantas a fháil do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta atá taobh amuigh den Ghaeltacht.  Ní féidir liom aontú leis an leasú seo ar dhá chúis.  Ar an chéad dul síos, níl sé i gceist ag an Rialtas feidhmeanna breise a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht mar atá sí sainithe faoi láthair.  Go stairiúil, tá Údarás na Gaeltachta ag plé leis na ceantair Ghaeltachta ón bhliain 1980 agus leanfaidh sé de bheith ag plé leo faoin Bhille seo.  Ar an dara dul síos, tá raon leathan feidhmeanna ag Foras na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann agus tá an méid atá beartaithe faoin Bhille ag teacht lena fheidhmeanna agus lena ghníomhaíochtaí.

Díreoidh mé anois ar leasuithe a moladh maidir le feidhm a thabhairt don Choimisinéir Teanga sa Bhille seo.  Cé go dtuigim an bunús a bhí leis na leasuithe seo, is é sin go mbeadh an tAire scartha ón bpróiseas a bhaineann le gnéithe éagsúla den phróiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm, tá mé sásta go bhfuil an cur chuige atá rianaithe sa Bhille cóir, réasúnta agus oiriúnach.  

Sa chéad áit, tá deighilt an-soiléir feidhmeanna déanta sa Bhille maidir le ról na Roinne agus róil Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge faoi seach.  Is iad Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar is cuí, a bheidh ag cuidiú le heagraíochtaí pleananna teanga a ullmhú i gcomhar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge.  Is é an tAire a bheidh freagrach as na pleananna sin a fhaomhadh faoi réir critéir shainiúla.

Ar an dara dul síos, is é Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar is cuí, a chuideoidh le heagraíochtaí na pleananna teanga a chur i bhfeidhm ar an talamh.  Ina dhiaidh sin, déanfaidh an tAire athbhreithniú tréimhsiúil ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur i bhfeidhm an phlean agus, chun na críche sin, rachaidh an tAire i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, mar is cuí.  Tabharfar deis aon laigí a aithneofar i bpleananna teanga a leigheas thar thréimhse ama.  Léiríonn an próiseas seo go bhfuil deighilt shoiléir ann maidir le feidhmeanna an Aire agus feidhmeanna na ngníomhaireachtaí.

Ardaíodh ceisteanna freisin sa Seanad maidir le rangú na Gaeltachta i gCatagóirí A, B agus C, mar a moladh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch.  Faoin chur chuige atá beartaithe sa Bhille seo, beidh deis á tabhairt do na pobail éagsúla i naoi gcinn déag (19) de limistéir pleanála teanga plean cuimsitheach dá gceantair a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.  Ciallaíonn an cur chuige seo go bhfuil dlús substaintiúil daonra sna limistéir éagsúla agus go mbeidh mórphlean teanga le réiteach i leith naoi gcinn déag (19) de na limistéir sin.  Tabharfaidh an mórphlean seo aitheantas do na cúinsí teanga éagsúla laistigh de gach limistéar pleanála teanga.  I gcás na bpobal sin ina labhraíonn móramh na ndaoine Gaeilge, beidh béim ar chosaint na Gaeilge mar ghnáth-theanga an phobail.  I gcás pobail eile nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir céanna iontu, beidh béim ar na gréasáin phobail Ghaeilge atá iontu a láidriú.  

Tá leasuithe molta fosta maidir le comhaltaí a thoghadh do bhord Údarás na Gaeltachta trí thoghcháin dhíreacha.  Mar atá mínithe agam, tá cinneadh déanta ag an Rialtas deireadh a chur leis an modh ceapacháin seo agus líon na gcomhaltaí ar bhord an Údaráis a laghdú ó 20 comhalta go 12.  Déanfar na comhaltaí a cheapadh ar bhealach oscailte, trédhearcach a thugann aird ar ghné an dhaonlathais.

Tá ceisteanna ardaithe chomh maith maidir le tréimhse ionadaíochta níos giorra a bheith tugtha ar bhord an Údaráis do na contaetha a bhfuil ceantair Ghaeltachta níos lú iontu.  Ba mhaith liom a threisiú go mbeadh sé dodhéanta freastal ar mhianta ionadaíochta gach pobal, go háirithe leis an líon comhaltaí laghdaithe go mór ar bhord an Údaráis.  Is é an phríomhsprioc ná go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú faoi threoir bord atá éifeachtach, cumasach agus tiomanta chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur chun cinn.

Le hachtú an Bhille seo, beidh céim ollmhór tógtha maidir le gnéithe tábhachtacha den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích.  Beidh ról ceannasach ag eagraíochtaí pobail taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht obair i gcomhpháirtíocht leis an Stát maidir le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair.  Níl aon amhras ormsa ach go mbeidh borradh úr le brath faoi úsáid na Gaeilge ar bhonn forleathan sna blianta beaga amach romhainn mar thoradh ar an Bhille seo.  Maireann teanga mar gheall ar mhórtas an phobail agus tá mise lándóchasach leis an spreagadh ceart ón Stát go bhfuil pobail ann ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre atá sásta dul i ngleic leis an dúshlán an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh mar theanga theaghlaigh agus phobail don chéad ghlúin eile.  

Beidh deis anois ag baill an Tí seo tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille agus tá mé ag súil go mór éisteacht libh.  Ba  thógáil croí domsa, i ndíospóireachtaí a bhí againn anseo cheana, an dea-mhéin a léiríodh agus an tacaíocht a tugadh do cheisteanna agus rúin a bhain leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht.  Tá súil agam go mbeidh an dea-mhéin agus an tacaíocht chéanna ar fáil ar bhonn traspháirtí don Bhille tábhachtach seo.  Molaim an Bille seo don Teach."

 *  le Niamh Ní Shúilleabháin agus foireann Gaelport.com. Foilsithe ar Gaelport.com 12 Iúil 2012. Tá i gceist ag Gaelport blagáil bho a dhéanamh ar díospóireachtaí Oireachtais maidir le Bille na Gaeltachta 2012. An bhfuil aiseolas agat nó an bhfuil spéis agat do thuairim a léiriú? Seol ríomhphost chuig eolas@gaelport.com, fág teachtaireacht ar Facebook thíos nó seol tweet chuig @Gaelport ar Twitter.com.


Scéal faoi dhó

$
0
0

Fógraíodh an tseachtain seo caite go leanfar leis an scéim fhorbartha ghearrscannánaíochta Gaeilge ‘Scéal’ don dara bliain as a chéile.

Síolraithe ó na scéimeanna Síol agus Údar tugann an dara sraith de ‘Scéal’ deis luachmhar do scríbhneoirí agus stiúrthóirí le Gaeilge agus iad ag teacht ar an bhfód, saothar Gaeilge ón litríocht nó ón mbéaloideas a athchóiriú don scáileán teilifíse.

Roinntear an próiseas ina dhá leath – ar dtús glacfar le hiarratais ó scríbhneoirí a rogha scéil nó dán a fhorbairt ón mbun saothar go dtí leagan athchóirithe don teilifís ansin roghnófar stiúrthóirí úra le fís na scríbhneoirí a thabhairt chun crích agus an script a aistriú do dtí an scáileán.

Cuireadh tús leis an scéim Síol sa bhliain 2008 le maoiniú ó TG4 agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus rinneadh forbairt ar 6 scannán nuachumtha faoin teideal ‘An Chlann’.

Bliain ina dhiaidh sin leanadh leis an scéim faoi theideal éagsúil, ‘Údar’, agus í bunaithe ar athchóiriú ó litríocht na Gaeilge go dtí script scáileáin. Rinneadh athchóiriú ar shaothair mhóra sa litríocht An t-Ádh le Pádraic Ó Conaire, Seacht gCéad Uaireadóir le Mícheál Ó Conghaile agus An Buille le Liam Ó Flaithearta ina measc.

Ba ag leanúint le rathúlacht na scéime seo a osclaíodh scéim ‘Scéal’ anuraidh agus ní fada go mbeidh sé scannán úra le feiceáil ar scáileán TG4 i 2013.

Fáiltíonn scéim ‘Scéal 2’ roimh scríbhneoirí Gaeilge, bíodh taithí scáileáin acu nó ná bíodh agus roimh stiúrthóirí ag lorg taithí ó thaobh stiúradh na drámaíochta Gaeilge de ach ní mór d’iarrthóirí a bheith líofa sa teanga.

Cuirfear gearrliosta le chéile as na hiarratais go léir agus freastalóidh na scríbhneoirí ar cheardlanna scríbhneoireachta faoi stiúir eagarthóra scripte. Roghnófar na scripteanna is fearr as sin.

Is féidir teacht na shonraí ar fad ar www.tg4.ie/sceal agus is é 24 Lúnasa an spriocdháta le haghaidh iarratas.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 13 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Gaeilgeoirí ag a bhfuil dúil sa ‘Coddle’ ag teastáil

Seirbhís nuachta Gaeilge 'Meon Eile' Seolta

Raidió Rí-Rá ar fáil ar an gcóras DAB

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Deontas ceadaithe don Ghaelacadamh i gConamara

$
0
0
Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley T.D  inniu go bhfuil deontas €20,000 le bronnadh ar scoil cheoil an Ghaelacadaimh i  gConamara.
Chuir Deirdre Nic Chonaonaigh ón nGaelacadamh fáilte roimh an nuacht inniu.  “Is laghdú deich faoin gcéad é ar an deontas a cuireadh ar fáil dúinn anuraidh” a dúirt  sí, “ach cinnte tá sé iontach go bhfuil  an Roinn tar éis maoiniú a bhronnadh orainn arís i mbliana”.

Is é an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta an maoinitheoir is mó atá ag an nGaelacadamh agus tagann an chuid eile de bhuiséad na heagraíochta ó tháillí a ghearrtar ar thuismitheoirí na gceoltóirí óga.

Bunaíodh an scoil cheoil ag tús na nOchtóidí agus cuirtear ranganna ar fáil i nGaeltacht Chonamara agus ar Árainn. Tá an scoil lonnaithe ar an Spidéal ach bíonn ranganna ceoil, amhránaíochta agus rince ar siúl i gCárna, i gCeantar na nOileán, Cois Fharraige agus sna bunscoileanna  sa cheantar máguaird.

“Tá ról lárnach agus leanúnach ag an nGaelacadamh i gcur chun cinn cultúr dúchasach sainiúil na Gaeltachta agus táimid go mór faoi chomaoin dóibh féin agus na múinteoirí atá fostaithe acu, agus is léir go bhfuil toradh fiúntach ar a gcuid oibre” a dúirt an tAire Stáit inniu.

© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Iúil 2012


Seans go mbeidh agat sna scéalta a leanas:


Scéal faoi dhó

Blagáil Bheo: Bille Gaeltachta 2012

Deiseanna fostaíochta le Gaeilge san Aontas Eorpach

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Gaeltacht


Deontas ceadaithe don Ghaelacadamh i gConamara

$
0
0
Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley T.D  inniu go bhfuil deontas €20,000 le bronnadh ar scoil cheoil an Ghaelacadaimh i  gConamara.
Chuir Deirdre Nic Chonaonaigh ón nGaelacadamh fáilte roimh an nuacht inniu.  “Is laghdú deich faoin gcéad é ar an deontas a cuireadh ar fáil dúinn anuraidh” a dúirt  sí, “ach cinnte tá sé iontach go bhfuil  an Roinn tar éis maoiniú a bhronnadh orainn arís i mbliana”.

Is é an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta an maoinitheoir is mó atá ag an nGaelacadamh agus tagann an chuid eile de bhuiséad na heagraíochta ó tháillí a ghearrtar ar thuismitheoirí na gceoltóirí óga.

Bunaíodh an scoil cheoil ag tús na nOchtóidí agus cuirtear ranganna ar fáil i nGaeltacht Chonamara agus ar Árainn. Tá an scoil lonnaithe ar an Spidéal ach bíonn ranganna ceoil, amhránaíochta agus rince ar siúl i gCárna, i gCeantar na nOileán, Cois Fharraige agus sna bunscoileanna  sa cheantar máguaird.

“Tá ról lárnach agus leanúnach ag an nGaelacadamh i gcur chun cinn cultúr dúchasach sainiúil na Gaeltachta agus táimid go mór faoi chomaoin dóibh féin agus na múinteoirí atá fostaithe acu, agus is léir go bhfuil toradh fiúntach ar a gcuid oibre” a dúirt an tAire Stáit inniu.

© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Iúil 2012


Seans go mbeidh agat sna scéalta a leanas:


Scéal faoi dhó

Blagáil Bheo: Bille Gaeltachta 2012

Deiseanna fostaíochta le Gaeilge san Aontas Eorpach

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Gaeltacht


Ag Cothú na Todhchaí: Forbairt na Tíre agus na Teanga

$
0
0
Baileoidh muintir na Gaeilge i gCeatharlach anocht nuair a chuirfear tús scoil samhraidh na bliana seo atá eagraithe ag Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Cois Céim agus Fondúireacht na Gaeilge.

Is é teideal na scoile ná Ag Cothú na Todhchaí: Forbairt na Tíre agus na Teanga, agus pléifear clár ábhar leathan in Óstán an Seven Oaks thar lá go leath, ag tosú ag 7.15 anocht agus ag críochnú ar oíche Shathairn.

Beidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin  i láthair leis an ócáid a oscailt go oifigiúil agus i measc chomhluadar na scoile beidh saineolaithe ó Bhanc Ceannais na hÉireann, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus The Irish Times, mar aon le cuairteoirí ón Spáinn agus ó Mheiriceá a mbeidh ag tabhairt cainteanna le linn an tseimineáir.

Cuirfear tús leis an bplé anocht ag 8.30pm nuair a thabharfaidh An tOllamh Peadar Kirby, Ollscoil Luimnigh, caint ar  “Tábhacht na Gaeilge i bhforbairt na tíre: Ag tabhairt aghaidh ar bhunlaigí agus ar bhundúshláin ár staire”.

Leanfaidh an plé agus an díospóireacht ar an Satharn agus cloisfear ó scoth na gcainteoirí thar an lá. 

I measc na n-aoichainteoirí beidh An Dr. Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; Dan O’Brien, Eagarthóir eacnamaíochta, The Irish Times; Des Geraghty, ball de Choimisiún Bhanc Ceannais na hÉireann; Daniel Innerarity, Globernance, An Spáinn agus Arthur Beesley, Comhfhreagraí The Irish Times sa Bhruiséil.

Tuilleadh eolais: www.fnag.ie

Foilsithe ar Gaelport.com - 13 Iúil 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Scéal faoi dhó
Deontas ceadaithe don Ghaelacadamh i gConamara
Samhail Mhaoinithe #2: Comhairleoir á lorg

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Ceatharlach


Todhchaí na Gaeilge pléite i gCeatharlach

$
0
0
Ba é an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin a d’oscail an scoil samhraidh ar thodhchaí na teanga agus na tíre i gCeatharlach Dé hAoine, 13 Iúil.
D’eagraigh Fondúireacht na Gaeilge an seimineár i gcomhpháirt le Gael Linn, Conradh na Gaeilge agus Coiscéim.

Ina aitheasc chuir an Coimisinéir in iúl don phobal an gá a bhí le hinfheistíocht a dhéanamh sa teanga anois. 

 “Cuirfear an cheist an acmhainn dúinn caiteachas a dhéanamh ar na nithe seo nuair atá na pócaí folamh go maith?”

“An freagra a bheadh agamsa ná an acmhainn dúinn gan an caiteachas riachtanach sin a dhéanamh? Cén sórt tíre a bheadh againn dá ligfimis dár n-oidhreacht chultúrtha atá mar chuid d’oidhreacht an domhain mhóir bás a fháil”, a dúirt sé.

Ach thug sé le fios don slua nach raibh staid na Gaeilge mar theanga bheo phobail chomh leochaileach riamh is atá anois.

 “Níl aon cheist ach go mairfidh an teanga sa Ghaeltacht agus níor saolaíodh fós an cainteoir dúchais deiridh ach is ceist eile ar fad í an mairfidh sí mar theanga bheo phobail agus an mbeidh sí á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin gan bhriseadh gan bhearna?”.

Bille na Gaeltachta 2012

Ag tagairt dó don Bhille Gaeltachta atá le plé sa Dáil an tseachtain seo,  dúirt sé nach bhfaca sé “oiread lagmhisnigh nó easpa muiníne” i measc cheannairí na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta is atá ann faoi láthair. Ní cosúil go bhfuil an fháilte atá a cur roimh an mBille nua sin agus is cúis imní é sin, dar leis.

Maorlathas
Thagair sé chomh maith do na fadhbanna eile atá ag cur as do ghluaiseacht na Gaeilge i láthair na huaire. 

“Ón méid atá á chloisteáil agam ó lucht ceannais na n-eagras Gaeilge, tá siad spíonta, tuirseach agus tromchroíoch tar éis dóibh a bheith sáite i maorlathas agus iad ag plé le blianta le díospóireacht gan tairbhe faoi shamhail nua maoinithe gan mhaith, gan toradh”.

“Tá a gcuid ama agus fuinnimh suaite ag an mhóriarracht seo agus an fócas iomlán air sin seachas ar an obair ar cheart agus ar mhaith leo a bheith ina bun. Tá siad imníoch anois go bhfuiltear le dul ag lorg samhail úrnua maoinithe [mark 2] agus gan aon dóchas acu go mbeidh toradh níos fearr ar an bpróiseas sin ná mar a bhí ar an gcéanna atá caite ar leataobh anois”.

Ach thug sé le fios go raibh comharthaí dearfacha go maith ann maidir le húsáid na teanga faoi láthair agus thagair sé do staitisticí ón daonáireamh a thug le fios  go raibh méadú 7% ón daonáireamh roimhe sin ar líon na ndaoine sa tír a dúirt go raibh Gaeilge acu.
© Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na nuachtáin: McGinley appeals for cross-party support on language Bill

Deiseanna fostaíochta le Gaeilge san Aontas Eorpach

Blagáil Bheo: Bille Gaeltachta 2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht #gaelport

Tacaíocht léirithe ag Comhairle Contae Chiarraí don Choimisinéir Teanga

$
0
0
Ag cruinniú de chuid Comhairle Contae Chiarraí inniu, glacadh le rún d’aon ghuth gan Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid de phlean athchóirithe don Earnáil Phoiblí.
Bá é an Comhairleoir neamhspleách Mícheál Ó Gliasáin a mhol an rún agus bhí sé cuidithe ag Toireasa Ní Fhearaíosa, Sinn Féin.

I mí na Samhna seo caite, d’fhógair an Rialtas go mbeadh an oifig neamhspleách le comhcheangail le hOifig an Ombudsman mar chuid den athchóiriú san earnáil phoiblí.

Moladh freisin don Rialtas na ciorruithe Gaeltachta ar fad a chur ar ceal go dtí go mbeidh Straitéis 20 Bliain an Rialtais socraithe suas. 

Ba é Fóram Gaeilge Chiarraí a chuir na moltaí os comhair choiste polasaí straitéiseach de chuid na comhairle. Bunaíodh an fóram i mí na Samhna 2011 agus tá ionadaithe ó ghrúpaí pobail a bhfuil suim acu an Ghaeilge a chur chun cinn sa ríocht páirteach ann.

©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Faillí na nGardaí i gceantar Gaeltachta


lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com #gaeilge #coimisineir

Tacaíocht léirithe ag Comhairle Contae Chiarraí don Choimisinéir Teanga

$
0
0
Ag cruinniú de chuid Comhairle Contae Chiarraí inniu, glacadh le rún d’aon ghuth gan Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid de phlean athchóirithe don Earnáil Phoiblí.
Bá é an Comhairleoir neamhspleách Mícheál Ó Gliasáin a mhol an rún agus bhí sé cuidithe ag Toireasa Ní Fhearaíosa, Sinn Féin.

I mí na Samhna seo caite, d’fhógair an Rialtas go mbeadh an oifig neamhspleách le comhcheangail le hOifig an Ombudsman mar chuid den athchóiriú san earnáil phoiblí.

Moladh freisin don Rialtas na ciorruithe Gaeltachta ar fad a chur ar ceal go dtí go mbeidh Straitéis 20 Bliain an Rialtais socraithe suas. 

Ba é Fóram Gaeilge Chiarraí a chuir na moltaí os comhair choiste polasaí straitéiseach de chuid na comhairle. Bunaíodh an fóram i mí na Samhna 2011 agus tá ionadaithe ó ghrúpaí pobail a bhfuil suim acu an Ghaeilge a chur chun cinn sa ríocht páirteach ann.

©Foilsithe ar Gaelport.com 16 Iúil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Faillí na nGardaí i gceantar Gaeltachta


lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com #gaeilge #coimisineir

Casadh nimhneach i gconspóid an Bhille Gaeltachta

$
0
0
“Corr nimhneach sa scéal” a thug Conradh na Gaeilge ar bhagairt na Roinne Ealaion Oidhreacht agus Gaeltachta go ligfí le urlabhraí Ghuth na Gaeltachta Dónall Ó Cnáimhsí chun siúil ón a phost sa Roinn ar an ábhar gur labhair sé amach in éadan na Roinne.
Foilsíodh an tuairisc in The Irish Daily Mail maidin inniu agus tuairiscítear ann gur sheol Ceann na Roinne i réimse na n-acmhainní daonna litir chuig an Uasal Ó Cnáimhsí atá fostaithe mar gharraíodóir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i nDún na nGall. Scríobhadh an litir i mBéarla agus baineadh leas as aistriúchán Béarla ar a ainm  ‘Mr Bonner’

Tugadh le fios ann go mb’fhéidir gur sháraigh an tUasal ó Cnáimhsí a téarmaí fostaíochta trí labhairt amach in aghaidh an Bhille.

Fear Gaeltachta is ea an tUasal Ó Cnáimhsí agus  le tamall anuas bhí sé gníomhach mar urlabhraí de chuid an ghrúpa Guth na Gaeltachta atá tar éis An Roinn agus Bille na Gaeltachta 2012 a cháineadh sna meáin le déanaí.

D’eisigh an Conradh ráiteas tráthnóna inar tugadh le fios gur raibh “ déistin agus díomá” orthu go raibh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag iarraidh srian a chur díospóireacht ar an mBille Gaeltachta atá á rith sa Dáil i láthair na huaire, tar éis dóibh iarracht a dhéanamh cosc a chur ar urlabhraí pobail labhairt ar an ábhar.

Tá roinnt Teachtaí Dála áitiúla ag tacú le cás an gharraíodóra. Ag labhairt dó inniu ó Theach Laighean dúirt Piaras Ó Dochartaigh go raibh sé go h-iomlán dochreidte go ndéanfaí seo le duine mar Dhónall Ó Cnáimhsí agus go gcuirfí bac air a chuid tuairimí a nochtadh faoin cheist atá chomh tábhachtach do thodhchaí na teanga.

Tugadh an ‘guillotine’ do Bhille na Gaeltachta sa Seanad agus níor éirigh leis na seanadóirí ach deich faoin gcéad de na leasuithe a phlé ag an am. Bhí an Bille ina ábhar conspóide arís sa Dáil an tseachtain seo caite nuair a d’iarr Teachtaí ó lucht an fhreasúra an plé a chur siar go dtí Meán Fómhair.

Le linn na díospóireachta Dé hAoine, d’impigh Aire Stáit don Ghaeltacht Dinny McGinley TD ar na páirtithe eile ón fhreasúra tacú leis an mBille ar an ábhar go mbíodh tacaíocht thraspháirtí ann do bheartais an stáit i leith na Gaeilge le tamall anuas.

Ach is léir go mbeidh jab deacair ag an Aire Stáit  comhaontú a fháil ar an mBille má achtaítear mar atá sé.

Ní  hé hamháin go bhfuil lucht an fhreasúra chomh maith le saineolaithe teanga agus eagrais Gaeilge mí shásta leis an am atá tugtha do phlé ceart ar an mBille i dTithe an Oireachtais ach tá siad go siad i gcoinne plean an Rialtais deireadh a chur le toghcháin Údaráis na Gaeltachta.

© Foilsithe ar Gaelport.com 17 Iuil 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Todhchaí na Gaeilge pléite i gCeatharlach

As na nuachtáin: Gardener gagged by the State

Bille Gaeltachta á phlé faoi dheifir

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht

An gcreideann tú sa draíocht?

$
0
0

Cuirfear muintir na príomhchathrach faoi gheasa an Domhnach seo, 22 Iúil, mar chuid de shraith nua teilifíse Midas Productions, do TG4.

Tá an tsraith bunaithe ar dhraíocht agus ar chumhacht intinne an mheabhraí óig Paul Gleeson agus é ag iarraidh spéis ghnáthphobal na hÉireann a spreagadh i gcúrsaí an domhain draíochta.
 
Beidh an pobal á chur faoi smacht na draíochta aige trí chleasanna láimhe agus léamh intinne a léiriú os comhair lucht féachana.  Agus dóibh siúd a bhfuil cróga go leor, beidh an draíodóir óg ag iarraidh daoine a chuir faoi gheasa mar chuid den chlár.
 
Beidh Midas Productions ag taifead an Domhnach seo, 22 Iúil, i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath le linn Chraobhchomórtas Thaibhléiriú Sráide an Domhain.

Tá daoine á lorg acu le bheith páirteach sa tsraith agus le dul faoi dhraíocht Paul Glesson an deireadh seachtaine seo.
 
Má tá spéis agat i gcúrsaí draíochta, nó más mian leat an taobh sin den saol a blaiseadh don chéad uair, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Midas Productions ar 01 661 1384 nó aine@midasproductions.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Iúil 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Nuacht is Déanaí: Scéal faoi dhó
An Nuacht is Déanaí: Deontas ceadaithe don Ghaelacadamh i gConamara
As na Nuachtáin: ‘Good Vibrations’ picks up fleadh prize

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #MidasProductions #draíocht

Scoláirí Meiriceánacha ag foghlaim na Gaeilge

$
0
0
Freastalóidh tríocha saoránach de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chúrsaí Gaeltachta i mbliana mar chuid de scéim atá á reáchtáil ag an gCoimisiúin Fulbright.

Bhronn Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD dámhachtainí samhraidh Gaeltachta  ar na foghlaimeoirí Gaeilge i nGleann Cholm Cille ar 17 Iúil.

Beidh na scoláirí ag freastal ar chúrsaí in Áras Mháirtín Uí Chadhain An Cheathrú Rua; Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta, Ollscoil na hÉireann Gaillimh; Oideas Gael, Gleann Cholm Cille agus in Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh. 

Tugann na dámhachtainí seo deis do na buaiteoirí freastal ar chúrsaí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.  Oibríonn an scéim seo i gcomhpháirtíocht le Coimisiún Fulbright ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus nasc dlúth a chruthú idir an dá chultúr.

Tá na scoláireachtaí maoinithe ag Roinn na Gaeltachta agus ag an Crannchur Náisiúnta agus íocann an deontas as costais lóistín agus táillí teagaisc na rannpháirtithe ach is iad féin a chlúdaíonn gach costas eile.

Is í seo an dara bliain as a chéile don scéim a bheith á reáchtáil agus tugtar seans iontach do na buaiteoirí arbh as Wisconsin, Illinois, California, Texas, Montana, Nua Eabhrac, Connecticut agus Minnesota araon, aithne mhaith a chur ar theanga, ar chultúr agus ar phobal na Gaeltachta, rud dar ndóigh nach bhfuil fáil air go héasca don té a dhéanann staidéar ar an teanga lasmuigh den tír.

Agus tugann scéimeanna mar seo deis luachmhar do gheilleagar na hÉireann agus do gheilleagar na Gaeltachta ach go háirithe, dar le  stiúrthóir na scéime, Colleen Dube, “Mar aon le tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge sna Stáit tá na Dámhachtainí Gaeltachta ag soláthar buntáistí follasacha do gheilleagar na hÉireann

"Mar aon lena gcuid ama, tá an 30 rannpháirteach ag caitheamh a gcuid airgid féin ar tháillí eitilte idirnáisiúnta agus ar chostais taistil, lóistín agus siamsaíochta breise fhad is atá siad anseo in Éirinn. Is eiseamláir shármhaith iad na dámhachtainí seo de chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí in earnáil na turasóireachta cultúrtha”, a dúirt sí.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.fulbright.ie.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Iúil 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Tacaíocht léirithe ag Comhairle Contae Chiarraí don Choimisinéir Teanga

Deontas ceadaithe don Ghaelacadamh i gConamara

Samhail Mhaoinithe #2: Comhairleoir á lorg

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Scoláirí Meiriceánacha ag foghlaim na Gaeilge

$
0
0
Freastalóidh tríocha saoránach de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chúrsaí Gaeltachta i mbliana mar chuid de scéim atá á reáchtáil ag an gCoimisiúin Fulbright.

Bhronn Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD dámhachtainí samhraidh Gaeltachta  ar na foghlaimeoirí Gaeilge i nGleann Cholm Cille ar 17 Iúil.

Beidh na scoláirí ag freastal ar chúrsaí in Áras Mháirtín Uí Chadhain An Cheathrú Rua; Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta, Ollscoil na hÉireann Gaillimh; Oideas Gael, Gleann Cholm Cille agus in Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh. 

Tugann na dámhachtainí seo deis do na buaiteoirí freastal ar chúrsaí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.  Oibríonn an scéim seo i gcomhpháirtíocht le Coimisiún Fulbright ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus nasc dlúth a chruthú idir an dá chultúr.

Tá na scoláireachtaí maoinithe ag Roinn na Gaeltachta agus ag an Crannchur Náisiúnta agus íocann an deontas as costais lóistín agus táillí teagaisc na rannpháirtithe ach is iad féin a chlúdaíonn gach costas eile.

Is í seo an dara bliain as a chéile don scéim a bheith á reáchtáil agus tugtar seans iontach do na buaiteoirí arbh as Wisconsin, Illinois, California, Texas, Montana, Nua Eabhrac, Connecticut agus Minnesota araon, aithne mhaith a chur ar theanga, ar chultúr agus ar phobal na Gaeltachta, rud dar ndóigh nach bhfuil fáil air go héasca don té a dhéanann staidéar ar an teanga lasmuigh den tír.

Agus tugann scéimeanna mar seo deis luachmhar do gheilleagar na hÉireann agus do gheilleagar na Gaeltachta ach go háirithe, dar le  stiúrthóir na scéime, Colleen Dube, “Mar aon le tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge sna Stáit tá na Dámhachtainí Gaeltachta ag soláthar buntáistí follasacha do gheilleagar na hÉireann

"Mar aon lena gcuid ama, tá an 30 rannpháirteach ag caitheamh a gcuid airgid féin ar tháillí eitilte idirnáisiúnta agus ar chostais taistil, lóistín agus siamsaíochta breise fhad is atá siad anseo in Éirinn. Is eiseamláir shármhaith iad na dámhachtainí seo de chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí in earnáil na turasóireachta cultúrtha”, a dúirt sí.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.fulbright.ie.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Iúil 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Tacaíocht léirithe ag Comhairle Contae Chiarraí don Choimisinéir Teanga

Deontas ceadaithe don Ghaelacadamh i gConamara

Samhail Mhaoinithe #2: Comhairleoir á lorg

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Deis caillte don Ghaeltacht le hachtú Acht na Gaeltachta 2012

$
0
0

Is ábhar díomá`é do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur achtaíodh Acht na Gaeltachta 2012 beag beann ar mhianta an phobail inniu.

In ainneoin go bhfuil géarchéim teanga ag bagairt ar phobail na Gaeltachta, ní bheidh aon leigheas ar fáil san oideas atá á bhrú ag an Rialtas seo ar mhuintir na Gaeltachta.

Is cúis iontais don Chomhdháil an deifir a bhain leis an mBille áirithe seo a chur tríd Thithe an Oireachtais roimh scor an tsamhraidh agus nach ndearnadh iarracht réasúnta ciallmhar comhairliúchán poiblí agus díospóireacht phoiblí a chur ar bun leis an earnáil dheonach agus le grúpaí eile.

Tionscnaíodh an Bille ar 19 Meitheamh sa Seanad agus níor ghlacadh le leasú ar bith a bhí molta ag an gComhdháil, ag saineolaithe teanga nó ag grúpaí eile a bhíonn ag tacú le pobail Ghaeltachta ó lá go lá.

“Más é go mbeidh rathúlacht an Achta seo ag brath ar dhea-thoil an phobail mar atá ráite ag an Aire Stáit, cén fáth nach ndeachaigh sé i dteagmháil leis an bpobal d’fhonn spiorad na comhpháirtíochta a léiriú dóibh”, a dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Faoin Acht seo déanfar athstruchtúrú ar na ceantair Ghaeltachta agus beidh  naoi gceantar déag pleanála teanga faoi leith le hainmniú agus beidh plean teanga le réiteach ag gach ceantar.

Mhol an Chomhdháil go dtabharfaí aird ar  an gcatagóiriú A, B, C a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus limistéir phleanála teanga a mbeartú. Tá an córas mar atá leagtha amach san Acht lochtach go maith mar tabharfar go leor cumhachta don Aire agus  ag an am céanna ní bheidh ról ag oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga sa phróiseas.

Is ábhar buartha eile don Chomhdháil nach ndearnadh aon soiléiriú ar an méid airgid a bheidh le fáil ag coistí pobail a rachaidh i mbun na bpleananna teanga a leagan amach agus a chur I bhfeidhm ina gceantair féin.

Ar na mórspriocanna eile atá luaite leis an Acht, leagtar amach ann córas ceapacháin nua do chomhaltaí Bhord an Údaráis. Cuirfear deireadh le toghchán an Údaráis agus ina áit beidh seachtar den Bhord le haimniú ag an Aire agus cúigear eile le haimniú ag comhairlí contae.

“Leis an mbealach atá leagtha amach san Acht, is beag ionchur a bheidh ag an bpobal sa phróiseas sin, is deacair a shamhlú go gceapfar Bord atá ionadaíoch ar phobal na Gaeltachta”, a dúirt Kevin De Barra.

Chomh maith leis sin,  Is ísliú stádais a bheidh tugtha do mhuintir na Gaeltachta i gContae Chorcaí, i gContae Phort Láirge agus i gContae na Mí agus d’iarr an Chomhdháil ar an Aire an Bille a leasú le go mbeadh na cearta céanna ag gach saoránach Gaeltachta.

“ Ar an drochuair ní fheictear don Chomhdháil go dtugann an tAcht seo an tacaíocht agus spreagadh do mhuintir na Gaeltachta comhoibriú lena chéile i dtreo spriocanna na straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach agus cur le líon na gcainteoirí Gaeilge.

“Anuas air sin, feictear don Chomhdháil nach dtagann an tAcht agus an caoi gur caitheadh le pobal na Gaeltachta le linn an phróisis ar fad, le bunphrionsabail na pleanála teanga in ainneoin fianaise lom an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch go mbeidh deireadh leis an nGaeilge i gcuid de na ceantair Ghaeltachta mar theanga laethúil pobail laistigh de saolré na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge”

 

Preasráiteas de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge - Foilsithe ar Gaelport.com 19 Iúil 2012.


Sonraí Teagmhála do na meáin: Niamh Ní Shúilleabháin - niamh@comhdhail.ie / 0879624868

Deis caillte don Ghaeltacht le hachtú Acht na Gaeltachta 2012

$
0
0

Is ábhar díomá`é do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur achtaíodh Acht na Gaeltachta 2012 beag beann ar mhianta an phobail inniu.

In ainneoin go bhfuil géarchéim teanga ag bagairt ar phobail na Gaeltachta, ní bheidh aon leigheas ar fáil san oideas atá á bhrú ag an Rialtas seo ar mhuintir na Gaeltachta.

Is cúis iontais don Chomhdháil an deifir a bhain leis an mBille áirithe seo a chur tríd Thithe an Oireachtais roimh scor an tsamhraidh agus nach ndearnadh iarracht réasúnta ciallmhar comhairliúchán poiblí agus díospóireacht phoiblí a chur ar bun leis an earnáil dheonach agus le grúpaí eile.

Tionscnaíodh an Bille ar 19 Meitheamh sa Seanad agus níor ghlacadh le leasú ar bith a bhí molta ag an gComhdháil, ag saineolaithe teanga nó ag grúpaí eile a bhíonn ag tacú le pobail Ghaeltachta ó lá go lá.

“Más é go mbeidh rathúlacht an Achta seo ag brath ar dhea-thoil an phobail mar atá ráite ag an Aire Stáit, cén fáth nach ndeachaigh sé i dteagmháil leis an bpobal d’fhonn spiorad na comhpháirtíochta a léiriú dóibh”, a dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Faoin Acht seo déanfar athstruchtúrú ar na ceantair Ghaeltachta agus beidh  naoi gceantar déag pleanála teanga faoi leith le hainmniú agus beidh plean teanga le réiteach ag gach ceantar.

Mhol an Chomhdháil go dtabharfaí aird ar  an gcatagóiriú A, B, C a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus limistéir phleanála teanga a mbeartú. Tá an córas mar atá leagtha amach san Acht lochtach go maith mar tabharfar go leor cumhachta don Aire agus  ag an am céanna ní bheidh ról ag oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga sa phróiseas.

Is ábhar buartha eile don Chomhdháil nach ndearnadh aon soiléiriú ar an méid airgid a bheidh le fáil ag coistí pobail a rachaidh i mbun na bpleananna teanga a leagan amach agus a chur I bhfeidhm ina gceantair féin.

Ar na mórspriocanna eile atá luaite leis an Acht, leagtar amach ann córas ceapacháin nua do chomhaltaí Bhord an Údaráis. Cuirfear deireadh le toghchán an Údaráis agus ina áit beidh seachtar den Bhord le haimniú ag an Aire agus cúigear eile le haimniú ag comhairlí contae.

“Leis an mbealach atá leagtha amach san Acht, is beag ionchur a bheidh ag an bpobal sa phróiseas sin, is deacair a shamhlú go gceapfar Bord atá ionadaíoch ar phobal na Gaeltachta”, a dúirt Kevin De Barra.

Chomh maith leis sin,  Is ísliú stádais a bheidh tugtha do mhuintir na Gaeltachta i gContae Chorcaí, i gContae Phort Láirge agus i gContae na Mí agus d’iarr an Chomhdháil ar an Aire an Bille a leasú le go mbeadh na cearta céanna ag gach saoránach Gaeltachta.

“ Ar an drochuair ní fheictear don Chomhdháil go dtugann an tAcht seo an tacaíocht agus spreagadh do mhuintir na Gaeltachta comhoibriú lena chéile i dtreo spriocanna na straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach agus cur le líon na gcainteoirí Gaeilge.

“Anuas air sin, feictear don Chomhdháil nach dtagann an tAcht agus an caoi gur caitheadh le pobal na Gaeltachta le linn an phróisis ar fad, le bunphrionsabail na pleanála teanga in ainneoin fianaise lom an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch go mbeidh deireadh leis an nGaeilge i gcuid de na ceantair Ghaeltachta mar theanga laethúil pobail laistigh de saolré na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge”

 

Preasráiteas de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge - Foilsithe ar Gaelport.com 19 Iúil 2012.


Sonraí Teagmhála do na meáin: Niamh Ní Shúilleabháin - niamh@comhdhail.ie / 0879624868

Féile an Droichid ag druidim linn go luath!

$
0
0

Beidh Féile an Droichid á reáchtáil ag Ionad Cultúir ‘An Droichead’ don cheathrú bliain as a chéile i mBéal Feirste.

Maireann an fhéile le haghaidh deireadh seachtaine amháin ó 23-26 Lúnasa agus beidh neart imeachtaí éagsúla á reáchtáil a fheileann do gach cineál aoisghrúpa.

Cuirfear tús le mór-imeachtaí na Féile ar 23 Lúnasa le hoíche mhór cheoil leis an amhránaí sean-nóis iomráiteach, Iarla Ó Lionáird as Cúil Aodha in Iarthar Chorcaí agus é in éineacht laoch an cheoil ghiotáir Steve Cooney as Melbourne na hAstráile. Beidh an cheolchoirm speisialta seo ar siúl san ionad ealaíon úr ‘An Mac’ ag 8 pm.

An oíche dár gcionn beidh scoth an cheoil le cloisteáil sa Droichead le beirt cheoltóirí aitheanta, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Breandán Ó Beaglaoich. Tá an bheirt seo ag nascadh cheol an bhosca agus cheol na fidle le chéile ar bhealach draíochtúil agus is cinnte go gcuirfear an lucht féachana faoi gheasa ar an oíche seo. Ní strainséir é Caoimhín Ó Raghallaigh don fhéile áfach. Bhí sé féin agus Iarla Ó Lionáird mar bhaill den ghrúpa ceoil comhaimseartha ‘The Gloaming’ a sheinn ag príomh-cheolchoirm na féile anuraidh. Tosóidh an cheolchoirm ag 7.45pm. in ionad ‘An Droichead’ ar Dé hAoine, 24 Lúnasa.

Ansin Dé Sathairn ag an ionad agus an t-am céanna, cloisfear cónascadh iontach le ceol an bhasúcaí, an chonsairtín, na bpíopaí uillinn agus an mhéarchláir le Dónal Lunny Pádraig Rynne, John McSherry agus Graham Henderson. Seo an chéad uair don ghrúpa seo ceol a chasadh le chéile ach tá clú agus cáil bainte amach acu mar cheoltóirí aonair.

I measc na n-imeachtaí eile a chuirfear ar fáil, beidh na scannáin mhóra Ghaeilge ‘ Mise Éire’ agus ‘Poitín’ á dtaispeáint san QFT (Queens Film Theatre), reáchtálfar taispeántas ceirníní I Halla Uladh, dianchúrsaí Gaeilge / Gaidhlig, ceardlanna consairtín agus basúcaí leis na máistrí ceoil Padraig Rynne agus Dónal Lunny, ceardlanna bodhráin, feadóige móire agus fífe chomh maith le neart seisiún ceoil i rith na féile uile.

Cuirfear rang ealaíne ‘Seisiún Graffiti’ agus rang gluaiseachta ar fáil do pháistí chomh maith. Beidh sonraí maidir le gach imeacht ar fáil ar www.androichead.com.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Iúil 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Scoláirí Meiriceánacha ag foghlaim na Gaeilge

Scéal faoi dhó

Seirbhís nuachta Gaeilge 'Meon Eile' Seolta

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #FAnD12

Comórtas: An dlúthdhiosca ‘Irish Traditional Sean-Nós Songs’ le buachan

$
0
0

An tseachtain seo beidh dlúthdhiosca den scoth leis an amhránaí clúiteach Celia Ní Fhátharta le buachan.

Is as Baile na hAbhann i gConamara do Celia agus ní haon ionadh go bhfuil na hamhráin agus an sean-nós ina cuid fola ón gcliabhán, mar is duine do chuid deirfiúracha Ghrealish as Muiceanach idir Dhá Sháile i gConamara a máthair.

Bhuaigh Celia Corn Uí Riada i 1999 agus d'imigh sí ar imirce go luath ina dhiaidh sin. Seoladh an CD anuraidh agus ba fada lucht an tsean-nóis ag fanacht le taifeadadh uaithi ach b'fhiú an fanacht sin. Tá an binneas, an brón agus an gealgháire le cloisteáil in glór maorga ar an taifeadadh álainn seo d’amhráin ar nós Neainsín Bhán, Úna Dheas Ní Nia, Sagart na Cuile Baine, Bríd Thomáis Mhrucha mar aon le go leor eile.

Ceist na seachtaine seo:

Cén bhliain ar buaigh Celia Ní Fhátharta Corn Uí Riada ?
• 2001
• 1996
• 1984
• 1999

Seol freagraí agus ainm chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, Dé hAoine, 03 Lúnasa 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Bairbre Uí Theighneáin as Co. Laoise a bhuaigh duais an eagráin seo caite.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Iúil 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Féile an Droichid ag druidim linn go luath!

As na Nuachtáin: Seachtain na Gaeilge

As na Nuachtáin: TG4 show snapped up by NBC International


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #comortas

Trí Scór Bliain á cheiliúradh ag Daonscoil na Mumhan

$
0
0

Osclófar Daonscoil na Mumhan 2012 go hoifigiúil ar Dé Domhnaigh, 19 Lúnasa, leis an Aire Stáit Dinny McGinley  TD.

Beidh an tAire ann le tús a chur le seachtain iontach ábhartha a leanfaidh ar aghaidh i gColáiste na Rinne, Co. Phort Láirge, go dtí an Aoine, 24 Lúnasa.

Bunaíodh Daonscoil na Mumhan sa bhliain 1953 mar choláiste samhraidh Gaeltachta do dhaoine fásta agus, mar is iondúil, gealltar seachtain chultúrtha oideachasúil, lán d’fhuinneamh agus de chraic arís i mbliana.

Beidh léachtaí éagsúla ar siúl gach lá a chlúdóidh réimse leathan ábhar idir theicneolaíocht, thalmhaíocht, an Eoraip agus chúrsaí sláinte.

I measc na n-aíonna a mbeidh ag tabhairt cainte beidh Caoimhe Ní Chuinn (An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge), An Dr. Con Ó Ruairc, Seán Ó Ceallaigh MEP, an tOllamh Seosamh de Barra (Coláiste na Tríonóide), agus beidh Edel Ní Chuinn, Ceannaire Raidió na Gaeltachta i láthair ar an Aoine le caint a thabhairt ar chomóradh 40 bliain an stáisiúin.

I dteannta na léachtaí beidh neart imeachtaí cultúrtha agus siamsaíochta ar siúl le linn na scoile. Reáchtálfar tráth na gceist, turas rúnda, siúlóid sléibhe, ceardlann filíochta le hÁine Ní Fhoghlú agus ceolchoirm mhór ar an Déardaoin.

Tabharfar deis do dhaoine dul i dtaithí ar an damhsa ar an Seán-Nós ag máistir-rang ar an Luan le Anne Mulqueen agus ceardlann damhsa ar an Sean-Nós le ‘Tura’ Arutura ar an Déardaoin. Beidh deis ann na céimeanna nua a léiriú ag an gcéilí ar an Luan, an Mháirt agus an Chéadaoin.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Iúil 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Deis caillte don Ghaeltacht le hachtú Acht na Gaeltachta 2012

Todhchaí na Gaeilge pléite i gCeatharlach

Casadh nimhneach i gconspóid an Bhille Gaeltachta


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>