Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Fleadh Scannán na Gaillimhe – Agallamh le Scannánóir Úr

$
0
0

Tháinig Fleadh Scannán na Gaillimhe 2012 chun crích ar 15 Iúil agus ba iomaí scéal spéisiúil a bhí le feiceáil ar scáileán mór na féile.

Bhí ionadaíocht bhreá ann don scannánaíocht trí Ghaeilge. I measc na scannán faisnéise a bhí á dtaispeáint bhí clár de chuid na sraithe Am an Ghátair le haghaidh TG4, Deora Dé le Paddy Hayes, scéal a bhaineann le deora fola ar chaoin Dealbh den Mhaighdean Mhuire ag deireadh an Chogaidh Chathartha; An Oíche a Gineadh m’Athair, clár eile de chuid TG4 ina dtéann an scannánóir iomráiteach Paddy Breathnach ar thuras ag iarraidh tuilleadh a fháil amach mar gheall ar shaol neamhghnách a athar; agus Litir Ó Mháirtín Jaimsie le hAodh Ó Coileáin, a insíonn scéal an aisteora cháiliúla as Árainn.

Ó thaobh an fhicsin de, taispeánadh gearrscannán úr le scannánóir úr; An Cluiche le Cathal Ó Cuaig as Cill Chiaráin i gConamara, scéal a dhéanann dathú ar an chaidreamh pearsanta agus ar an nasc nó an chodarsnacht idir cluiche peile agus cluiche an ghrá.

Labhair Gaelport le Cathal maidir lena thuairimí féin i dtaobh na scannánaíochta agus na dúshláin a dtugann sé aghaidh orthu.


Togra maoinithe ag 'Físín' de chuid Fhéile Scannán an Daingin a bhí i gceist leis 'An Cluiche'. Cén chaoi ar thaitin an próiseas leat ó scríobh na scripte go dtí iar-léiriúchán?
Thaitin an próiseas go mór liom. Is dócha, an dúshlán ba mhó a bhí ann ná foireann a chur le chéile a bhí sásta obair a dhéanamh saor in aisce agus a bheadh ar fáil ag an am céanna. Thaitin an togra go mór leis an bhfoireann a cuireadh le chéile sa deireadh.

Deacracht amháin a bhí agam ná teacht ar shuíomhanna feiliúnacha don scannán. Ní raibh cónaí orm i mBaile Átha Cliath ag an am, áit a raibh an taifead ag tarlú. Bhí an próiseas suimiúil ó thaobh maisiúcháin agus suíomhanna sa tslí go raibh an toradh ar an tseit éagsúil leis an bhfís a bhí leagtha amach ar dtús. Ar bhealach, thaitin an toradh deiridh liom níos mó. Bhí na haistreoirí an-tábhachtach, chuir said an fheoil ar na cnámha dom ó thaobh na samhlaíochta de.

Ar chuidigh sé leat sprioc a bheith leagtha síos don ghearrscannán críochnaithe?
Ar bhealach, chuidigh. Bhí a fhios agam céard go díreach a bhí ann dá bharr. Bhí mé ag iarraidh scannán a dhéanamh trí Ghaeilge a bhain le lánúin a raibh meascán teangacha eatarthu agus go mbogfadh an dialog go nádúrtha idir theangacha. D’fhéadfadh an scéal seo tarlú i gcathair ar bith toisc go mbaineann sé le hábhar chomh bunúsach le caidreamh idir dhaoine.

Cén chaoi ar bhraith tú ag breathnú ar an ngearrscannán ar an scáileán mór ag Fleadh Scannán na Gaillimhe?
Bhí mé an-bhródúil. Bródúil as gach duine a thug cúnamh dom go háirithe an DOP Frankie Leonard. Bhreathnaigh an scannán an-phroifisiúnta ar deireadh agus bhí mé an-sásta leis an gceol. Rinne mé meascán fuaime nua don Fhleadh Scannán le ceol de chuid Na Dirty 9s agus d’fhuaimnigh sé go maith tríd na callairí móra.

Anuas air sin, ba mhór an onóir é dom nuair a thug mé faoi deara go raibh laoch mór scannánaíochta, Fionnuala Flanagan, ag suí díreach taobh thiar díom. Buaicphointe a bhí ansin gan dabht.

Céard iad na moltaí a bheadh agat do stiúrthóirí úra le Gaeilge a mbeadh suim acu cur isteach ar scéimeanna éagsúla ar nós Físín, Scéal agus Gearrscannáin?
Bíodh suim agat scéalta a insint nó suim agat féin sa scéal, beidh suim ag daoine eile ann freisin. Bíodh an scéal sin daingnithe i d’intinn.
Cuir aithne ar chriú maith, ar dhaoine a thuigeann do chuid scéalta, atá toilteanach a gcuid ama a chur isteach ann. Cuireann sé go mór leis an scéal nuair a bhíonn aisteoirí, roinn fuaime agus roinn cheamara láidir agat.

Moladh eile a bheadh agam ná scannáin a dhéanamh i nGaeilge, ní faoin nGaeilge. Tá claonadh ann an Ghaeilge a bheith beagán brúite sa scannánaíocht trí Ghaeilge. Smaoinigh ar an gceist – an bhfuil an Ghaeilge nádúrtha? Má smaoiníonn tú ar scannáin Spáinneacha, Iodálacha nó Fhrancacha, is beag scannán a tharraingíonn aird ar an teanga. Ba chóir do scannánóirí le Gaeilge breathnú ar an múnla sin. Má tá scéal láidir agat, tuigfidh gach uile dhuine é, is cuma faoin teanga.

Is gá, chomh maith, súil a choimeád ar an dialóg. Ba chóir an scéal a thaispeáint in áit é a insint. In amanna bíonn íomhánna níos láidre mar phointe cumarsáide ná dialog.

An dóigh leat go bhfuil an cúlú eacnamaíochta tar éis a rian a fhágáil ar scannánaíocht trí Ghaeilge in Éirinn?
Is dócha go bhfuil ról ag an gcúlú i ngach cineál scannáin. Bíonn scannánóirí Éireannacha ag brath go mór ar mhaoiniú Stáit, rud nach dtarlaíonn i dtíortha eile. Más mian leat scannán a chur i gcrích, is féidir leat. Tá cairde agamsa ina gcónaí i Hollywood agus ní bhíonn said ag fanacht ar mhaoiniú, cruthaíonn said a gcuid deiseanna féin. Cuireadh an scannán ‘The Blair Witch Project’ le chéile ar fhíorbheagán airgid agus d’éirigh thar barr leis.

Ó thaobh ábhair de, cúlra atá sa chúlú eacnamaíochta i ndáiríre. Na scéalta a gcuireann daoine suim iontu, bíonn said níos doimhne ná sin.

Coinnigh súil ar bhlag Chathail le haghaidh tuilleadh sonraí maidir le ‘An Cluiche’ agus saothair eile amach anseo - http://cathalocuaig.wordpress.com/.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Iúil 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta /cúrsaí a leanas:

Cúrsa Taibh-Ealaíona in Áras Inis Gluaire

Ard Dioplóma Iarchéime sna hEalaíona í Léiriú Teilifíse agus na Meáin (Leibhéal 8)

As na Nuachtáin: Scéim Scéal 2 TG4


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>