Is ábhar díomá`é do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur achtaíodh Acht na Gaeltachta 2012 beag beann ar mhianta an phobail inniu.
In ainneoin go bhfuil géarchéim teanga ag bagairt ar phobail na Gaeltachta, ní bheidh aon leigheas ar fáil san oideas atá á bhrú ag an Rialtas seo ar mhuintir na Gaeltachta.
Is cúis iontais don Chomhdháil an deifir a bhain leis an mBille áirithe seo a chur tríd Thithe an Oireachtais roimh scor an tsamhraidh agus nach ndearnadh iarracht réasúnta ciallmhar comhairliúchán poiblí agus díospóireacht phoiblí a chur ar bun leis an earnáil dheonach agus le grúpaí eile.
Tionscnaíodh an Bille ar 19 Meitheamh sa Seanad agus níor ghlacadh le leasú ar bith a bhí molta ag an gComhdháil, ag saineolaithe teanga nó ag grúpaí eile a bhíonn ag tacú le pobail Ghaeltachta ó lá go lá.
“Más é go mbeidh rathúlacht an Achta seo ag brath ar dhea-thoil an phobail mar atá ráite ag an Aire Stáit, cén fáth nach ndeachaigh sé i dteagmháil leis an bpobal d’fhonn spiorad na comhpháirtíochta a léiriú dóibh”, a dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Faoin Acht seo déanfar athstruchtúrú ar na ceantair Ghaeltachta agus beidh naoi gceantar déag pleanála teanga faoi leith le hainmniú agus beidh plean teanga le réiteach ag gach ceantar.
Mhol an Chomhdháil go dtabharfaí aird ar an gcatagóiriú A, B, C a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus limistéir phleanála teanga a mbeartú. Tá an córas mar atá leagtha amach san Acht lochtach go maith mar tabharfar go leor cumhachta don Aire agus ag an am céanna ní bheidh ról ag oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga sa phróiseas.
Is ábhar buartha eile don Chomhdháil nach ndearnadh aon soiléiriú ar an méid airgid a bheidh le fáil ag coistí pobail a rachaidh i mbun na bpleananna teanga a leagan amach agus a chur I bhfeidhm ina gceantair féin.
Ar na mórspriocanna eile atá luaite leis an Acht, leagtar amach ann córas ceapacháin nua do chomhaltaí Bhord an Údaráis. Cuirfear deireadh le toghchán an Údaráis agus ina áit beidh seachtar den Bhord le haimniú ag an Aire agus cúigear eile le haimniú ag comhairlí contae.
“Leis an mbealach atá leagtha amach san Acht, is beag ionchur a bheidh ag an bpobal sa phróiseas sin, is deacair a shamhlú go gceapfar Bord atá ionadaíoch ar phobal na Gaeltachta”, a dúirt Kevin De Barra.
Chomh maith leis sin, Is ísliú stádais a bheidh tugtha do mhuintir na Gaeltachta i gContae Chorcaí, i gContae Phort Láirge agus i gContae na Mí agus d’iarr an Chomhdháil ar an Aire an Bille a leasú le go mbeadh na cearta céanna ag gach saoránach Gaeltachta.
“ Ar an drochuair ní fheictear don Chomhdháil go dtugann an tAcht seo an tacaíocht agus spreagadh do mhuintir na Gaeltachta comhoibriú lena chéile i dtreo spriocanna na straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach agus cur le líon na gcainteoirí Gaeilge.
“Anuas air sin, feictear don Chomhdháil nach dtagann an tAcht agus an caoi gur caitheadh le pobal na Gaeltachta le linn an phróisis ar fad, le bunphrionsabail na pleanála teanga in ainneoin fianaise lom an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch go mbeidh deireadh leis an nGaeilge i gcuid de na ceantair Ghaeltachta mar theanga laethúil pobail laistigh de saolré na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge”
Preasráiteas de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge - Foilsithe ar Gaelport.com 19 Iúil 2012.
Sonraí Teagmhála do na meáin: Niamh Ní Shúilleabháin - niamh@comhdhail.ie / 0879624868