Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tromluí Phinocchio in Amharclann Smock Alley

$
0
0

Cuirfidh an compántas téatair Moonfish léiriú nua aimseartha den scéal clasaiceach ‘Pinocchio’ ar siúl mar chuid den fhéile ABSOLUT Fringe i mBaile Átha Cliath sna seachtainí romhainn.

Leagan dorcha den scéal iomráiteach is ea ‘Tromluí Phinocchio’ a thugann léiriú ar smaointeoireacht an déagóra agus é sáinnithe idir an óige agus an fhearúlacht agus é ag teacht an inmhe. Maireann Pinocchio, fear óg déanta as adhmaid, i ndomhan mór contúirteach in éindí le ainmhithe a labhraínn, síoga agus taibhsí.

Léiriú dátheangach den sárshaothar aitheanta atá i gceist agus tá sé mar aidhm ag Moonfish Gaeilge intuigthe a chur os comhair an lucht féachana chun go sásófar foghlaimeoirí mar aon le cainteoirí líofa.

Tá an compántas bunaithe i nGaillimh agus iad ag scríobh agus ag léiriú saothair úra agus saothair chlasaiceacha le blianta anuas. Baineann siad leas as scáthanna, ceol beo, damhsa agus níos mó le saothair nuálacha a chur i láthair. Is cinnte go mbeidh na huirlisí cruthaitheacha seo á úsáid ag na haisteoirí le samhlaíocht agus le híomhánna an scéil seo a chu iI láthair.

Beidh Tromluí Phinocchio ar siúl in Amharclann Smock Alley ó 8-15 Meán Fómhair  ag  1i.n. Tá costas €12/€10 ar thicéid agus tá siad ar fáil ó www.fringefest.com,  nó ó oifig na dticéad i Filmbase, Curved St., Barr an Teampaill. Níl an léiriúchán seo feiliúnach do pháistí faoi aois 11.

Tá blaiseadh beag den léiriúchán le feiceáil anseo:
http://www.youtube.com/watch?v=fGY0IJo9CBA&feature=player_embedded

© Foilsithe ar Gaelport.com - 31 Lúnasa 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Deis oiliúna do scríbhneoirí Gaeilge

Comórtas Litríochta Mhanchain

Spriocdháta Chomórtas Litríochta CIC ag druidim linn


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>