Bealaí éagsúla le léitheoirí nua a mhealladh i dtreo litríocht na Gaeilge a bheidh á bplé ag comhdháil léitheoireachta in Ionad Comhdhála Marino, Baile Átha Cliath ar an 21 agus 22 Meán Fómhair.
Tá an chomhdháil á reáchtáil ag Foras na Gaeilge le haghaidh a thabhairt ar staid reatha na litríochta Gaeilge agus go háirithe conas is féidir í a chur chun cinn. Tabharfar aird ar leith ar líon léitheoirí na litríochta Gaeilge agus is é sprioc na comhdhála ná bealaí a aimsiú leis an líon a mhéadú.
Beidh aoichainteoirí ag plé réimse leathan ábhar liteartha ag an deireadh seachtaine idir thionchar an ríomhleabhair, dháileadh agus margaíocht litríochta agus staid na foilsitheoireachta Béarla in Éirinn. Anuas air sin, beidh cainteanna ar thionchar na meán agus ar thábhacht clubanna leabhar.
Beidh Rachel Van Riel (Opening the Book sa Bhreatain) ag tabhairt eochairchaint na comhdhála, ‘cothú na léitheoireachta sa phobal’ ina bpléifidh sí na modhanna éagsúla a úsáideadh sa Bhreatain leis an léitheoireacht a chur chun cinn, ag díriú go háirithe ar thábhacht na leabharlann. Déanfar plé ar na cleachtais idirnáisiúnta maidir leis an léitheoireacht a spreagadh i measc an phobail, idir dhaoine fásta agus dhaoine óga, agus beidh ionadaí ón gCatalóin ag tabhairt cainte ar leabhair a aistriú ó mhionteangacha go mórtheangacha.
Is féidir clárú don chomhdháil anseo. Tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.gaeilge.ie/ForasNaGaeilge/projects_list.asp?id=190 nó seol ríomhphost chuig leabhar@forasnagaeilge.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 4 Meán Fómhair 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Deis oiliúna do scríbhneoirí Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge