Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Súil Siar: Beartas an Rialtais i leith na Gaeilge

$
0
0
Ag breathnú siar ar na conspóidí a thit amach le sé mhí déag anuas maidir le cinntí an Rialtais i leith na Gaeilge, an bhfuil sé in am d’ Fhine Gael agus do Pháirtí an Lucht Oibre leagan leasaithe den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge  a fhoilsiú?

Tá roinnt ceisteanna ag teacht chun cinn  tar éis  na díospóireachtaí faoi Bhille na Gaeltachta 2012. Ba é seo an chéad phíosa reachtaíochta Gaeilge a tháinig chun cinn ón Rialtas seo agus bhí scoilt soiléir le tabhairt faoi deara idir beartas an Rialtais agus an Freasúra.


D’aithin an tAire Stáit  Dinny McGinley TD sa Dáil go raibh deireadh leis an gcomhaontú traspháirtí a bhí ann do bheartas an Stáit i leith na Gaeilge. Is cosúil anois go bhfuil na páirtithe in adharca lena chéile ar an gceist.

Ní gá dul siar ar stair an Bhille agus na conspóidí a thit amach lena linn ach is dócha gurb é an rud is mó a chur olc ar an bpobal ná nár tugadh an deis dóibh tionchar a imirt ar théacs agus ar chuspóirí an Bhille.

Bhí an chuma ar an scéal gur ndearnadh neamhaird ar na moltaí go léir a tháinig ón bpobal agus gur lean an Rialtas ag brú ar aghaidh lena bheartas i leith na teanga. I ndáil nach raibh comhairliúchán poiblí ann agus go raibh deireadh fógartha do thoghcháin an Údaráis, thuigfeá don phobal a raibh imníoch go raibh na bearta seo á ndéanamh in aghaidh a dtola.

Má thugtar súil siar ar chinntí an Rialtais le sé mhí déag anuas áfach, is léir go bhfuil treocht ar leith ag teacht  chun cinn.

Ar an gcéad dul síos,  tá scoilt láidir ag teacht chun cinn  idir an bhunstraitéis  a fógraíodh i mí na Nollag 2010 agus straitéis an lae inniu.

Is í an fhadhb atá ann anois áfach nach bhfuil sé soiléir cad iad na geallúintí  a bheidh á gcur i bhfeidhm agus cad a bheidh fágtha ar lár ón Straitéis sin.

Ní fios go fóill cad iad na spriocanna “gur féidir a bhaint amach agus na haidhmeanna atá curtha chun tosaigh",  de réir Clár an Rialtais.

Anuas air sin, tá ceisteanna le freagairt maidir leis na rólanna éagsúla a bheidh  ag  gníomhaireachtaí stáit amhail Foras na Gaeilge agus  Údarás na Gaeltachta i gcur i bhfeidhm an Bhille agus na feidhmeanna agus cumhachtaí breise a bheidh á mbronnadh ar na gníomhaireachtaí sin-ceal maoinithe breise.

Beidh scileanna ceannasaíochta láidir ag teastáil chomh maith más fíor go mbeidh roinnt coistí éagsúla le stiúradh ar an gceist. Arís d’fhéadfá a áiteamh go bhfuil rian an mhaorlathais le tabhairt faoi ndeara toisc go bhfuil an oiread sin coistí ardleibhéil ann ach ní fios don phobal na cinntí atá a ndéanamh acu.

Tá ceisteanna eile maidir leis na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil ag an státchóras faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ó léamh na bhunstraitéise, ba léir go raibh sé le tógáil ar an Acht: luaitear mar shampla go gcuirfear le coincheap na scéimeanna teanga ach arís beag beann ar an straitéis agus gan mórán plé, fógraíodh roinnt athruithe suntasacha i dtaobh an Achta Teanga in 2011 agus 2012.

Cuireadh fáilte roimh an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla  i Mí na Samhna 2011 ach coicís dár gcionn fógraíodh go raibh Oifig an Choimisinéara Teanga le comhcheangail le hOifig an Ombudsman in ainneoin torthaí an phróisis athbhreithnithe.

Níos  túisce  sa bhliain, rinne an rialtas dhá leasú eile ar an Acht; ceadaíodh leasú ar Alt 7 ina ndaingnítear gur gá Achtanna a chló agus a fhoilsiú go dátheangach sa dá theanga.

Ceadaíodh leasú eile go bhféadfar aon Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga.

Chomh maith leis ceadaíodh leasú ar an Ordú Logainmneacha agus leasaíodh le halt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha) gurb iad ‘Daingean Uí Chúis’ i nGaeilge agus ‘Dingle’ i mBéarla na hainmneacha oifigiúla anois san áit a raibh ‘An Daingean’ roimhe sin.

Mar a deir Tuarascáil 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga “Rinneadh na leasuithe sin le linn 2011 cé go raibh sé leagtha amach i gclár oibre an Rialtais go mbeadh athbhreithniú iomlán le déanamh ar an Acht”.

Beidh cinntí deacra le déanamh ag an Rialtas sa bhliain atá amach romhainn maidir le todhchaí an Achta agus an creatlach nua a thiocfaidh ina áit. Beidh ceisteanna freisin mar gheall ar na hacmhainní agus infheistíocht a bheidh ag teastáil arís má tá struchtúir úrnua le leagan amach sa státchóras le go mbeidh freastal iomlán ar chearta an duine faoin Bhunreacht.

Ag féachaint siar is léir gur fear tiomanta go leor é an tAire Stáit Dinny McGinley ach tá sé in ann anois an maorlathas go léir a chur ar leataobh agus straitéis níos soiléire a  chur ar fáil.

Má dhéantar amhlaidh agus má dhéantar iarracht níos fearr caidreamh níos fearr a chothú leis an bpobal,  is é is fearr go mbeidh an pobal spreagtha i dtreo spriocanna uaillmhianacha na Straitéise a bhaint amach.

Amlíne
19 Meitheamh 2012 Bille na Gaeltachta 2012 foilsithe

26 Aibreán 2012 Clár Tacaíochta Teaghlaigh agus córas pleanála teanga fógartha

17 Samhain 2011: Fógra: Oifig an Choimisinéara Teanga le cónascadh le Oifig an Ombudsman

03 Samhain 2011: Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla fógartha

Lúnasa 2011: an tAcht um an Dlí Sibhialta (forálacha ilghnéitheacha) foilsithe

Lúnasa 2011: Leasú ar an Ordú Logainmneacha faoin Acht Comhshaoil Forálacha Ilghnéitheacha 2012

Mí an Mhárta 2011: Clár an Rialtais aontaithe. Tugtar le fios go nglacfar leis an straitéis i bprionsabal agus go mbeidh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Iúil 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>