Tarlaíonn sé gach bliain, lárionad an cheoil agus na nuálaíochta, féile chultúir do gach aois – céard eile ach ‘Electric Picnic’ agus é ag treisiú agus ag bláthú ó bunaíodh é i 2004.
Tá clú agus cáil bainte amach ag an bhféile álainn seo agus í ar comhchéim le féilte móra ceoil ar nós Bestival, Glastonbury agus Exit ó thaobh an cheoil de ach is iad na rudaí beaga iontacha a dhéanann idirdhealú idir Electic Picnic agus gach féile eile ar domhan. I mbliana beidh sí ar siúl ó 31 Lúnasa agus 2 Meán Fomhair.
Cuireann an fhéile seo réimse ollmhór siamsaíochta ar siúl do na mílte cuairteoirí gach bliain idir taispeántais ciorcas, drámaíochta agus grinn, ceol réabh sa choill, ceardlanna potaireachta agus pubaill mhachnaimh agus iad ar fad scaipthe idir na rannóga agus na pubaill éagsúla – ‘Corp agus Anam’ agus ‘Stáitse an Salty Dog’ san áireamh.
Le blianta beaga anuas leagadh béim ar an nGaeilge le linn na féile. Laistigh den rannóg ‘Mindfield’ a fheicfear ceol, damhsa, drámaíocht, scannánaíocht, filíocht, greann agus rap trí Ghaeilge agus beidh an rud céanna ag tarlú arís i mbliana.
Is iad Rossa Ó Snodaigh agus Dónal Ó Donnabháin eagraithe na n-imeachtaí Gaeilge agus tá neart beartaithe acu don bhliain seo cheana féin. Le linn an deireadh seachtaine beidh na himeachtaí a leanas le feiceáil sa Phuball ‘Spoken Word’:
GAA Karoke: Aonghus Ó hEochaidh agus déanamh tráchtaireachta beo ar an gcluiche Leath Cheannais Peile.
Diospóireacht Gaelscéal
Seo Puipéid
Lúibíní agus Amhránaíocht ar an sean-nós le Mairéad Ní Fhlatharta, Nell Ní Chróinín agus níos mó.
Amhránaíocht agus ceol beo le Tara Ní Mhaonaigh & Seanán Ó Braonáin, Macara Ó Conghaile, Rónán Ó Snodaigh, Peadar Ó Goill, Eoin Ó Conghaile agus na Dirty Nines.
Scannáin: Taispeánfar dhá ghearrscannáin le Tomás Ó Súilleabháin agus déanfar athghuthú ar tháir-scannán
Drámaíocht le Fíbín, Manchán Mangan, Aisteorií Bulfin
Filíocht le Gearóid Mac Lochlainn, Caoimhín Mac Giolla Cathain is Dairena Ní Chinnéide, Sorcha Fox, Seán Rua Ó Súilleabháin, Louis De Paor & Rónán Browne
Cabaret Craiceáilte le Rónán Mac Aodh Bhuí
Sexy Sean-nós: Ceardlann damhsa ar an sean-nós le ‘cur chuige’ éagsúil.
Má tá tú ag teacht chun na Picnice i mbliana, déan cinnte buaileadh isteach go dtí an Rannóg Mindfield le haghaidh neart ceol agus craic trí Ghaeilge!
© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Oidhreacht thógtha na hÉireann á ceiliúradh ag Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2012
Lá Spraoi le Coláiste na bhFiann
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge