Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Seisiún le Traic sa Siopa Leabhar

$
0
0
Ag leanúint le rathúlacht na hócáide ‘Seisiún sa Siopa’, ceolchoirm mhíosúil sa Siopa Leabhar, Conradh na Gaeilge, cuirfidh an ceoltóir agus scríbhneoir amhrán, Traic Ó Braonáin, taispeántas ar siúl ar 26 Iúil.

Is le scríbhneoireacht amhrán a shamhlaítear Traic Ó Braonáin, arbh as Baile Átha Cliath dó ó dhúchas. Tá sé tar éis aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla a dhéanamh ar líon mór amhrán le bannaí Éireannacha mar aon lena chuid amhrán féin a scríobh ar bhonn rialta. Tá dlúthbhaint ag Traic leis an gcairtstáisiún pop Raidió Rírá ar a ndéanann sé láithreoireacht ar chláir éagsúla i rith na seachtaine. Bíonn cuid mhór de na hamhráin a d’aistrigh sé go Gaeilge le cloisteáil ar an stáisiún chomh maith.

Chas an banna rac-cheoil ‘Na Dirty 9s’ sa Siopa an mhí seo caite agus d’éirigh go iontach leis an oíche. Is féidir breathnú ar fhíseáin a tógadh ar an oíche seo ar leathanach facebook ‘Seisiún sa Siopa’ - www.facebook.com/seisiunsasiopa

Ócáid saor in aisce atá inti ach ní mór áit a chur in áirithe de bharr go bhfuil srian ann ó thaobh spáis de. Is féidir glaoch ar 01-4783814 nó ríomhphost a chur chuig siopa@cnag.ie. Tosóidh an cheolchoirm ag 8.30 pm.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Iúil 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Raidió Rí-Rá ar fáil ar an gcóras DAB

Fidléirí na tíre ag déanamh ar an nGleann

Fleadh Scannán na Gaillimhe – Agallamh le Scannánóir Úr

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>