Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Fidléirí na tíre ag déanamh ar an nGleann

$
0
0
Cuirfear tús le Seachtain na bhfidléirí i nGleann Colm Cille in iardheisceart Dhún na nGall Dé Luain seo chugainn agus mairfidh na himeachtaí sa ghleann go dtí an Aoine 3 Lúnasa 2012.

Déanann an tseachtain iontach seo de cheol agus siamsaíocht ceiliúradh ar thraidisiún na fidle sa cheantar agus an aidhm is mó atá leis an tionól seo ná na scileanna agus an ceol a thabhairt síos chuig an chead ghlúin eile.

Beidh slua mór de cheoltóirí as an tír seo agus thar lear ag tabhairt aghaidh ar an nGleann chun a bheith i lár an aonaigh ag an ócáid mhór cheoil seo a mhairfidh ar feadh seachtaine.

I measc na n-imeachtaí beidh ceardlanna, léachtaí, ceolchoirmeacha mar aon le ranganna agus neart siamsaíochta sna tithe tábhairne áitiúla. Beidh réimse éagsúil de ranganna á theagasc gach lá agus anuas air seo beidh neart siamsaíochta agus ceoil le cloisteáil sna tithe tábhairne áitiúla gach oíche agus beidh ag daoine triail a bhaint as na scileanna ata foghlamtha acu.

Táille: €140

Tuileadh eolais: www.donegalfiddlemusic.ie

© Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Iúil 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Oíche Ghaelach in Áras Éanna

Comórtas: An dlúthdhiosca ‘Irish Traditional Sean-Nós Songs’ le buachan

Féile an Droichid ag druidim linn go luath!

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>