Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tús curtha le próiseas earcaíochta do bhord an Údaráis

$
0
0
Cuireadh tús le próiseas earcaíochta d’fhonn comhaltaí a cheapadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta inniu le fógra an Aire Gaeltachta Dinny McGinley TD go bhfuil an Roinn ag lorg léirithe spéise ó dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ceaptha ar an mbord.
Tá deireadh curtha le toghcháin Údarás na Gaeltachta le hachtú Acht na Gaeltachta 2012 agus  beidh sé de chúram ag an Aire seachtar comhalta, an cathaoirleach san áireamh a cheapadh ar bhord an Údaráis agus ainmneoidh comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhalta. 

Bhí an foráil go mór ina hábhar conspóide sa Dáil agus sa Seanad an mhí seo caite agus léirigh na heagrais Ghaeilge agus ionadaithe poiblí díomá go raibh deireadh curtha leis na toghcháin. 

Bhí díomá sna ceantair Ghaeltachta bheaga toisc go mbeidh ionadaíocht á roinnt ar bonn timthriallach gach dhá bhliain idir na Gaeltachtaí i gContae Chorcaí,  Gaeltacht na nDéise agus Gaeltacht na Mí.

Tá fógartha go mbeadh sé inmhianaithe do chomhaltaí taithí a bheith acu ar ghnóthaí atá ábhartha d'fheidhmeanna an Údaráis, nó cumas a bheith léirithe acu ina leith, lena n-áirítear: cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga;  forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta; forbairt pobail; agus cur chun cinn na n-ealaíon.  

Is cosúil nach mbeidh íocaíocht i gceist do chomhaltaí atá fostaithe sa tseirbhís phoiblí cheana féin ach go mbeadh íocaíocht de €11,970 chomh maith le costais taistil agus cothabhála le gnóthú ag comhaltaí nach bhfuil fostaithe sa tseirbhís phoiblí.

Beidh sé mar riachtanas ann chomh maith go mbeadh Gaeilge ag an té a cheapfar. 

Ní mór do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta iarratais a dhéanamh ar líne ag www.publicjobs.ie faoi 5.00 i.n. ar an 17 Lúnasa 2012. 

© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Iúil 2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com:


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>