Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cóip de 'Gramadach Gan Stró' le buachan

$
0
0
An tseachtain seo agus daoine go leor ag tabhairt faoi chúrsaí éagsúla bí cinnte go bhfuil daoine ag tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge agus da bhrí sin táimid ag tabhairt deis iontach do dhuine amuigh ansin cóip den leabhar Gramadach Gan Stró a bhuachan.

Tá Gramadach gan Stró! le hÉamonn Ó Dónaill dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí.

Tá an leabhar foilsithe ag Gaelchultúr a bhí lonnaithe i Sráid Barra an Teampaill i gceart Bhaile Átha Cliath go dtí le déanaí ach atá bogadh go dtí foirgneamh nua i Sráid an Chláraigh i Baile Átha Cliath 2 anois.

Tá an leabhar feiliúnach dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu.

Tá béim láidir ar úsáid laethúil na Gaeilge agus eolas tugtha mar gheall ar na difríochtaí idir an rud a scríobhtar agus na leaganacha a bhíonn le cloisteáil sa chaint.

Tá ceachtanna éagsúla le fáil i ngach aonad agus freagraí na gceachtanna sin tugtha ag deireadh an leabhair.
Ceist na seachtaine seo:

Cá bhfuil Gaelchultúr lonnaithe?
• Barra an Teampaill
• Plás Mhic Liam
• Faiche Stiabhna
• Sráid an Chláraigh

Seol freagraí agus ainm do scoil chuig duais@comhdhail.ie roimh meán lae, Déardaoin, 13 Mean Fómhair 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Deasún Ó Seanáin as Gaillimh a bhuaigh duais an eagráin seo caite.

© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ranganna Gaeilge ar fud na cruinne

Féile Ceoil Traidisiúnta An Tulach 2012

An Mód Náisiúnta Ríoga

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>