Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cúrsa Gaeilge cónaithe i Nua-Eabhrac

$
0
0

Tiocfaidh Gaeilgeoirí ó fud fad na cruinne le chéile ar 27 Lúnasa ar feadh seachtaine chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge le linn cúrsa cónaithe in Esopus, Nua-Eabhrac.

Seachtain thumoideachais atá i gceist leis an gcúrsa cónaithe seo ina gcaitheann meascán de ghlantosaitheoirí agus cainteoirí líofa seal ama le chéile agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar an méid Gaeilge atá acu féin. Lonnaithe in Ionad Spioradálta na mBráithre Muireach ag Esopus, Nua-Eabhrac, tugtar deis d’fhoghlaimeoirí an méid Gaeilge atá acu a chleachtadh chomh maith le timpeallacht álainn nádúrtha a shú isteach.

Tá leagan amach na seachtaine an-chosúil le coláiste samhraidh Gaeilge ach amháin an cúrsa a bheith lonnaithe faoin tuath i Nua-Eabhrac. Cuirfear tús leis an tumoideachas ar an chéad lá le cúrsa gairid ar fhrásaí Gaeilge agus ansin ceardlann amhránaíochta díreach ina dhiaidh.

Tosaíonn na ranganna ar maidin ina múintear ceachtanna gramadaí chomh maith le scéalta, amhráin agus dánta. Bíonn deis ag na daltaí blaiseadh a fháil de stíleanna agus canúintí éagsúla sa tslí go bhfuil múinteoir éagsúil acu sa tráthnóna is atá acu ar maidin.

Bíonn briseadh ag na daltaí le dul ag snámh sa linn snámha atá ar an suíomh nó dul ag siúl sa choill. San iarnóin, imríonn na foghlaimeoirí cluichí Gaeilge, Pictionary san áireamh agus bíonn deis ann freisin neart ceoil a chasadh, fáiltítear roimh gach sórt uirlise dar ndóigh. Bíonn na daltaí i dteideal lá saor a thógáil i rith na seachtaine agus bíonn deis acu dul amach ar raftaí ar an abhainn Esopus, cuairt a thabhairt ar Pháirc de hÍde nó ar an suíomh iomráiteach Woodstock!

Ta fáilte roimh gach aoisghrúpa. Cuirtear seirbhís naíonra ar fáil do leanaí faoi aois 5 agus bíonn ranganna speisialta ann do pháistí óga. Cuirtear ceardlanna damhsa, amhránaíochta agus céilí ar fáil freisin.

Tá de rogha ag na cuairteoirí uile a gcuid socruithe féin a dhéanamh ó thaobh lóistín de ach fanann na cuairteoirí cónaithe i suanliosanna. Má tá suim agat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus páirt a ghlacadh sa chúrsa speisialta seo, is féidir iarratas a chur isteach ar line anseo.

© Foilsithe ar Gaelport.com 07 Lúnasa 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Comórtas Litríochta Mhanchain

COMÓRTAS: CD leis an amhránaí Albanach Joy Dunlop le buachan

Ceol agus craic cois locha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>