Tá Móinín ag reáchtáil dianchúrsa i scríobh an ghearrscéil agus an úrscéil a thosóidh ar 22 Meán Fómhair agus a leanfaidh go dtí tús mhí na Nollag.
Beidh an scríbhneoir aitheanta Ré Ó Laighléis mar stiúrthóir agus mar phríomhtheagascóir ar an gcúrsa a bheidh ar siúl in áras traenála Mhóinín; An Scríobhlann i mBaile Uí Bheachain, Co. an Chláir.
Tá an cúrsa maoinithe ag Foras na Gaeilge mar sin ní ghearrfar táille ar chostas teagaisc nó ar ábhair ach iarrfar ar rannpháirtithe a gcuid costais lóistín agus taistil féin a chlúdach. Tabharfar spás d’ochtar ar an gcúrsa agus baileoidh an grúpa le chéile gach dara deireadh seachtaine ar feadh dhá mhí don oiliúint. Is iad sin na dátaí seo a leanas:
Deireadh Seachtaine 1: 22/23 Meán Fómhair
Deireadh Seachtaine 2: 6/7 Deireadh Fómhair
Deireadh Seachtaine 3: 20/21 Deireadh Fómhair
Deireadh Seachtaine 4: 3/4 Samhain
Deireadh Seachtaine 5: 17/18 Samhain
Deireadh Seachtaine 6: 1/2 Nollaig
Díreoidh an cúrsa ar bhun-eilimintí agus struchtúir an ghearrscéil agus an úrscéil agus tabharfar aghaidh ar eilimint amháin i rith gach seisiún: Carachtaracht, Plota, Comhrá, Inseoireacht srl. Tabharfar deis do na scríbhneoirí dul chun cinn a dhéanamh ar a gcuid saothar le linn na coicíse idir gach seisiún. Seachnófar aon ábhar de chuid na rannpháirtithe atá réamhscríofa.
Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le hAilsa Ellis ag 065 707 7256 / moinin@eircom.net.
©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta seo a leanas:
Comórtas Litríochta Mhanchain
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #litríocht