Déanfar ceiliúradh ar shaibhreas chultúr, cheol agus oidhreacht Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo nuair a reáchtálfar féile bhliantúil An Loinneog Lúnasa.
Rithfidh an fhéile ó 10-12 Lúnasa agus léireofar suáilcí an cheantair Gaeltachta le linn na tréimhse sin trí ardchlár imeachtaí a leagadh amach.
Beidh neart ceardlann ar siúl thar an deireadh seachtaine idir amhránaíocht, cheol agus rince. Beidh Máire Wren agus Collette Ní Ghallchóir ag tabhairt ceardlann filíochta do dhaoine fásta agus do dhéagóirí ar an Aoine, agus is cinnte gur máistir-rang sa cheol a bheidh sa cheardlann ar an Satharn le Steve Cooney ar an ngiotár agus Gaye McKeown ar an bpíb.
Beidh seisiún ceoil ar siúl gach oíche agus beidh aíonna speisialta le cloisteáil thar an deireadh seachtaine. Déanfaidh clanna Ghaoth Dobhair, Altan, an fhéile a oscailt i gceart ar an Aoine ag ceolchoirm in Ionad Cois Locha, Dún Lúiche agus leanfaidh an taispeántas ar feadh na hoíche le fidléirí Aontroma agus Dhoire.
Beidh Steve Cooney ag fanacht thart i ndiaidh a cheardlainne ar an Satharn le taispeántas eile a thabhairt i máistreacht an cheoil an oíche sin in Ionad Cois Locha le tacaíocht óna chairde.
Beidh ceardlanna seit, seisiúin amhránaíochta agus céilithe ar siúl le linn na féile ach tabharfar aghaidh ar níos mó ná an ceol agus an damhsa traidisiúnta ag an Loinneog. Tá go leor leor eagraithe don Satharn idir mhargadh bia agus ceardaíochta, shiúlóid dúlra agus oíche bia farraige ar a dtugtar ‘Draíocht na Mara’. Beidh Tura Arutura ag múineadh do dhaoine conas a gcuid scileanna Hip Hop agus Sean-Nóis a fhorbairt, agus beidh Ian Lee ag tabhairt cainte ar “Oidhreacht cheoil Dhún na nGall i gCartlann Fuaime RTÉ óna 40dí agus na 50dí”.
Tá gach eolas ar na himeachtaí seo agus an chuid eile don chlár ar fáil anseo.
© Foilsithe ar Gaelport.com 07 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
An Cabhán i mbun ullmhúcháin don bhFleadh
Trí Scór Bliain á cheiliúradh ag Daonscoil na Mumhan
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge