Tá feachtas Líofa 2015 faoi lán seoil sa Tuaisceart, tá gaelscoileanna nua á bhforbairt ar fud na tíre de bharr éileamh an phobail, agus, de réir an Achta Gaeltachta, bunófar Gaeltachtaí nua sna blianta romhainn mar thoradh ar an saibhreas teanga atá ar fáil i gceantair éagsúla. Is scoth an ama é feabhas a chur ar do chuid Gaeilge trí pháirt a ghlacadh sna ranganna atá á reáchtáil timpeall na tíre.
Cuirfear tús le sraith nua ranganna Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath an mhí seo chugainn. Beidh an cúrsa dírithe ar Ghaeilge labhartha na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt agus a gcuid muiníne inti a neartú i dtimpeallacht neamhfhoirmiúil. Cuirfear tús leis an gcúrsa 6 seachtaine ar an Déardaoin, 6 Meán Fómhair, i gCois Teallaigh ar Shráid Chill Dara. Mairfidh an cúrsa 6 seachtaine agus tabharfar deis leanúint ar aghaidh le 4 rang sa bhreis i ndiaidh na buntréimhse sin. Táille an chúrsa ná €90. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a chuir chuig scottdebuitleir@gmail.com.
Aithnítear Conradh na Gaeilge mar cheannródaí i múineadh na Gaeilge leis na blianta anuas agus tá cáil ar na ranganna a bhíonn á reáchtáil ag na craobhacha éagsúla. Mar aon leis na cúrsaí a chuirtear ar fáil sa phríomhchathair agus ar Shráid Doiminic i nGaillimh, reáchtáiltear ranganna ar ardchaighdeán i Maigh Eo, Cill Dara, Luimneach, an Clár agus an Dún.
Clúdaítear gach cúinne den tír trí na craobhacha áitiúla agus freastalaítear ar gach leibhéal, idir ghlantosaitheoir, mheánleibhéal, ardleibhéal agus ranganna a díríonn ar mhúinteoirí scoile. Tugtar deis cleachtaidh d’fhoghlaimeoirí ag na ciorcail chomhrá a reáchtáiltear ar fud na tíre mar chuid den fheachtas Is leor beirt. Cuirfear tús leis na cúrsaí i mí Mheán Fómhair. www.cnag.ie
Cuireann Gaelchultúr cúrsaí 10 seachtaine ar siúl i mBaile Átha Cliath, Ceatharlach, Corcaigh agus Luimneach. Tá cúrsaí Gaelchultúr tagtha go mór chun cinn le blianta beaga anuas toisc go reáchtáiltear cúrsaí i labhairt na Gaeilge do gach leibhéal, cúrsaí eile a dhíríonn ar an ngramadach agus cúrsaí do mhúinteoirí scoile. Mar aon leis na cúrsaí ranga, reáchtáiltear cúrsaí ar líne chomh maith. www.gaelchultur.ie.
Cuirfear tús le cúrsaí Gael Linn i mí Mheán Fómhair agus fáilteofar roimh ghlanthosaitheoirí agus feabhsaitheoirí. Cuirfear béim ar líofacht a bhaint amach sa teanga le linn na ranganna a bheidh ar siúl in oifig Gael Linn i mBaile Átha Cliath. www.gael-linn.ie
Tá muintir Thuaisceart Éireann i lár réabhlóid teanga i láthair na huaire agus an feachtas Líofa 2015 faoi lán seoil. Seoladh an feachtas sa bhliain 2011 agus tá ranganna Gaeilge á reáchtáil i ngach uile cheantar le freastal ar rannpháirtithe Líofa 2015. Tá na comhairlí cathracha éagsúla i mbun ranganna a reáchtáil agus is féidir teacht ar gach cineál ranga ag leibhéal áitiúil. Tá go leor ar siúl in Ionad Ghaelphobal an tSratha Bháin, buaiteoirí Ghradam Ghlór na nGael na bliana seo, idir ranganna do pháistí scoile agus do dhaoine ar ardchumas Gaeilge. Déanann Raidió Fáilte an clár ‘Cúpla Focal’ a chraoladh dhá uair sa tseachtain mar áis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i mBéal Feirste. Tá gach eolas ar fáil maidir le Líofa agus na háiteanna uile ina bhfuil ranganna ar siúl ag an nasc seo http://www.dcalni.gov.uk/liofa_email_version.pdf.
Cé go n-aithnítear na heagraíochtaí móra a bhfuil ina stiúrthóirí ar ranganna Gaeilge, tá an t-uafás cabhrach ar fáil go háitiúil i gceantair ar fud na hÉireann. Déanann an Coiste Gairmoideachais ranganna Gaeilge a reáchtáil go náisiúnta mar chuid dá scéim oideachais do dhaoine fásta agus is féidir teacht ar d’ionad áitiúil féin ag www.vec.ie. Bíonn ranganna agus ciorcail chomhrá ar siúl, faoi chúram na gcomhairlí contae, sna leabharlanna poiblí ar fud na tíre. www.library.ie
Tugtar deis do thuismitheoirí a gcúpla focal a fheabhsú in an-chuid gaelscoileanna timpeall na tíre. Is cinnte gur buntáiste í an Ghaeilge do thuismitheoirí gaelscoile agus anuas air sin, cuireann na rannpháirtithe aithne ar phobal na scoile trí fhreastal ar na ranganna.
Is féidir teacht ar ranganna Gaeilge i gceantar ar bith in Éirinn sna hionaid Ghaelacha agus clubanna áitiúla. De ghnáth, cuirtear tús le ranganna i mí Mheán Fómhair mar sin is fiú teagmháil a dhéanamh le do rogha ionad foghlamtha gan mhoill.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 4 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
40 post nua le cruthú in earnáil na réamhscolaíochta Gaeilge
Fulbright ag glacadh le hiarratais do dhámhachtainí 2013-2014
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge