Rachaidh Judy-Meg Ní Chinnéide, láithreoir na sraithe úire raidió ‘Spioradáltacht ar Leith’ ar thuras spioradáltachta agus í ar thóir freagraí ar cheisteanna móra creidimh.
Sraith de chuid Raidió na Life atá i gceist agus í maoinithe ag ‘Fuaim agus Fís’ scéim maoinithe Údaráis Chraolacháin na hÉireann ina ndéanann an láithreoir neart fiosrúcháin maidir le córais chreidimh na tíre seo agus na réimsí éagsúla spioradáltachta atá amach ansin.
Agus í lonnaithe sa phríomhchathair, déanann an láithreoir teagmháil le comhphobail chreidimh éagsúla sa chathair, an Búdachas agus Ioslaim ina measc.
Tosóidh an tsraith ar 3 Lúnasa ag 18.30 agus leanfaidh sí ar feadh sé seachtainí ar Radió na Life 106.4FM.
Anuas air sin, fógraíodh cinntí Udarás Craolacháin na hÉireann maidir le scéim ‘Fís agus Fuaim II’, go dtabharfar tairiscint de luach €4.5 miliún do 92 togra, 71 ag baint le raidió agus 21 ag baint le teilifís. Is trí mheán na Gaeilge nó dátheangach a dhéanfar 11 de na tograí seo.
I measc na léiriúchán teilifíse beidh ‘An Béal Bocht’ sraith bheochana le Raw Nerve Productions, ‘An Siege 1922’ le Fastnet Film, Bia Linn le Indee Productions agus ‘Leaids mar Deaids’ le Good Company Prodcutions. Agus thaobh raidió de, beidh ‘Teanga Eile’ ar Dublin South Fm agus ‘Donegal Railways’ le Sound Woman Productions. Tá Údarás Craolacháin na hÉireann i mbun pleanála le iarratasóirí ar éirí leo maoiniú fháil. Tá liosta iomlán na dtograí ar fáil anseo.
Tá babhta 16 den scéim á reáchtáil faoi láthair agus táthar ag glacadh le hiarratais ó thograí raidió agus teilifíse. Is é 14 Meán Fómhair spriocdháta an bhabhta seo. Is féidir teacht ar fhoirmeacha iarratais agus ar threoirlínte ar www.bai.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 30 Iúil 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Fleadh Scannán na Gaillimhe – Agallamh le Scannánóir Úr
Féile an Droichid ag druidim linn go luath!
Seirbhís nuachta Gaeilge 'Meon Eile' Seolta
Lean an scéal seo @Gaelport agus @Cogar_ie ar Twitter: #Gaeilge #craoltoiri