Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Blagáil Bheo: Bille Gaeltachta 2012

$
0
0
Tá Bille na Gaeltachta 2012 a á phlé sa Dáil inniu tar éis gur glacadh leis sa Seanad aréir. Lean an plé sa bhlag beo ar Gaelport.com thíos..

17:30 Sin é. Tá clabhsúr leis an díospóireacht ar an mBille Gaeltachta don lá inniu. Luaitear go mbeidh sé le plé arís sa Dáil maidin amárach, 13 Iúil. Cén tuairim atá agatsa? Seol ríomhphost chugainn nó fág teachtaireacht ar Facebook.com/Gaelportcom.

17:25 Tá an Teachta Joe O'Reilly  tar éis fáilte a chur roimh Bhille na Gaeltachta.

17:20 "There is no distinction between preserving Irish rather than promoting the language in this Bill" a deir sí. "A fundemental flaw is that the Gaeltacht boundaries dont reflect the research that has been done".

17:16 Anois tá Clare Daly TD ag cur a tuairimí in iúl don Dáil. Deir sí go bhfuil ionadh uirthi go raibh an oiread sin cainteoirí Gaeilge sa Dáil.   "The State needs to serve the language communities in their native languages in order for them to survive"

Tá amhras uirthi nach bhfuil na sainmhínithe sa Bhille láidir go leor "There is a belief that definitions in the bill aren't binding, and that the Bill is based too much on Ministerial discretion rather than actual data".

17:06 Tá Séamus Healy TD ag caint anois. Is as Tiobraid Árann dó agus tá a chol seisir Donncha Ó hÉallaithe tar éis tráchtaireacht bhisiúil a dhéanamh ar an mBille ó tioscnaíodh é. Cuireann sé fáilte roimh an foráil maidir le bailte seirbhíse Gaeltachta a bhunú faoin mbille chomh maith le gréasáin Ghaeilge. Tá imní air go mbeidh deireadh le toghcháin an Údaráis agus deir sé go bhfuil imní ag daoine atá ina gcónaí sna Gaeltachtaí beaga nach mbeidh ioadaíocht ann dóibh.

17:00  Tá an córas oideachais á phlé aige anois, agus an fuath atá ag a iníon don teanga. "Something seriously has to be done with the way it is thought in school". Creideann sé gur cheart go mbeadh scrúdú ann ina bheadh céad faoin gcéad do na marcanna ag dul don bhéaltriail ann.

Beidh lucht TG4 sásta leis an moladh atá aige don tráchtaireacht leadóige a craoladh an tseachtain seo caite. "I never knew what freastal was until I watched Wimbledon Beo on TG4",  a deir sé.

16:52 Tá  Luke Ó Flanagáin TD ag caint anois. " I'm going to spoil the party and talk in English" a deir sé. Ag tagairt dó don phlé a bhí ann i nGaeilge sa Dail go dtí seo deir sé, "Maybe the people in here were better in Irish at school"  "The main thing I have picked up from the debate that there seems to be an argument that we should focus more on Irish where is standard, more than 2/3 population speak it".

"There is a part of me that sees a lot of sense in protecting these areas, from my experience living in Germany and Spain. If those areas disappear, we will never have that opportunity to go to the only places we could learn the language"

16:50 Táimid ag tabhairt isteach reachtaíocht a bhfuil feidhm uile-Éireannach leis, dar le Piaras Ó Dochartaigh ach ní raibh aon phlé leis an Aire ó Thuiadh maidir leis na cúraimí a bheidh á chur ar Fhoras na Gaeilge tacaíocht a thabhairt do choistí pobail sna bailte seirbhíse Gaeltachta, dar leis.

16:45 Tá na ceantair phleanála teanga á bplé ag Piaras Ó Dochartaigh anois. Ní aithníonn an Bille an ghéarchéim ata ann sa Ghaeltacht. Is í an cheist maidir leis na ciorruithe sna scoileanna tuaithe atá á phlé aige anois. Chomh maith leis sin tá sé ag ceistiú na gcritéir a bheidh á leagan amach mar chuid den mBille.

 

16:36 Tá aitheasc á thabhairt ag Piaras Ó Dochartaigh TD anois. Deir sé nach dtuigeann sé an moill leis an Bille a chur i láthair. Tá ceist an daonlathais an tábhachtach ach is í an fhadhb is mó atá ann ná go bhfuil an teanga ag fáil báis, dar leis. Bhí moltaí sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nach bhfuil le fáil sa reachtaíocht atá á phé inniu.

16:33 "Creimeadh an daonlathais atá ann sa Bhille", dar le Aengus Ó Snodaigh TD. Am cinniniúnach dúinn é sa Dáil ach am cinniúnach do theaghlaigh atá tar éis páistí a thógáil le Gaeilge", dar leis.

16.27 "Níl trí uair a chloig Déardaoin seo chugainn fada go leor le gach foráil sa Bhillle seo a phlé", dar le Aengus Ó Snodaigh. Ceist aige maidir leis na hacmhainní a bheidh curtha ar fáil don Údarás agus do na coistí pobail a bheidh freagrach as pleananna teanga a chur le chéile sna ceantair Ghaeltachta.

16:25 Tá Aengus Ó Snodaigh ag labhairt anois. Tháinig cóip d'aitheasc an Aire díreach ansin óna oifigeach preasa ansin agus tá sé léamh thíos. Tá staitisticí spéisiúla ann maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

De réir Dhaonáireamh 2011, níl ach 24% de dhaonra na Gaeltachta, nó 23,175 duine, ag úsáid na Gaeilge go laethúil.

16:20 "Mar gheall go raibh leasuithe ann, léiríonn sé sin go bhfuil an-bhuairt ann. Ní aontaíonn sé le Michael Kitt agus an tuairim atá aige nach raibh an Bille á phlé ag an bpobal.

16.15 Dara Calleary TD fós i mbun cainte. Tá ceisteanna aige maidir leis an gcóras a bheidh ann do na pleananna teanga agus an ról a bheidh ag an Roinn.  Rinne Peig dochar uafásach don Ghaeilge dar leis. Anois tá seans againn an Ghaeilge a cheiliúradh. Tá sin soiléir ó na gaelscoileanna dar leis. Ach táimid ag dul sa treo mícheart leis an mBille seo dar leis.

16:13 Go dtí seo níl an fhearg chéanna le feiceáil sa Dáil mar a bhí soiléir sa Seanad an tseachtain seo caite.

16:08 Dara Calleary TD ag labhairt anois. Tá díomá air nár tugadh níos mó ama don Bhille sa Dáil. Cuireann sé fáilte roimh an Acht ach ní aontaíonn sé leis an mBille toisc go gcuirfear deireadh le toghcháin an údaráis.  "Tá seans caillte againn" a deir sé mar nár beidh an deis againn plé a dhéanamh ar thodhcaí na Gaeltachta mar a tharla nuair a bhí toghcháin an Údaráis ann.

16:00 Deir Kitt nach raibh go leor plé ar an mBille Gaeltachta sna meáin chumarsáide in ainneoin an phlé a bhí sa Seanad an tseachtain seo caite. "You are getting away with it in Irish," a deir sé.

15:59 Léiríonn Michael Kitt TD imní go bhfuil air go mbeidh an-iomarca cumhachta ag an Aire. Buairt an Choimisinéara Teanga agus Chonradh na Gaeilge luaite aige faoi bheartas an rialtais an Bille a Achtú roimh shos an tsamhraidh.

15:30 Tá oráid an Aire Stáit Dinny McGinley TD le léamh thíos

 

"A Cheann Comhairle,
Cuireann sé áthas mór ormsa, mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta, agus mar ionadaí poiblí de bhunadh na Gaeltachta, tús a chur leis an díospóireacht ar Bhille na Gaeltachta 2012 i nDáil Éireann tráthnóna inniu.  Mar is eol daoibh, tionscnaíodh an Bille seo i Seanad Éireann agus chríochnaigh sé gach céim sa Teach sin tráthnóna inné.

Is Bille gairid é Bille na Gaeltachta 2012, le 25 alt i gceithre chuid, agus Sceideal.  Mar sin féin, creidimse gur Bille thar a bheith tábhachtach é a mbeidh dea-thionchar aige ar chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre ar feadh na mblianta amach romhainn.  Ní mór dúinn cuimhneamh gurb í seo an chéad uair ó 1956 go bhfuil aird á tabhairt, trí reachtaíocht, ar an ghá atá le brí nua a thabhairt don Ghaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do phobail eile sa Stát a thugann tacaíocht don Ghaeilge.

Tuigeann muid ar fad na hathruithe móra sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus déimeagrafacha atá tagtha ar an Ghaeltacht sa tréimhse sé bliana agus leathchéad atá caite ón phíosa reachtaíochta deireanach sin.  An uair sin, bhí daonra iomlán de 86,000 duine sa Ghaeltacht.  Inniu, tá an figiúr sin méadaithe go dtí 97,000 duine ach, ar an drochuair, níl líon na gcainteoirí a úsáideann an Ghaeilge go laethúil ag méadú dá réir.  De réir Dhaonáireamh 2011, níl ach 24% de dhaonra na Gaeltachta, nó 23,175 duine, ag úsáid na Gaeilge go laethúil. Tugann an figiúr seo léargas iontach soiléir dúinn ar staid leochaileach na Gaeilge sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann agus ar a riachtanaí agus atá sé bearta nua samhlaíocha a thógáil chun na dúshláin a shárú agus tacaíocht a thabhairt do na pobail sin atá tiomanta don oidhreacht shainiúil speisialta atá acu a chaomhnú do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.

Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt fosta don líon mór teaghlach agus pobal atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.  Is comhartha dóchais é go bhfuil 1.77 milliún duine sa Stát seo anois a deir go bhfuil eolas acu ar an Ghaeilge.  Úsáideann 77,000 duine an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais agus níl amhras ar bith ach go bhfuil dea-thoil fhorleathan don Ghaeilge i measc an phobail i gcoitinne.  Tugann sé seo ar fad dúshraith mhaith dúinn le tógáil uirthi agus muid ar ár ndícheall ag iarraidh na spriocanna dúshlánacha atá leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.

An Bille
Ba mhaith liom anois léargas gairid a thabhairt daoibh ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhfhorálacha an Bhille.  

Tá dhá phríomhchuspóir ag an Bhille seo, is iad sin, foráil a dhéanamh maidir le próiseas reachtúil pleanála teanga chun tacú leis an Ghaeilge agus foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhord agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

An Phleanáil Teanga
Maidir leis an phróiseas reachtúil pleanála teanga, déantar foráil leis an Bhille maidir le hainmniú na Gaeltachta reatha mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.  Chun na críche sin, bainfear úsáid as critéir pleanála teanga a bheidh leagtha síos i Rialacháin.  Tá gá leis an chur chuige seo chun aghaidh a thabhairt ar an athrú suntasach teanga atá ag tarlú sa Ghaeltacht.  Léiríonn an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, i bhfianaise phátrún labhartha teanga an aosa óig, ach go háirithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh ach saolré 15 go 20 bliain fágtha ag an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht, mura ndéanfar gníomh práinneach ina leith seo.

Is mar gheall ar an tuar sin go bhfuil forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ina ghné lárnach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Dá bhrí sin, tabharfaidh an Bille seo feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do 19 limistéar pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht, faoi réir rialacháin a shaineoidh na critéir pleanála teanga.  

Tá na ceantair a bheidh á roghnú le bheith mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta bunaithe cuid mhaith ar na limistéir pleanála atá ag Údarás na Gaeltachta cheana féin, ach ag tógáil san áireamh nithe ar nós cúrsaí teanga, cúrsaí tíreolaíochta, struchtúir pobail agus dlús daonra.  Ós rud é go bhfuil baint lárnach ag an Údarás leis an fhorbairt phobail sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla, ar nós comharchumainn agus comhlachtaí forbartha, beidh ról ag an Údarás maidir le cúnamh a thabhairt do phobail i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir seo.  

Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh gach ceantar atá sa Ghaeltacht faoi láthair ag fáil an deis páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála teanga.  Chomh maith leis sin, tá forálacha sa Bhille chun gur féidir leis an Aire ceantair a scor de bheith ina limistéir Ghaeltachta ar an bhunús go dtograíonn siad gan a bheith páirteach sa phróiseas nó nach bhfuil pleananna teanga á gcur i bhfeidhm ar bhonn sásúil.
Déantar foráil leis an Bhille fosta maidir le Bailte Seirbhíse Gaeltachta a ainmniú.  Is é atá i gceist leo sin ná bailte atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, nó taobh leo, agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do na limistéir sin.  Chun go ndéanfar ainmniúchán mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, beidh ar eagraíocht i mbaile den sórt sin plean teanga a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú.  Déanfaidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, ag brath ar cibé acu atá an baile suite laistigh de Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó lasmuigh díobh, cúnamh a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte sin.

Mar atá ráite agam, is tuar dóchais é an méid atá ar siúl i bpobail éagsúla lasmuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach nach mbeidh an próiseas pleanála teanga teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair.  Baineann alt 11 den Bhille le pobail teanga, atá lasmuigh de Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, a ainmniú mar Líonraí Gaeilge.  Is é atá sna Líonraí Gaeilge sin ná limistéir a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu i dtaca le tacaíocht phobail agus tacaíocht Stáit don Ghaeilge agus a bhfuil pleananna teanga ullmhaithe ina leith.  Beidh ról ag Foras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt d’eagraíochtaí i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga i Líonraí Gaeilge.
Na Rialacháin
Foráiltear le halt 12 den Bhille go ndéanfaidh an tAire, le Rialachán, na critéir pleanála teanga a úsáidfear i leith pleananna teanga i leith Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge a fhorordú.  Tá réamhullmhúchán déanta cheana ag mo Roinn chun critéir shamplacha, a chuimseoidh gach gné de shaol an phobail, a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.  Tá na critéir seo foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag www.ahg.gov.ie.

Údarás na Gaeltachta
Tá aitheantas poiblí tugtha agamsa go minic cheana don obair cheannródaíoch atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ag forbairt na Gaeltachta le breis agus 30 bliain.  Cuirfidh na hathruithe atá beartaithe sa Bhille seo dlús leis an obair sin agus ginfidh na feidhmeanna breise Gaeilge-lárnaithe atáthar ag tabhairt don Údarás misneach agus fuinneamh nua san eagraíocht.

Déantar na forálacha seo a leanas leis an Bhille:
(i)    deireadh a chur leis an gceanglas i ndáil le toghcháin dhíreacha chun bord Údarás na Gaeltachta;
(ii)    laghdú a dhéanamh ar an líon comhaltaí ar an bhord ó 20 go 12; foráil a dhéanamh maidir le comhairlí contae, a bhfuil limistéir Ghaeltachta laistigh díobh, d’ainmniú cúig chomhalta den bhord lena gceapadh ag an Aire, agus foráil a dhéanamh maidir leis an Aire do cheapadh na 7 gcomhalta eile;  
(iii)    feidhmeanna breise a thabhairt don Údarás maidir le pleanáil teanga agus cur chun cinn teanga sa Ghaeltacht;
(iv)    deireadh a chur le coistí reachtúla réigiúnacha an Údaráis;
(v)    laghdú a dhéanamh ar mhéid a choiste meastóireachta reachtúil;
(vi)    a chumasú don Aire a ordú don Údarás infheistíocht a dhéanamh in earnálacha áirithe fiontraíochta; agus
(vii)    foráil a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara eile.

De bharr na leasuithe atáthar ag déanamh ar alt 8 d'Acht Údarás na Gaeltachta 1979, soiléireofar go bhfuil cúram reachtúil ar an Údarás maidir le forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn.  

Mar is eol daoibh, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas deireadh a chur le toghcháin do bhord an Údaráis.  Mar aitheantas don traidisiún láidir daonlathais atá ag baint leis an bhord áfach, tá gné dhaonlathach de cheapadh na gcomhaltaí á coinneáil.  Déanfaidh comhairlí contae, a bhfuil limistéar Gaeltachta nó Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta suite ina ndlínse, cúig chomhalta den bhord a ainmniú as measc na gcomhaltaí tofa.  Déanfar ceathrar comhalta den chúigear sin a ainmniú as measc chomhaltaí tofa chomhairlí contae chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí agus beidh siad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige.  Déanfar an t-ainmniúchán eile a líonadh ar bhonn sealaíochta uair amháin gach dhá bhliain trí chomhalta tofa a bheith ainmnithe ag ceann amháin de na comhairlí contae ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta (is iad sin Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí).

I gcás nach féidir le comhairle contae duine dá comhaltaí tofa a ainmniú ar chúiseanna nach bhfuil an duine ar fáil nó go bhfuil sé nó sí mí-oiriúnach, féadfaidh an chomhairle sin duine seachas ionadaí tofa a ainmniú.  Is é an tAire a cheapfaidh na seacht gcomhalta eile, lena n-áirítear an Cathaoirleach.  

Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh ar gach duine a cheapfar a dheimhniú don Aire go bhfuil taithí acu, nó go bhfuil cumas léirithe acu, i ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis, lena n-áirítear an cumas chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach i nGaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach.  

Impleachtaí Airgeadais

Beidh sábháiltí airgid ag eascairt ón Bhille seo.  Meastar gurb é a bheidh sa tsábháil a leanfaidh as Cuid 3 den Bhille a bhaineann le bord Údarás na Gaeltachta ná tuairim is €100,000 sa bhliain agus sábháil suas go €500,000 gach cúig bliana Ní shamhlaítear go leanfaidh aon chostais bhreise don Státchiste as na codanna eile den Bhille mar go mbeidh siad á gcur i gcrích laistigh den soláthar a bheidh ceadaithe ón Státchiste, trí phróiseas na Meastachán.

Díospóireacht ar an Bhille go dtí seo
Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir le nithe atá tagtha chun cinn ón uair gur foilsíodh an Bille an mhí seo caite.

Easpa comhairliúcháin phoiblí
Tá cáineadh déanta ar an Bhille mar gheall ar easpa comhairliúcháin phoiblí agus easpa ama a líomhnaítear a bheith tugtha don díospóireacht i dTithe an Oireachtais.  Ní ghlacaim leis na líomhaintí seo ar chor ar bith.  Is mar gheall ar thréimhse fhada comhairliúcháin phoiblí ag dul siar blianta atá an Bille seo tagtha ar an fhód. D'eascair na comhairliúcháin phoiblí seo as tionscnaimh agus próisis éagsúla ar a n-áirítear Coimisiún na Gaeltachta, an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Anuas air sin, bhí comhairliúcháin phoiblí ann maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus Acht na dTeangacha Oifigiúla.  Creidimse go láidir gur gníomh atá ag teastáil anois seachas tuilleadh cainte.

Tugadh thart ar dheich n-uaire an chloig don díospóireacht ar an Bhille seo sa Seanad le coicís anuas.  Faoin am a mbeidh sé imithe trí gach chéim sa Dáil, beidh tuairim is fiche uair a chloig díospóireachta déanta air idir an dá Theach.  Dá bhrí sin, ní thuigim conas gur féidir a rá nár tugadh deis do Thithe an Oireachtais forálacha an Bhille a chíoradh go mion.

Cuireadh thart ar chéad seasca (160) leasú síos ar an Bhille agus é ag dul trí na céimeanna éagsúla sa Seanad.  Bhí téamaí comónta ag rith trí go leor de na leasuithe sin agus déanfaidh mé iarracht anois blas de na téamaí sin a thabhairt don Teach seo.

Moladh, mar shampla, gurb é Údarás na Gaeltachta a dhéanfadh na pleananna teanga a ullmhú i gcomhar le heagraíochtaí pobail sna Limsitéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.  Téann an smaointeoireacht seo i gcoinne an choincheapa gurb iad na pobail atá lárnach don phróiseas pleanála teanga ina gceantair féin agus gur chóir go mbeadh siad i gceannas ar an phróiseas dá réir.  Mar atá an Bille leagtha amach, tá an Stát ag tabhairt tacaíochta do na pobail trí Údarás na Gaeltachta, a bheidh ag tabhairt cúnaimh do na heagraíochtaí pobail pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.

Moladh freisin gan aon ról a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge maidir le cuidiú a thabhairt d'eagraíochtaí aitheantas a fháil do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta atá taobh amuigh den Ghaeltacht.  Ní féidir liom aontú leis an leasú seo ar dhá chúis.  Ar an chéad dul síos, níl sé i gceist ag an Rialtas feidhmeanna breise a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht mar atá sí sainithe faoi láthair.  Go stairiúil, tá Údarás na Gaeltachta ag plé leis na ceantair Ghaeltachta ón bhliain 1980 agus leanfaidh sé de bheith ag plé leo faoin Bhille seo.  Ar an dara dul síos, tá raon leathan feidhmeanna ag Foras na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann agus tá an méid atá beartaithe faoin Bhille ag teacht lena fheidhmeanna agus lena ghníomhaíochtaí.

Díreoidh mé anois ar leasuithe a moladh maidir le feidhm a thabhairt don Choimisinéir Teanga sa Bhille seo.  Cé go dtuigim an bunús a bhí leis na leasuithe seo, is é sin go mbeadh an tAire scartha ón bpróiseas a bhaineann le gnéithe éagsúla den phróiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm, tá mé sásta go bhfuil an cur chuige atá rianaithe sa Bhille cóir, réasúnta agus oiriúnach.  

Sa chéad áit, tá deighilt an-soiléir feidhmeanna déanta sa Bhille maidir le ról na Roinne agus róil Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge faoi seach.  Is iad Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar is cuí, a bheidh ag cuidiú le heagraíochtaí pleananna teanga a ullmhú i gcomhar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge.  Is é an tAire a bheidh freagrach as na pleananna sin a fhaomhadh faoi réir critéir shainiúla.

Ar an dara dul síos, is é Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar is cuí, a chuideoidh le heagraíochtaí na pleananna teanga a chur i bhfeidhm ar an talamh.  Ina dhiaidh sin, déanfaidh an tAire athbhreithniú tréimhsiúil ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur i bhfeidhm an phlean agus, chun na críche sin, rachaidh an tAire i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, mar is cuí.  Tabharfar deis aon laigí a aithneofar i bpleananna teanga a leigheas thar thréimhse ama.  Léiríonn an próiseas seo go bhfuil deighilt shoiléir ann maidir le feidhmeanna an Aire agus feidhmeanna na ngníomhaireachtaí.

Ardaíodh ceisteanna freisin sa Seanad maidir le rangú na Gaeltachta i gCatagóirí A, B agus C, mar a moladh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch.  Faoin chur chuige atá beartaithe sa Bhille seo, beidh deis á tabhairt do na pobail éagsúla i naoi gcinn déag (19) de limistéir pleanála teanga plean cuimsitheach dá gceantair a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.  Ciallaíonn an cur chuige seo go bhfuil dlús substaintiúil daonra sna limistéir éagsúla agus go mbeidh mórphlean teanga le réiteach i leith naoi gcinn déag (19) de na limistéir sin.  Tabharfaidh an mórphlean seo aitheantas do na cúinsí teanga éagsúla laistigh de gach limistéar pleanála teanga.  I gcás na bpobal sin ina labhraíonn móramh na ndaoine Gaeilge, beidh béim ar chosaint na Gaeilge mar ghnáth-theanga an phobail.  I gcás pobail eile nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir céanna iontu, beidh béim ar na gréasáin phobail Ghaeilge atá iontu a láidriú.  

Tá leasuithe molta fosta maidir le comhaltaí a thoghadh do bhord Údarás na Gaeltachta trí thoghcháin dhíreacha.  Mar atá mínithe agam, tá cinneadh déanta ag an Rialtas deireadh a chur leis an modh ceapacháin seo agus líon na gcomhaltaí ar bhord an Údaráis a laghdú ó 20 comhalta go 12.  Déanfar na comhaltaí a cheapadh ar bhealach oscailte, trédhearcach a thugann aird ar ghné an dhaonlathais.

Tá ceisteanna ardaithe chomh maith maidir le tréimhse ionadaíochta níos giorra a bheith tugtha ar bhord an Údaráis do na contaetha a bhfuil ceantair Ghaeltachta níos lú iontu.  Ba mhaith liom a threisiú go mbeadh sé dodhéanta freastal ar mhianta ionadaíochta gach pobal, go háirithe leis an líon comhaltaí laghdaithe go mór ar bhord an Údaráis.  Is é an phríomhsprioc ná go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú faoi threoir bord atá éifeachtach, cumasach agus tiomanta chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur chun cinn.

Le hachtú an Bhille seo, beidh céim ollmhór tógtha maidir le gnéithe tábhachtacha den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích.  Beidh ról ceannasach ag eagraíochtaí pobail taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht obair i gcomhpháirtíocht leis an Stát maidir le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair.  Níl aon amhras ormsa ach go mbeidh borradh úr le brath faoi úsáid na Gaeilge ar bhonn forleathan sna blianta beaga amach romhainn mar thoradh ar an Bhille seo.  Maireann teanga mar gheall ar mhórtas an phobail agus tá mise lándóchasach leis an spreagadh ceart ón Stát go bhfuil pobail ann ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre atá sásta dul i ngleic leis an dúshlán an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh mar theanga theaghlaigh agus phobail don chéad ghlúin eile.  

Beidh deis anois ag baill an Tí seo tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille agus tá mé ag súil go mór éisteacht libh.  Ba  thógáil croí domsa, i ndíospóireachtaí a bhí againn anseo cheana, an dea-mhéin a léiríodh agus an tacaíocht a tugadh do cheisteanna agus rúin a bhain leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht.  Tá súil agam go mbeidh an dea-mhéin agus an tacaíocht chéanna ar fáil ar bhonn traspháirtí don Bhille tábhachtach seo.  Molaim an Bille seo don Teach."

 *  le Niamh Ní Shúilleabháin agus foireann Gaelport.com. Foilsithe ar Gaelport.com 12 Iúil 2012. Tá i gceist ag Gaelport blagáil bho a dhéanamh ar díospóireachtaí Oireachtais maidir le Bille na Gaeltachta 2012. An bhfuil aiseolas agat nó an bhfuil spéis agat do thuairim a léiriú? Seol ríomhphost chuig eolas@gaelport.com, fág teachtaireacht ar Facebook thíos nó seol tweet chuig @Gaelport ar Twitter.com.



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>