Tá scéim teanga i bhfeidhm ag Oifig Thithe an Oireachtais ón 1 Lúnasa. Tháinig an scéim teanga i bhfeidhm tar éis beagnach 10 mbliana ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Tháinig scéim teanga Oifig Thithe an Oireachtais i bhfeidhm ar 1 Lúnasa agus leanfaidh sé ar feadh tréimhse 3 bliana nó go dtí go n-aontófar scéim nua leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Beidh an scéim teanga ag tógáil ar sheirbhísí atá ar fáil faoi láthair trí Ghaeilge agus déanfar athbhreithniú leanúnach ar an leibhéal agus cineál éilimh ar sheirbhísí thrí Ghaeilge chun cinntiú go leanfaidh Oifig Thithe an Oireachtas ag freastal ar an éileamh ar bhealach plánáilte agus leanúnach.
Beidh an scéim mar áis tacaíochta riachtanach do chustaiméirí na hOifige, lena n-áirítear Comhaltaí Thithe an Oireachtais, an gnáthphobal, an fhoireann pholaitiúil atá ag obair i dTithe an Oireachtais agus Foireann Thithe an Oireachtais araon.
Níor aontaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ach cúig scéim teanga go dáta i mbliana le Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta Litir Cheannainn, Oifig Thithe an Oireachtais agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá ag tosú amach ar a gcéad scéim teanga in ainneoin don tsean-Roinn Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta dhá scéim teanga a aontú.
Aontaítear go forleathan i measc saineolaithe teanga agus eagrais Ghaeilge go bhfuil ról ceannródaíoch ag comhlachtaí poiblí faoi leith scéim teanga a fheidhmiú mar dhea-shampla do chomhlachtaí poiblí eile a thagann faoi scáth an Achta Teanga maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge.
I measc na gcomhlachtaí sin ar cheart scéimeanna teanga a bheith acu tá, Oifig an Taoisigh, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Oifig Thithe an Oireachtais.
Is léir go bhfuil moill ar líon na scéimeanna teanga a bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag aontú le comhlachtaí poiblí.
Níl ach 6 scéim teanga aontaithe ag an Roinn le comhlachtaí poiblí ó 2011. Aontaíodh 16 scéim teanga i 2010 amháin.
Cé go bhfuil athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ar siúl ag an Roinn faoi láthair ní sé soiléir cén fáth nach bhfuil scéim teanga aontaithe ag comhlachtaí poiblí a fuair fógra ón Roinn scéim a ullmhú.
Anuas air sin, tá sé i gceist ag an Rialtas Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hoifig an Ombudsman agus níl an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tar éis scéim nua a aontú leis ó tháinig tréimhse 3 bliana a gcéad scéime chun deiridh sa bhliain 2008.
Is léir go bhfuil rúibricí an Achta i gcontúirt leis an moill ar líon na scéimeanna teanga a aontaíodh, plean an Rialtais oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga a nascadh le hOifig an Ombudsman chomh maith leis an moill atá ann scéimeanna teanga a aontú le comhlachtaí poiblí a bhfuil ról ceannródaíoch acu i dtaobh soláthar seirbhísí Gaeilge do chomhlachtaí poiblí eile faoin Acht.
© Foilsithe ar Gaelport.com 07 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Caighdeán athbhreithnithe don Ghaeilge
Tús curtha le próiseas earcaíochta do bhord an Údaráis
An Foras Pátrúnachta fógartha mar phátrún ar dhá Ghaelcholáiste úra
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge