Tá na heagrais dheonacha Ghaeilge i mbun cainteanna le Foras na Gaeilge maidir le struchtúr úr maoinithe a cheapadh don earnáil.
Reáchtáladh ceardlanna in Óstán na Canála Móire i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite inar pléadh téamaí leathana - ina measc an gaeloideachas; ardú feasachta teanga agus imeachtaí tacaithe agus úsáide Gaeilge; forbairt pobail agus deiseanna úsáide Gaeilge don óige.
Is cosúil go mbeidh ar an bhForas múnla nua a chur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Samhna.
© Foilsithe ar Gaelport.com 07 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Deireadh le feitheamh fada ar Scéim Teanga Thithe an Oireachtais
Caighdeán athbhreithnithe don Ghaeilge
As na Nuachtáin: Nominations sought for board of Údarás na Gaeltachta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge