2,270 duine tar éis clárú le líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge faoin bhliain 2015 agus é seo ar fad bainte amach laistigh de bhliain amháin – is cinnte go bhfuil feachtas Líofa ag dul ó neart go neart.
Déanfar ceiliúradh ar bhuaicphointí an fheachtais go dtí seo ag ócáid mhór a bheidh ar siúl i mBéal Feirste i Meán Fómhair.
Ceiliúradh bliana a bheidh ann ó seoladh an ‘Líofa 2015’ i Meán Fómhair 2011, feachtas a raibh d’uaillmhian aige 1,000 cainteoir Gaeilge líofa a chothú laistigh de cheithre bliana. Tugadh léiriú ar rathúlacht an fheachtais ag mí na Nollaig 2011 nuair a fógraíodh go raibh sprioc na gcainteoirí bainte amach an bhfeachtas laistigh de cúpla mí.
D’fhógair an tAire i mí Meitheamh go sínfear sprioc na gcainteoirí ó 1,000 go 5,000 sa bhliain 2015 agus is cosúil go bhfuil beagnach leath an mhéid bainte amach cheana féin.
Tá sé mar bhunaidhm ag an bhfeachtas leanúnach seo claontaí lonnaithe sa tsochaí i leith na teanga a bhriseadh agus an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach dearfach, fáilteach agus úsáideach.
Táthar ag súil go gcloisfear tuilleadh Gaeilge sa phobal i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2015 mar thoradh air seo agus go gcuirfear deireadh leis an nasc idir an pholaitíocht agus an teanga. Fáilteofar roimh chainteoirí éagsúla cibé cúlra nó traidisiún a bhaineann leo leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a spreagadh i measc an phobail.
Is cúis cheiliúradh é breithlá an fheachtais agus tá sé beartaithe ag an Aire ócáid a reáchtáil ar 22 Meán Fómhair I mBéal Feirste chun an feachtas agus an Ghaeilge i gcoitinne a chur chun cinn.
Ócáid phoiblí a bheidh i gceist le ‘Lá Líofa’ ina gcuirfear ceol, siamsaíocht agus gníomhaíochtaí eile ar fáil do gach aois ainneoin a gcumas teanga.
Tá fáilte roimh chách – grúpaí, eagraíochtaí, daoine aonair, teaghlaigh agus freisin dóibh siúd a bhfuil fiosrach faoin nGaeilge freastal ar an ócáid. Ní gá go mbeadh Gaeilge ar bith ag daoine le freastal ar an ócáid.
Dúirt an tAire Uí Chuilín agus í ag tabhairt cuairte ar ‘Ghaelphobal’, scátheagraíocht Ghaeilge bunaithe i dTír Eoghain go bhfuil “obair go fóill le déanamh agus tá an tionscnamh Líofa go fóill dírithe ar theagmháil a dhéanamh leis na daoine sin atá fiosrach faoin Ghaeilge nó atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim”.
“Beidh an ceiliúradh ar 22 Meán Fómhair oscailte do gach duine. Cuirfear fáilte roimh achan duine agus ní gá aon Ghaeilge a bheith agat le sult a bhaint as na himeachtaí”.
© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta seo a leanas:
An Ghaeilge Leictreach
Cúis cheiliúrtha Raidió Rí-Rá
Oidhreacht thógtha na hÉireann á ceiliúradh ag Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge