Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scoil Samhraidh Merriman

$
0
0

Beidh na sluaite bailithe i Lios Dún Bhearna i mí Lúnasa le haghaidh Scoil Samhraidh Merriman, an fhéile bhliantúil atá mar instidiúid i bhféilire an Chláir agus na tíre ó bunaíodh í sa bhliain 1968.

Reáchtálfar an scoil idir an Chéadaoin, 15 Lúnasa, agus Dé Domhnaigh, 19 Lúnasa na bliana seo. Is é Bob Collins Stiúrthóir na Scoile an Samhradh seo, Cathaoirleach Údarás Craoltóireachta na hÉireann agus Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.

Feicfear daoine ann, ó gach cuid den saol, don phlé ar chultúr na hÉireann agus gach a bhaineann leis. Roghnaítear téama reatha don fhéile gach bliain a bhfuil tionchar mór aige ar chaomhnú chultúr na tíre agus téama na bliana seo ná Thriving at the Crossroads: Rural Ireland in a Globalised World.

Déanfar plé ar an téama le linn na scoile agus an chaoi a bhfuil an chodarsnacht, agus an caidreamh, idir Éirinn uirbeach an lae inniu agus an saol tuaithe traidisiúnta ag dul i bhfeidhm ar shaol reatha na sochaí.

Mar is ghnách, spreagfaidh téama na féile go leor díospóireachta le linn na seachtaine agus is cinnte go gcuirfidh na haoichainteoirí a beidh i láthair go mór leis an bplé. I measc na n-aíonna beidh an tAire Talmhaíochta Simon Coveney, An tOllamh Kevin Whelan (Ollscoil Notre Dame), An tOllamh Chris Curtin (NUIG), An Dr Ruth McManus (Coláiste Phádraig, Droim Conrach) agus Eddie Downey (Leas-Uachtarán IFA).

Príomhtheanga na scoile samhraidh ná an Béarla ach mar a dhéantar gach bliain, cuirtear an Ghaeilge san áireamh trí sheimineáir agus léachtaí Gaeilge a chuir ar siúl do chách.

Cé go gcuirfear béim ar na léachtaí agus na seimineáir, is iad an fhilíocht, an cultúr agus an teanga a bhíodh mar chroílár na scoile ó bunaíodh í agus níl leasú ar bith ar an méid sin i mbliana.

I dteannta na gcainteanna beidh imeachtaí cultúrtha éagsúla ar siúl le linn na scoile idir thurais bhus agus shiúlóidí treoraithe mórthimpeall an cheantair chultúrtha, stairiúil.

Beidh ceol, rince agus amhránaíocht ar siúl gach oíche go breacadh an lae le linn na scoile ag Club Merriman.

Cuirfear béim ar an nasc idir an fhéile agus an fhilíocht le léamha filíochta ó Harry Clifton, Moya Cannon agus Stiofán Ó Cadhla agus leanfar leis fós le Cúirt an Mheán Lae, comóradh bliantúil ar shaothar Bhrian Merriman agus oidhreacht an fhile, cúis bhunú na scoile, i gCo. An Chláir.

Tá gach eolas ar an scoil samhraidh ar fáil ag: www.merriman.ie.

 

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Iúil 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Trí Scór Bliain á cheiliúradh ag Daonscoil na Mumhan

Scéal faoi dhó

Seirbhís nuachta Gaeilge 'Meon Eile' Seolta

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>