Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Comórtas Litríochta Mhanchain

$
0
0

Don dara bliain as a chéile, tá Cumann Gaeilge Mhanchain ag reáchtáil comórtas litríochta, oscailte don phobal i gcoitinne.

Seoladh an comórtas den chéad uair anuraidh agus de bharr a rathúlachta leanfar ar aghaidh leis ar bhonn bliantúil amach anseo. Glacfar le scéalta i bhfoirm gearrscéil, próis nó dáin ag baint le hábhar ar bith agus iad laistigh de 3,000 focal. Is é 2 Deireadh Fómhair spriocdháta an chomórtais agus ainmneofar an buaiteoir le linn Fhéile Ealaíon Chumann Gaeilge Mhanchain i mí Deireadh Fómhair 2012. Ní mór rialacha an chomórtais a léamh roimh ré.

Seasann an Cumann Gaeilge mar chroílár na Gaeilge i Manchain agus iad ag eagrú ranganna, féilte agus ócáidí Gaelacha le blianta anuas. Bíonn rang seachtainiúil Gaeilge á reáchtáil ó 8-9 ag Club sóisialta Naomh Kent ina sásaítear riachtanais ghlantosaitheoirí chomh maith le cainteoirí níos líofa. Ritheann na ranganna Gaeilge i rith an tsamhraidh i bhfoirm cúrsa gairid.

Anuas air sin, eagraítear Ciorcal Comhrá ar an Déardaoin deireanach de gach mí. Fáiltítear roimh bhaill an phobail teacht agus comhrá a thosú ar a rogha ábhair – spórt, an pholaitíocht, cúrsaí reatha nó pé rud a gcuirtear spéis ann ag teach tábhairne an Jolly Angler ar Shráid Ducie. Bíonn Club Cuideachta ann freisin, ócáid shóisialta ina gcasann Gaeilgeoirí le chéile chun a scileanna teanga a úsáid, nó fiú chun éisteacht le seisiún ceoil breá Gaelach.

Cuireadh tús le Féile Ealaíon Chumann Gaeilge Mhanchain i 2009. Anuraidh bhí idir thaispeántais scannáin agus léamh filíochta ar siúl chomh maith le mór-ócáid na féile – Bronnadh duaiseanna an chomórtais liteartha. Eiseofar imeachtaí na féile 2012 go luath ar http://www.milg.org.uk/.

© Foilsithe ar Gaelport.com 07 Lúnasa 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Caighdeán athbhreithnithe don Ghaeilge

Ceol agus craic cois locha

As na Nuachtáin: An Ghaeilge ag láidriú i Nua-Eabhrac

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>