Beidh Oíche Chultúir ar siúl ar an Aoine, 21 Meán Fómhair 2012 agus beidh neart imeachtaí cultúrtha ar siúl timpeall na tíre, imeachtaí Gaeilge ina measc.
Baile Átha Cliath
San ardchathair beidh sráideanna na cathrach faoi bhrat ildaite le neart damhsóirí agus siamsaíocht sráide ar siúl i mBarra an Teampaill le ceol bríomhar agus damhsa agus beidh go leor ionad stairiúil ag oscailt a ndoirse ar an oíche do chuairteoirí. Ina measc beidh Caisleán Átha Cliath, Ceannáras na bPíobairí Uilleann, Músaem Ghlas Naíon, Áras na Scríbhneoirí, Ardoifig An Phoist mar aon le turais stairiúla in Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Mar aon leis sin, beidh turas treoraithe ar Cheannáras Chonradh na Gaeilge ag uimhir 6 Sráid Fhearchair ó 5-11pm. Tá an ceannáras ar cheann de na hárais is stairiúla sa chathair agus beidh réimse imeachtaí iontacha ar siúl trí mheán na Gaeilge.
Anuas air seo beidh Gael Linn ag oscailt a gcuid oifigí don phobal sa tráthnóna chun eolas a thabhairt don phobal maidir le cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta agus daoine óga. Tá fáilte roimh chách bualadh isteach chucu.
Arís i mbliana, beidh oíche mhór filíochta le mic oscailte arna eagrú ag Poetry Ireland i gCearnóg Mhuirfean ar an oíche ón 6-10pm. Is imeacht dátheangach a bheidh i gceist le filí ag léamh dánta Gaeilge agus Béarla ar an oíche.
Cúige Mumhan
I gCúige Mumhan beidh míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chuig Ionad Gael-Taca ar Phort Uí Shúilleabháin ar an oíche agus tá siadsan ag reáchtáil siúlóid stairiúil ar chathair Chorcaí ó 7-9pm.
Anuas air sin beidh Ionad Cultúrtha Baile Bhuirne ag comóradh shaothair agus shaol an fhile agus an scribneora, Seán Ó Ríordáin, a rugadh i mBaile Bhuirne, i gcroílár Ghaeltacht Mhúscraí agus a fuair bás 35 bliain ó shin ar an oíche.
Beidh seisiún mór ceoil ar siúl i Músaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh áit a mbeidh an ceoltóir iomráiteach Bríd Donnelly ag seinm ar an bhfeadóg mhór i gcuideachta a cairde.
Mar chuid de na himeachtaí a bheidh á reáchtáil i Luimneach, beidh ceoltóirí óga Luimnigh ag dul ar stáitse ag 8pm. Beidh imeachtaí éagsúla freisin ar siúl i mbaile Chill Dalau atá lonnaithe i gcontae An Chláir agus Béal an Átha, baile eile álainn atá lonnaithe trasna na Sionainne i gCo. Thiobraid Árann.
Cúige Uladh
Agus ar ndóigh tá neart imeachtaí cultúrtha beartaithe i gCúige Uladh le himeachtaí arna n-eagrú i nDoire, Béal feirste, An Cabhán, Ard Mhaca agus i nDún na nGall beidh oíche oscailte ag gailearaí agus stiúideonna cló i nGort a Choirce.
I nGaoth Dobhair beidh taispeántas tiomnaithe don ealaíontóir as Dún na nGall Teresa Kennedy, nach maireann. Chothaigh agus spreag sí go leor ealaíontóirí i nDún na nGall a bhfuil a n-ainmneacha in airde anois, agus tá saothar na n-ealaíontóirí seo le feiceáil sa taispeántas.
Connacht
In iarthar na tíre i gcontae na Gaillimhe, beidh 17 mbaile agus sráidbhaile timpeall an chontae ag ceiliúradh le beagnach caoga imeacht eagraithe in oirthear an chontae idir chuairt ar chaislean Baile Átha an Rí agus ar Ionad Chath Eachroma in Eachroim is siúlóidí eagraithe as ceantar Charna i gConamara.
Ag bogadh suas go Maigh Eo beidh ceiliúradh mór ar siúl i dTuar Mhic Éadaigh áit a mbeidh neart ceoil, amhráin, damhsa ar an sean-nós agus sólaistí i halla Thuar Mhic Éadaigh óna hóchta sa tráthnóna.
Tá Gnó Mhaigh Eo, atá lonnaithe i gCathair na Mart, ag reáchtáil seisiún scéalaíochta do ghasúir leis an údar aitheanta Colmán Ó Raghallaigh ó Chló Mhaigh Eo idir 3-5pm agus idir 6-8pm beidh fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe i bPáirc Thurlaigh i gCaisleán an Bharraigh, áit a mbeidh cainteanna agus comhairle i dtaobh Cúrsaí Ginealaigh.
Thar sáile
Arís i mbliana beidh imeachtaí ar siúl san Irish Centre i Londain agus beidh muintir na hÉireann sa Bheilg ag ceiliúradh le oíche mhór cheoil agus filíochta in Institiúidí na nÉireannach san Eoraip (Leuven Institute for Ireland in Europe) atá lonnaithe in Leuven sa Bheilg áit a mbeidh Gillian Murphy agus beidh seó beo leis an gcomhlacht puipéadóireachta agus amharchlannaíochta Fíbín atá lonnaithe i gConamara ag dul ar stáitse ar an oíche.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.culturenight.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meán Fómhair 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Tromluí Phinocchio in Amharclann Smock Alley
Ranganna Gaeilge ar fud na cruinne
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge