Siar ó dheas ó Inbhirnis go dtí an Cuiltheann ar an Oileán Scgítheanách, agus soir ó dheas arís ó oileán Leódhas go dtí Bheinn Neibhis, rachaidh na filí ar cuairt filíochta fhadscríobach idir an 11- 16 Meán Fómhair.
Ina bhfochair beidh an píobaire Caoimhín Ó Fearghail agus an t-amhránaí sean-nóis Naisrín Elsafty.
Ó 1970, tá Turas na bhFilí/ Cuairt nan mBard á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus gach bliain tugann filí Albanacha aghaidh ar Éirinn san earrach agus téann a gcairde Éireannacha anonn san fhómhar.
Comhpháirtíocht idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Fèisean nan nGáidheal atá ann i mbliana agus táthar ag súil go mbeidh cuairt thairbheach bhisiúil thaitneamhach ann arís.
“Féile phobalbhunaithe is ea Turas na bhFilí agus tugann sé deis do mhuintir na hAlban blaiseadh a fháil ar chultúr na hÉireann agus ar na healaíona traidisiúnta dúchasacha”, a deir Niamh Ní Shúilleabháin, Bainisteoir Cumarsáide Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
“Ó tharla go mbeidh an fhéile chultúrtha Blas faoi lán seoil i ngarbhchríocha na hAlban an tseachtain dar tús 11 Meán Fómhair, tá sé tráthúil go mbeidh imeachtaí an turais ar siúl i gcomhthráth leis an bhféile”, a deir sí.
“Ciallaíonn sé sin go dtabharfar cuairt ar áiteanna éagsúla mar an Oileán Leódhas, áit a bhfuil Gaeilge na hAlban fós á labhairt go laethúil ach tabharfar cuairt chomh maith ar dhúichí eile ar an mórthír ina bhfuil deireadh ag teacht le ré na gcainteoirí dúchasacha”, a deir sí.
Beidh na filí, ceoltóirí agus amhránaithe ag glacadh páirte in imeachtaí cultúrtha in Inbhirnis; Sabhal Mòr Ostaig ar an Oileán Scgítheanach: Clan MacQuarrie Centre, Leódhas; Céilí Place, Ullapool agus sa Roy Bridge Memorial Hall gar don Gharsadan.
Ar na filí agus ceoltóirí a bheidh ag glacadh páirte sa turas i mbliana beidh:
Bríd Ní Mhóráin: Rugadh Bríd Ní Mhóráin in Áth Trasna i dtuaisceart Chontae Chorcaí ach tá sí ag cur fúithi i gCorca Dhuibhne le fada an lá. Tá ceithre chnuasach filíochta foilsithe aici agus duaiseanna Oireachtais agus duais filíochta Bhéal Átha na mBuillí buaite aici.
Ciarán Ó Coigligh: Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas don Ollamh Ciarán Ó Coigligh. Tá naoi gcnuasach filíochta foilsithe aige agus is saineolaí é ar ghramadach agus ar chanúintí na Gaeilge.
Caoimhín Ó Fearghail: Tá ainm Chaoimhín in airde na laethanta seo ó bronnadh gradam TG4 Ceoltóir óg na mbliana 2012 air. Fear Gaeltachta ó Rinn ó gCuanach i bPort Láirge is ea an píobaire agus tá sé ag tabhairt faoi Chéim Mháistreachta sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoi láthair.
Naisrín Elsafty: Is as Bearna i gContae na Gaillimhe an Dr Naisrín Elsafty. Tá Naisrín ag casadh amhráin ar an sean-nós ó bhí sí ceithre bliana d’aois agus tá gradaim amhránaíochta buaite aici ag na féilte ceoil is mó in Éirinn.
“D’éirigh thar barr leis an gcéad chuid den chuairt ar Cheatharlach agus ar Rinn ó gCuanach i mbliana”, a deir Niamh. “Táimid thar a bheith bhuíoch do phobal na Gaeilge a thacaigh leis agus do mhaoinitheoirí na féile; Foras na Gaeilge, Colmcille agus Culture Ireland chomh maith”
© Foilsithe ar Gaelport.com 4 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Lucht léitheoireachta agus litríochta na Gaeilge
Ranganna Breatnaise i mBéal Feirste
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #turasnabhfilí2012