Cainteoir líofa is ea an tArd-Mhéara agus bronnadh fáinne óir ar an bpolaiteoir tar éis na hócáide. Tá Naoise ina bhall d’Fhine Gael agus tháinig sé i gcomharba ar Andrew Montague ó Pháirtí an Lucht Oibre.
Labhair an tArd-Mhéara le Gaelport.com faoi stádas na Gaeilge san ardchathair agus forbairt na cathrach mar chathair dhátheangach.
Chomh maith leis sin, labhair sé faoina bhfuil beartaithe aige don Ghaeilge a chur chun cinn i dTeach an Ard-Mhéara ar Shráid Dhásain i gceartlár na cathrach. Tá an t-agallamh ar fad le cloisteáil thíos.
Ar tháinig athrú ar bith ar stádas nó labhairt na Gaeilge san ardchathair le tamall anuas? Cad iad na forbairtí atá ag teastáil le go mbainfear amach stádas dátheangach sa chathair? Nocht do thuairim sa bhfóram plé thíos.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 4 Meán Fomhair 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #ardmhéara