Tá sé fógartha inniu ag Forbairt Naíonraí Teoranta go n-osclóidh 23 naíonraí nua le linn mhí Mheán Fómhair 2012.
Beidh na naíonraí nua lonnaithe i mBaile Átha Cliath, i gCiarraí, i gCorcaigh, i nGaillimh, san Iarmhí, i gCill Mhantáin, i gcontae an Mhí agus i Loch Garman.
Is cosúil go bhfuil an t-éileamh céanna ar an réamhscolaíocht Gaeilge anois ná mar a bhí in 2011 nuair a osclaíodh an líon is mó naíonraí riamh, 25 ionad nua, oiread is 8 aonad níos mó ná 2010.
Dúirt Máire Uí Bhriain, Cathaoirleach Forbairt Naíonraí Teoranta go bhfuil cúpla cúis éagsúil ag baint leis an dul chun cinn leanúnach : “Tá fás as cuimse feicthe againn sna trí bliana deireanach san earnáil luathóige Gaeilge. Creidimid go bhfuil dhá phríomhchúis leis seo: Ar dtús báire, d’ofráil an bliain réamhscoile saor in aisce deis nua do thuismitheoirí rochtain a fháil ar sheirbhísí naíonra agus chomh maith, tá tuiscint níos fearr i measc na dtuismitheoirí ar bhuntáistí breise na luath-thumadh iomlán do pháistí a fhreastalaíonn ar an naíonra.”
Mar aon le méadú i dtaobh soláthrú áiteanna réamhscolaíochta, meastar go gcruthóidh na hionaid oiread is 40 post nua san earnáil oideachais agus san earnáil Gaeilge.
Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach Forbairt Naíonraí Teoranta: ‘Sa timpeallacht geilleagrach reatha, ní minic a chloistear faoi scéalta dearfacha ar nós an cheann seo: 23 Naíonraí nua, 40 post nua i dtosach agus na céadta daoine óga breise ag freastal ar Naíonraí dá saorbhliain réamhscolaíochta agus ag sealbhú na Gaeilge i suíomh slán, sábháilte agus cairdiúil.’
Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis na naíonraí nua agus obair Fhorbairt Naíonraí Teoranta féach www.naionrai.ie.
Na naíonraí nua a n-osclóidh le linn mhí Mheán Fómhair 2012:
Naíonra an Choillín, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí
Naíonra an Ghairdín, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí
Naíonra na Rógairí Beaga, Rochfort Bridge, Co. na hIarmhí
Naíonra Little Folks, Baile Átha Cliath, Co. na Mí
Naíonra Bumblebee, Cill Dhéagláin, Co. na Mí
Naíonra Smarty Pants, Ros Eo, Co. Bhaile Átha Cliath
Naíonra First Steps, Marino, B.Á.C. 3
Naíonra Hyde and Seek, Droim Conrach, B.Á.C. 9
Naíonra Westwood, Carraig an tSionnaigh, B.Á.C. 18
Naíonra Safari, Cill Mhaighneann, B.Á.C. 8
Naíonra Mháirín, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath
Naíonra Junior Genius, Baile Dhónaill, B.Á.C. 22
Naíonra Dhún Droma, Dún Droma, B.Á.C. 14
Naíonra Ghaelscoil Uí Chéadaigh, Bré, Co. Chill Mhantáin
Naíonra Montessori, Bré, Co. Chill Mhantáin
Naíonra an Scoil Bhig, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin
Naíonra Little Treasures, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
Naíonra Cháit, Bearna, Co. na Gaillimhe
Naíonra Mamaí Gé, Cionn tSáile, Co. Chorcaí
Naíonra Highcare Childcare, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí
Naíonra Crèche Absolute Beginners, An Bhlarna, Co. Chorcaí
Naíonra Radharc na Darach, Trá Lí, Co. Chiarraí
Naíonra Faithleann, Cill Áirne, Co. Chiarraí
©Foilsithe ar Gaelport.com 3 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Launch of new Irish primary
Gaelscoil de dhíth ar Nua-Eabhrac!
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #AnGhaelscolaíocht