Tá trí lá fágtha ag Uachtarán na hÉireann Bille na Gaeltachta 2012 a shíniú agus a dhearbhú ina dhlí.
An tseachtain seo caite, léirigh freasúra an tí a mhíshástacht nuair a shiúl siad amach ón Dáil ar an lá deiridh den phlé, Déardaoin nuair nár ghlac an tAire Stáit le hoiread agus leasú amháin a moladh sa Seanad nó sa Dáil ó foilsíodh an Bille.
D’ainneoin mhíshástacht an fhreasúra , na nEagras Gaeilge agus na saineolaithe teanga i leith ábhar an Bhille, ní mór anois tuiscint a fháil ar céard atá ann sa Bhille agus cad a chiallaíonn an Bille duitse.
Tá dhá phríomhaidhm ag baint leis an mBille Gaeltachta lena n-áirítear;
1. Pleanáil Teanga a fhorbairt nó sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht, agus,
2. Leasú ar Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 nó struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a athrú.
1. Pleanáil Teanga
a. Limistéir Pleanála Teanga
Roinnfear an Ghaeltacht suas i 19 Limistéar Gaeltachta mar atá leagtha amach faoin bpróiseas pleanála teanga a fógróidh níos túisce sa bhliain. Beidh eagraíochtaí atá suite sna 19 limistéar Gaeltachta ábalta iarratas a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta chun páirt a ghlacadh sa phróiseas agus plean teanga a ullmhú.
Díreoidh an plean teanga ar na socruithe a bheidh ann maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, agus tráchtála de réir critéir pleanála teanga.
Beidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú mar áis tacaíochta d’eagraíochtaí atá ag ullmhú pleananna ach is é an tAire a cheadóidh na pleananna le hordú. Is faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheidh an cúram athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá bainte amach faoin bplean teanga.
b. Bailte Seirbhíse Gaeltachta
Ciallaíonn bailte seirbhíse Gaeltachta bailte ina bhfuil seirbhísí poiblí ar fáil do limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus saoráidí sóisialta agus tráchtála a théann chun tairbhe na limistéar sin.
Tá dhá eagras náisiúnta freagrach as plé le Bailte Seirbhíse Gaeltachta ag brath ar shuíomh an bhaile. Beidh Údarás na Gaeltachta ag plé le bailte atá suite laistigh de limistéir pleanála Gaeltachta agus beidh Foras na Gaeilge ag plé le bailte atá suite lasmuigh de limistéir pleanála Gaeltachta
Beidh sé faoi na heagraíochtaí féin iarratas a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta nó chuig Foras na Gaeilge agus plean teanga a sholáthar dóibh.
c. Líonraí Gaeilge
Beidh an tAire ábalta pobal nach bhfuil lonnaithe i limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a ainmniú chun bheith ina Líonra Gaeilge.
Mar sin beidh na líonraí seo pobalbhunaithe in áit a bheith bunaithe ar shainmhíniú tíreolaíoch agus beidh sé faoi eagraíochtaí sna pobail sin plean teanga a ullmhú le Foras na Gaeilge ag feidhmiú mar áis tacaíochta. Déanfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta monatóireacht ar phleananna teanga na líonraí Gaeilge.
2. Údarás na Gaeltachta
D’fheadfá a rá gurbh é deireadh an toghcháin do Bhord an Údaráis an t-athrú is mó a bheidh ann do mhuintir na Gaeltachta ó Bhille na Gaeltachta.
Tiocfaidh laghdú ar an líon daoine a bheidh ar an mBord ón scór comhalta atá ann faoi láthair go dtí dáréag.
Is é an tAire a cheapfaidh an Cathaoirleach agus an seisear eile a bheidh ar Bhord an Údaráis. Tabharfar an deis do Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Chiarraí comhalta a cheapadh nó ionadaí eile a cheapadh sa chás nach bhfuil comhalta oiriúnach ar fáil. Roinnfear comhalta amháin idir Ghaeltacht Chontae na Mí agus Chontae Phort Láirge ar bonn timthriallach gach dhá bhliain.
Beidh ar chomhaltaí ar mhaith leo ainmniúchán a fháil ón Aire iarratas a dhéanamh trí www.publicjobs.ie. Beidh ar na comhaltaí ar fad a léiriú go bhfuil taithí nó cumas léirithe acu i ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an údaráis agus go bhfuil sé ar a gcumas na feidhmeanna sin a chomhlíonadh i nGaeilge.
©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Iúil 2012