Cuirfidh an compántas téatair Moonfish léiriú nua aimseartha den scéal clasaiceach ‘Pinocchio’ ar siúl mar chuid den fhéile ABSOLUT Fringe i mBaile Átha Cliath sna seachtainí romhainn.
Leagan dorcha den scéal iomráiteach is ea ‘Tromluí Phinocchio’ a thugann léiriú ar smaointeoireacht an déagóra agus é sáinnithe idir an óige agus an fhearúlacht agus é ag teacht an inmhe. Maireann Pinocchio, fear óg déanta as adhmaid, i ndomhan mór contúirteach in éindí le ainmhithe a labhraínn, síoga agus taibhsí.
Léiriú dátheangach den sárshaothar aitheanta atá i gceist agus tá sé mar aidhm ag Moonfish Gaeilge intuigthe a chur os comhair an lucht féachana chun go sásófar foghlaimeoirí mar aon le cainteoirí líofa.
Tá an compántas bunaithe i nGaillimh agus iad ag scríobh agus ag léiriú saothair úra agus saothair chlasaiceacha le blianta anuas. Baineann siad leas as scáthanna, ceol beo, damhsa agus níos mó le saothair nuálacha a chur i láthair. Is cinnte go mbeidh na huirlisí cruthaitheacha seo á úsáid ag na haisteoirí le samhlaíocht agus le híomhánna an scéil seo a chu iI láthair.
Beidh Tromluí Phinocchio ar siúl in Amharclann Smock Alley ó 8-15 Meán Fómhair ag 1i.n. Tá costas €12/€10 ar thicéid agus tá siad ar fáil ó www.fringefest.com, nó ó oifig na dticéad i Filmbase, Curved St., Barr an Teampaill. Níl an léiriúchán seo feiliúnach do pháistí faoi aois 11.
Tá blaiseadh beag den léiriúchán le feiceáil anseo:
© Foilsithe ar Gaelport.com - 31 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Deis oiliúna do scríbhneoirí Gaeilge
Spriocdháta Chomórtas Litríochta CIC ag druidim linn
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge