Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ceardlann Logainmneacha 2012

$
0
0

Beidh ceardlann logainmneacha ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn na seachtaine seo 24 agus 25 Lúnasa, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá an cheardlann á reáchtáil ag Fiontar, DCU i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha de chuid na Roinne Ealaíona, Oidhreacht agus Gaeltacht.  Bhí an dá ghrúpa ina gcomhpháiritithe le linn chomhordaithe an tsuímh www.logainm.ie.

Bunaíodh an Brainse Logainmneacha le logainmneacha Gaeilge na hÉireann a dheimhniú agus a fhoilsiú go hoifigiúil trí thaighde leanúnach a chur i ngíomh.  Is féidir liosta den taighde a cuireadh i gcrích go dtí seo a fháil anseo.   

Osclóidh an tAire Stáit Dinny McGinley an cheardlann go hoifigiúil ar Dé hAoine, 24 Lúnasa, ag 9.00rn agus cuirfear tús leis an bplé ar an ábhar Bainistiú agus foilsiú sonraí logainmníochta ar líne. 

Beidh saineolaithe idirnáisiúnta ag tabhairt cainteanna thar an dá la ar ghnéithe éagsúla den ábhar roghnaithe, ina measc beidh Crystal Sholts (Google Maps), Jean–René Côté (Commission de toponymie dú Québec) agus Helen Kerfoot, an cathaoirleach ar Ghrúpa Saineolaithe na Náisiún Aontaithe agus is í a bheidh mar phríomhchainteoir na ceardlainne.

Cuirfear béim ar leith ar logainmníocht na dtíortha Ceilteacha le linn na ceardlainne.  Beidh Gwyn Jones (Bwrdd Yr Iaith Gymraeg) ag tabhairt léirmheasa ar logainmníocht na Breataine Bige, beidh cás na hAlban á phlé ag Peadar Morgan (Bòrd na Gàidhlig) agus Jacob King (Ainmean-Áite na h-Alba), agus tabharfar aghaidh ar logainmníocht na hÉireann le Dónall Mac Giolla Easpaig (An Brainse Logainmníochta).

Beidh tuilleadh plé idirnáisiúnta ar an ábhar le saineolaithe ón Iorua, an tSualainn, an Fhionlainn agus an Eastóin. 
Eagrófar an cheardlann trí mheán an Bhéarla.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig placenames2012@dcu.ie nó féach www.logainm.ie/placenames2012.  Tá costas €150 ar chlárúchán ginearálta agus gearrfar costas €50 ar mhic léinn.

©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Lúnasa 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Scoláireachtaí €2,000 ar fáil do mhic léinn

Folúntais: Eagarthóirí Taighde; Cúntóirí Eagarthóireachta Taighde; Riarthóir Tionscadal Taighde

Tuairimí an phobail á lorg - Seirbhísí Teanga i gCill Chainnigh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Logainm #Fiontar


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>