Is scéim cheilteach sheanbhunaithe thábhachtach í Turas na bhFilí. Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Turas na bhFilí i gcomhar le Fèisean nan Gàidheal le cúnamh airgid ó Fhoras na Gaeilge.
Tá meas mór ag muintir na Gaeilge agus na Gàidhlige ar Thuras na bhFilí, go háirithe ag filí, ceoltóirí, agus amhránaithe ón dá thraidisiún atá fite fuaite lena chéile. Tabharfaidh ealaíontóirí ó Éirinn aghaidh ar An t-Eilean Sigtheanach, Oiléan Leódhas agus go leor áiteanna eile in Albain ón 11 Meán Fómhair.
Chun Turas na bliana a cheiliúradh tá dlúthdhiosca ‘Dúsgadh Awakening’ a eisíodh i 2010 ón amhránaí cáiliúil Joy Dunlop le buachan.
Ghlac Joy páirt i dTuras na bhFilí í 2010 nuair a thug sí cuairt ar chathair Chorcaí, Baile Mhúirne agus Cathair Átha Cliath. Rugadh agus tógadh Joy Dunlop in Argyll. Tá neart gradam bronnta ar Joy ina measc bonn ór an Oban Times, comórtas Puirt-a-Beul sa Mód Náisiúnta Ríoga i 2006 chomh maith leis an gcomórtas Óran Mór i 2007.
Bíonn Joy le cloisteáil ag féilte idirnáisiúnta ar fud an domhain ar nós Celtic Connections (Alban), Celtic Colours (Ceanada), agus an fhéile Schotland (An Ísiltír) chomh maith le féilte éagsúla ar fud na nGarbhchríoch agus oileáin na hAlban.
Ceist na seachtaine seo:
Cá mbíonn an fhéile Celtic Connections ar siúl?
• Lorient
• Glaschú
• Douglas
• Londain
Seol freagraí chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 24 Lúnasa 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
© Foilsithe ar Gaelport.com 07 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Loinneog Lúnasa i nGaoth Dobhair
An Cabhán i mbun ullmhúcháin don bhFleadh
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge