Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ceiliúradh an Bhlascaoid 2012

$
0
0

Beidh ceiliúradh mór ar siúl i nDún Chaoin in iarthar Chiarraí nuair a dhéanfar ceiliúradh ar an mBlascaoid in Ionad an Bhlascaoid Mhóir ón 28 – 30 Meán Fómhair 2012.

Tiarnaí Talún agus Tionóntaí a bheidh faoi chaibidil ag ceiliúradh an Bhlascaoid Mhóir na bliana seo a thionólfar in Ionad an Bhlascaoid a bheidh ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód an bhliain seo chugainn.

Is deireadh seachtaine d’imeachtaí éagsúla a bheidh ag tarlú le linn an cheiliúrtha. I measc na n-imeachtaí beidh léachtaí stairiúla, seoladh leabhar, taispeántas scannánaíochta, ceol, amhráin agus filíocht.

Déanfaidh an craoltóir agus staraí Cathal Póirtéir ceiliúradh na bliana seo a oscailt go hoifigiúil ag 7:30pm tráthnóna Aoine 28 Meán Fómhar, ina dhiaidh beidh Siobhán Ní Chorcara ó Ollscoil Luimnigh ag cur síos ar Thiarnaí Talún Bhaile an Ghóilin. Leanfar le neart ceoil le Tommy Ó Conchúir agus Aina Davis agus le craic agus caidreamh.

Bhí an-bhaint ag Na Tiarnaí Talún Lord Ventry agus Lord Cork le Corcha Dhuibhne blianta fada ó shin agus dá bhrí sin tá an-stair agus seanchas sa cheantar dá bharr.

Ar an Satharn, leanfar le léachtaí leis an Staraí agus Iar-Chigire Scol Seán Ó Dúbhain, Cormac Ó Gráda as An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Niall Ó Cíosáin Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus beidh léacht dar teideal Fuadach nan Gàidheal as Gàidhlig leis an Ollamh Donald Meek scoláire Ceilteach as Albain.

Ag 3pm beidh turas bus ar láithreacha a bhaineann le lucht cinsil in ionad stairiúil Choláiste Íde, Baile an Ghóilín áit a raibh an-bhaint ag Lord Ventry léi - beidh sé seo faoi Stiúir an Staraí agus Seandálaí, Mícheál Ó Coileáin.

Níos déanaí san oíche seolfar leabhar a bhaineann le ceiliúradh an Bhlascaoid 2009 nuair a dhéanfar ceiliúradh ar shaothar John Millington Synge, scríbhneoir, file agus bailitheoir. Chaith Synge seal ar an Bhlascaoid Mhór agus bhí an-tionchar ag muintir an oileáin agus ceantar Chorca Dhuibhne ar a chuid scríbhneoireachta. Tar éis sheoladh an leabhair leanfar le neart siamsaíochta, idir amhráin agus cheol a bhaineann le Tiarnaí Talún agus Cogadh na Talún” le hamhránaithe agus ceoltóirí áitiúla.

Ar an Domhnach leanfar le léacht dar teideal “Lá Maraithe na bhFear sa Daingean”- seo eachtra uafáis a tharla sa Daingean agus is é an múinteoir agus staraí Pat Nelligan a dhéanfaidh an cur i láthair seo.

Ina dhiaidh sin beidh an Ciarraíoch Joe Higgins TD agus an Feisire Eorpach Seán Kelly ag plé “A Bhfuilimid Díolta Arís le Gallaibh?” agus beidh Lorcán Ó Cinnéide sa chathaoir don seisiún áirithe seo agus cuirfidh Lorcán clabhsúr le ceiliúradh na bliana seo.

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.ceiliuradh.com.

© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Tromluí Phinocchio in Amharclann Smock Alley

Deis oiliúna do scríbhneoirí Gaeilge

40 post nua le cruthú in earnáil na réamhscolaíochta Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>