Tá sé i gceist ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach) Ba chóir freisin, go hinmhianaithe, aighneachtaí, a bheidh ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin Comhairle Contae Chill Chainnigh agus Comhairle Buirge Chill Cheannaigh a sheoladh isteach go leictreonach chuig Gaeilge@kilkennycoco.ie. Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh chuig
An Roinn Corparáideacha,
Comhairle Contae Chill Chainnigh,
Halla an Chontae,
Sráid Sheáin,
Cill Chainnigh.
Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí arna soláthar don phobal ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh ar fáil ar www.kilkennycoco.ie agus www.kilkennyborough.ie.
Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00 i.n., ar 30ú Mean Fómhair 2012.
Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreacht agus Gaeltachta ar www.pobail.ie nó ar iarratais trí ríomhphoist chuig achtteanga@pobail.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Deireadh le feitheamh fada ar Scéim Teanga Thithe an Oireachtais
Caighdeán athbhreithnithe don Ghaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge