Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Fulbright ag glacadh le hiarratais do dhámhachtainí 2013-2014

$
0
0

Osclaíodh córas iarratas an Choimisiúin Fulbright inniu agus tá go dtí 14 Samhain 2012 ag céimithe le Gaeilge iarratas a dhéanamh ar dhámhachtainí na bliana 2013-2014.

Cuirtear deontais ar fáil gach bliain trí chlár dhámhachtainí Fulbright le deis a thabhairt do mhic léinn, múinteoirí agus daoine gairmiúla tréimhse a chaitheamh ag staidéar agus ag obair in institiúidí acadúla sna Stáit Aontaithe.

Tá an-éileamh ar acmhainní Gaeilge sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil an Ghaeilge mar ábhar roghnaithe i mbeagnach 60 scoil, agus tugtar deis do chéimithe le Gaeilge freastal ar an éileamh seo trí thréimhse a chaitheamh ann mar thaighdeoirí, mar léachtóirí agus mar chúntóirí Gaeilge.

Tá dámhachtainí á dtairiscint ag Fulbright do thrí ghrúpa éagsúla:

-Mic léinn ar mian leo tabhairt faoi staidéar iarchéime nó taighde in institiúid acadúil sna Stáit Aontaithe.

-Scoláirí agus daoine gairmiúla, ag a bhfuil níos ná mó cúig bliana de thaithí acu, le bheith ina dtaighdeoirí agus léachtóirí Gaeilge.

-Múinteoirí Gaeilge ar mian leo tréimhse 10 mí a chaitheamh ag tógáil ranganna iarchéime agus ag obair mar chúntóir mhúinteoireachta i dteangacha iasachta (FLTA) in ollscoil Mheiriceánach.

Cé go dtéitear ann mar acadóirí, cuirtear clár ábhartha leathan ar fáil do na rannpháirtithe le linn a dtréimhse sna Stáit Aontaithe.  Ag labhairt ag seoladh Dhámhachtainí Fulbright don bhliain 2013-2014, dúirt Una Halligan, Cathaoirleach ar Choimisiún Fulbright in Éirinn, “Tugann Dámhachtainí Fulbright na hÉireann deis do na buaiteoirí staidéar agus taighde a dhéanamh chomh maith le caidrimh a chruthú sna Stáit Aontaithe. Faigheann lucht Fulbright taithí fíorluachmhar ar féidir leo a roinnt le daoine eile nuair a thagann siad ar ais agus a thugann buntáiste dóibh sna réimsí éagsúla ina bhfuil siad”.

Bronnadh dámhachtainí ar sheachtar Gaeilgeoirí in Éirinn anuraidh agus ina measc bhí múinteoirí Gaelscoile, mic léinn iarchéime, cúntóir choláiste samhraidh, comhalta PhD agus láithreoir raidió.  Táthar ag súil le réimse leathan iarrthóirí arís i mbliana.  “Bliain i ndiaidh bliana, cuireann na taighdeoirí, na daoine gairmiúla agus na hiarchéimithe is fearr in Éirinn isteach ar Dhámhachtainí Fulbright.  Níl aon amhras ach go mbeidh an bhliain seo mar an gcéanna,” a dúirt Halligan.

Glacfar le hiarratais ar dhámhachtainí na bliana 2013-2014 go dtí 14 Samhain 2012.  Is féidir gach eolas a fháil ag www.fulbright.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com - 24 Lúnasa 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cúrsa Gaeilge cónaithe i Nua-Eabhrac

Féilire: Seachtain Gaeltachta i Nua Eabhrac

As na Nuachtáin: Applications open for grants to study, teach and research in US

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Fulbright

 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>