Tá fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD go mbeidh an Foras Pátrúnachta mar phátrún ar dhá iar-bhunscoil nua atá le hoscailt i nDún Droma agus i mBaile Brigín i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2014.
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Foras Pátrúnachta agus Coistí Gairmoideachais in iomaíocht (Gaelscéal)
An nuacht is déanaí: Tús curtha le cainteanna maidir le Samhail #2
An nuacht is déanaí: Beartas an Rialtais i leith na Gaeilge
Fógraíodh sonraí breise maidir le pátrúnacht cheithre scoil déag atá le hoscailt sna blianta atá amach romhainn.
Tá formhór na scoileanna seo le hoscailt in oirthear na tíre, sna bruachbhailte mórthimpeall ar Bhaile Átha Cliath ach beidh iar-bhunscoileanna le hoscailt i ndeisceart Chathair Chorcaí agus i mBaile Chláir i gContae na Gaillimhe chomh maith.
Dúirt an tAire go raibh muinín aige “go gciallóidh na scoileanna nua seo, le hais na scoileanna tá cheana féin i ngach ceantar, go mbeidh rogha sásúil ag tuismitheoirí agus ag lorg an scoil is fearr a léiríonn a n-eiteas féin”.
Fógraíodh tuilleadh sonraí maidir leis an nGaelcholáiste atá le hoscailt i mBaile Brigín agus is cosúil anois go mbeidh méid an Ghaelcholáiste á laghdú agus scoil Bhéarla eile a bhunú tar éis na bliana 2015, de bharr gur suim leis an bpobal daltaí a chur chuig scoil Educate Together chomh maith.
Chomh maith leis sin, is é an Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar Ghaelcholáiste atá le hoscailt i nDún Droma i mí Mheán Fómhair 2014.
Tugadh aitheantas don éileamh a bhí ar an ngaeloideachas i Maigh Nuad chomh maith agus tá beartaithe go n-osclófar Aonad Gaeilge sa scoil nua atá le hoscailt ansin nó sa scoil atá ann cheana féin i Maigh Nuad i gcomhairle leis an bhForas.

© Foilsithe ar Gaelport.com 25 Iúil 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Foras Pátrúnachta agus Coistí Gairmoideachais in iomaíocht (Gaelscéal)
An nuacht is déanaí: Tús curtha le cainteanna maidir le Samhail #2
An nuacht is déanaí: Beartas an Rialtais i leith na Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #oideachas