Deirtear gurb é an bealach is fearr teanga a fhoghlaim ná tréimhse a chaitheamh san áit ina mbíonn sí á labhairt.
Tabharfar an deis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge deireadh seachtaine a chaitheamh i nGaeltacht Rath Chairn arís idir 5 - 10 Deireadh Fómhair.
Tá an deireadh seachtaine á n-eagrú ag Gael Linn i gcomhpháirt le Comharchumann Ráth Chairn.
Ag an deireadh seachtaine seo tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge blas a fháil den Ghaeilge labhartha agus cultúr na Gaeltachta. Déanfar seo trí rang comhrá meánleibhéil Gaeilge d’fhoghlaimeoirí agus ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós a chur ar fáil do na rannpháirtithe.
Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite timpeall uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath i gContae na Mí. Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1935 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí. Is Gaeltacht bheo í a ofrálann timpeallacht idéalach chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Sheán ó Ceallaigh, Gael Linn: seanc@gael-linn.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Iúil 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Trí Scór Bliain á cheiliúradh ag Daonscoil na Mumhan
Comórtas: An dlúthdhiosca ‘Irish Traditional Sean-Nós Songs’ le buachan
Féile an Droichid ag druidim linn go luath!
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge