Seoladh Comórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht i mí Bhealtaine na bliana seo le saothair nua-chumtha na Gaeilge a chur chun cinn.
Cuirtear fáilte roimh iontrálacha ó scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí bunaithe go dtí Dé Luain, an 3 Meán Fómhair, nuair a chuirfear deireadh leis an gcóras iontrála.
Beidh duaischiste €10,000 le bronnadh ar bhuaiteoirí an chomórtas litríochta atá á reáchtáil i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Bronnfar €5,000 ar an té a bhainfidh an chéad áit amach, €3,000 ar an scríbhneoir sa dara háit agus €2,000 ar an saothar a thiocfaidh sa tríú háit.
Fáiltítear roimh shaothair de gach cineál idir úrscéalta, ghearrscéalta agus litríocht do dhaoine óga ach aird ar leith a tharraingt ar scríbhneoirí nua.
“Is mór an spreagadh a thugann comórtais agus na duaiseanna a ghabhann leo do scríbhneoirí, go háirithe do scríbhneoirí óga nó scríbhneoirí nua nár fhoilsigh leabhar cheana“ a dúirt an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, nuair a fógraíodh an comórtas níos luaithe sa bhliain.
Glacfar le foirmeacha iontrála suas go dtí Dé Luain, an 3 Meán Fómhair 2012. Bíodh gach iontráil nuachumtha agus neamhfhoilsithe. Is féidir liosta iomlán na rialacha iontrála a fháil anseo.
©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Líofa 2015 ag ceiliúradh bliana ar an bhfód
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #litríocht